Scipeáil chuig ábhar

AN TRÉIMHSE GHEOIMÉADRACH CHIPIREACH 1050 – 750 R.CH.

Bowl of bichrome II ware, bowl of bichrome III ware and bowl of white painted III ware, Cyprus, 1933:32, 1888:286, 1903:287
I gcomparáid le rachmas na Cré-Umhaoise Déanaí, chonacthas moilliú ar fhorbairt na teicneolaíochta agus caillteanas litearthacha sa chuid luath den tréimhse Gheoiméadrach Chipireach. D’fhéadfaí é sin a chur síos le brath in oirthear na Meánmhara an tráth sin. Tar éis tréimhse de aistrithe daonra ar an oileán, roinneadh an Chipir in uimhir áirithe cathair-ríochtaí neamhspleácha.

In ainneoin an neamhsheasmhacht pholaitiúil, bhí ról tábhachtach idir-réigiúnach ag an gCipir riamh. Forbraíodh teicneolaíocht do oibriú iarainn agus is dócha gurb í faoi ndear leathadh na teicneolaíochta seo go dtí an tAeigéach.

Is é is dóichí ná go bhfuarthas formhór na ndéantán atá ar taispeáint anseo i dtuamaí. Is eol dúinn go raibh tuamaí seomra den gcineál Micéanach agus tuamaí dúchasacha Cipireacha a gearradh as an gcarraig ar marthain sa tréimhse seo.

Tugann na cineálacha potaireachta léargas dúinn chomh maith ar an meascán de thraidisiúin chultúrtha a bhí ar marthain ar an oiléan an tráth sin. Tá gnéithe de stíleanna

Dúchasacha na Cipire, an Mhicéanae agus na Palaistíne Siriaigh le sonrú. Is as ceirmeacht dhúchasach agus allmhairithe na Cré-Umhaoise Déanaí a fáisceadh cré-earraí bána péinteáilte. Bhí cruthanna soithí mar bhabhlaí doimhne a shíolraigh ón tréimhse Micéanach coitianta go leor sa chéad chuid den tréimhse seo, ach léiríonn cruthanna mar fhleasca bairille tionchar na potaireachta Palaistíne Siriaigh.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions