Scipeáil chuig ábhar

AN TRÉIMHSE ÁRSA CHIPIREACH AGUS AN TRÉIMHSE CHLASAICEACH CHIPIREACH 2 750 – 310 R.C.H.

Figures, two horses and riders, Cyprus, 1903:346, 1903:347
Táirgeadh deilbhíní terracotta i mórchodanna le linn na tréimhse Ársa Cipirigh. Fágadh iad mar ofráileacha ag scrínte, go minic mar gheall ar chultais ar leith. Cuireadh roinnt díobh i dtuamaí chomh maith.

Is le láimh a rinneadh cuid de na deilbhíní atá ar taispeáint anseo, mar an capall agus an marcach, agus rinneadh roinnt eile leath ar roth, leath le láimh. Eiseamláirí de fhíoracha múnlaithe nó plaiceanna is ea na fíoracha de Astarte nó den ‘bhandia nocht’. Tugadh teicníc agus foirm na bhfíoracha seo isteach ón gcósta Palaistíneach Shiriach, agus déanann siad aithris den chuid is mó ar chineálacha oirthearacha.

Cuid de na déithe agus bandéithe Féiníceacha agus Éigipteacha a tugadh isteach ag an am seo, comhshamhlaíodh iad leis na déithe Gréigeacha. Comhshamhlaíodh Astarte, an bandia Féiníceach, le hAfradáité. D’fhéadfadh sé go raibh baint ag deilbhíní a léirigh ceoltóirí, mar an seinnteoir tambóirín, leis an gcultas Afradáité-Astarte.

Aithníodh ocht gceardlann difriúla ar a laghad sa Chipir a bhí bainteach le déanamh deilbhíní. Tá samplaí de dheilbhíní ó cheardlanna ag Lapithos, Kition agus Amathus le feiscint i mbailiúchán an Ard-Mhúsaeim.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions