AN TRÉIMHSE ÁRSA CHIPIREACH AGUS AN TRÉIMHSE CHLASAICEACH CHIPIREACH 1 750 – 310 R.CH.
Lena chois sin, tá tionchar na gcultúr iasachta le sonrú ar na stíleanna eagsúla potaireachta. Tugadh potaireacht déchróim, ar a gcuirtí maisiú péinteáilte de dhubh agus dearg, isteach sa Chipir ón Neas Oirthear agus bhí an-tóir uirthi lena linn sin. Bhí crúscaí fíona Féiníceacha coitianta chomh maith, agus ba mhinic a fuarthas inspreagadh ó photaireacht a allmhairíodh ón nGréig.
Chuathas le moitífeanna ciorlacha agus maisiú bláfar mar fhorbairt ar an maisiú dronlíneach a fheictear ar mhíreanna níos luaithe. Ba mhinic maisiú fíortha á phéinteáil ar an bpotaireacht agus tá stíleanna réigiúnacha aitheanta againn a thaispeánann an cineál maisithe seo. Tá stíl réigiún an Amathus le feiceáil anseo ar líon míreanna lena n-áirítear sampla breá de chrúiscín beag i gcré bhán a péinteáladh le héin uisce ar eitleog.