Scipeáil chuig ábhar

AN TRÉIMHSE HEILLÉANAÍOCH AGUS AN TRÉIMHSE RÓMHÁNACH 310 R.CH. - 330 AD

Tubular unguentarium, three candlestick unguentaria and beaker, Cyprus, unregistered.
Tar éis dhá chéad bliain de riail na Peirse, nó geall leis, chuaigh Alastar Mór i gceannas ar an gCipir in 333 R.CH.. Sa dá chéad bliain ina dhiaidh sin, cuireadh deireadh leis na ríochtaí neamhspleácha agus bhí an Chipir arna rialú ó Alexandria trí oifigigh a chónaigh in Salamis agus níos déanaí i Paphos. Na déantáin ón tréimhse sin, dála na bhfáinní cluaise atá ar taispeáint, is cineálacha déantan Heilléanaíoch iad a bhí coitianta san Éigipt agus san Áis Iartharach.

I ngeall ar a shuíomh straitéiseach agus a shaibhreas, chuir an Rómhánaigh spéis sa Chipir riamh anall. Cé gur nasc-ghabhadh é in 58 R.CH., níor rinneadh proibhinse ceart Rómhánach den Chipir go dtí 30 R.CH.. Bhí Paphos fós ina phríomhchathair ar an oileán agus is ann a bhí cónaí ar ghobharnóir an oileáin.

Tá tionchar stíleanna de chuid Impireacht oirthearach na Róimhe le sonrú go láidir ar na déantáin a tháinig slán ón tréimhse sin. Is minic a fhaightear potaireacht sainiúil Rómhánach, soithigh gloine agus lampaí ola terracotta.

Is éard a bhí i gceist sa chineál táirgeadh gloine ba thúisce a fheictear sna amphoriskos gloine ná croíleacán cré nó gainnimh a thumadh i ngloine leáite. Is minic a dhéanadh na cruthanna seo aithris ar dhéantáin cheirmeacha. D’úsáidtí soithigh ghloine le muineál fada i gcomhthéacsanna sochraide mar choimeádán do chumhra nó ungadh. Faightear iad seo chomh maith sa tSiria, sa Phalaistín agus san Éigipt. Tugann an ‘coinnleoir’ deis smacht a choiméad ar an méid leachta a dhoirtear. D’allmhairítí lampaí ola sa tréimhse seo ach bhí siad á ndéanamh sa cheantar chomh maith.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions