Scipeáil chuig ábhar

Bunscoileanna

Bailíonn páistí timpeall ar an éascaitheoir a bhfuil blaosc ina láimh aici

Spreag samhlaíocht do scoláirí, déan an fhoghlaim spraíúil, agus faigh amach cad is féidir le do rang a fhoghlaim ón Músaem.

Tá ár gceardlanna, seisiúin fhíorúla, ngníomhaíochtaí agus n-acmhainní:

  • Nasctha leis an gcuraclam náisiúnta do Bhunscoileanna
  • Deartha ag ár bhFoireann Oideachais a bhfuil taithí aici agus cruthaithe chun chabhrú le do scoláirí a gcuid eolais a leathnú, tuiscint níos doimhne a fháil, agus scileanna nua a fhorbairt
  • Cruthaithe do mhúinteoirí agus do scoláirí chun páirt a ghlacadh i mbailiúcháin leathana Ard-Mhúsaem na hÉireann
  • Tá gach acmhainn, gníomhaíocht agus seisiún saor in aisce

Lig don Mhúsaem agus a bhailiúcháin samhlaíocht do scoláirí a spreagadh

Tá saothair nua á bhforbairt againn i gcónaí le haghaidh rannpháirtíochta lenár nOideoirí Músaeim. Déanfar uasdátú ar na leathanaigh sin go rialta le níos mó roghanna agus eolais do scoláirí agus do mhúinteoirí de réir mar a bheidh siad ar fáil le linn na scoilbhliana.

Bain úsáid as ár n-Acmhainní Foghlama Oideachais ar líne chun féach thart go fíorúil ar bhailiúchán an Mhúsaeim

Roghnaigh ábhar thíos chun gníomhaíochtaí agus acmhainní sa seomra ranga a fháil amach d’fhonn an Músaem a thabhairt do do scoláirí nó féach ar ár seisiúin fhíorúla chun dul i dteagmháil le ceann dár nOideoirí Oideachais.

Tá seisiúin fhíorúla nua agus acmhainní múinteora breise do scoileanna á bhforbairt againn. Déanfar uasdátú ar na leathanaigh sin go rialta le níos mó acmhainní, gníomhaíochtaí, seisiún fíorúil agus eolais do scoláirí agus do mhúinteoirí de réir mar a bheidh siad ar fáil.

Le haghaidh tuilleadh eolais

Chun ceist a chur faoi sheisiún fíorúil a chur in áirithint, comhlánaigh an fhoirm fiosrúcháin seo, le do thoil. Má tá aon cheist sa bhreis agat faoi aon cheann d’acmhainní na Roinne oideachais, déan teagmháil lenár n-Oifig na nÁirithintí ag bookings@museum.ie.

Déan seiceáil ar an suíomh ghréasáin le haghaidh eolais uasdátaithe ar uaireanta oscailte an Mhúsaeim, le do thoil. 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Stair an Dúlra

Stair an Dúlra,
Sráid Mhuirfean,
Baile Átha Cliath 2,
+353 1 677 7444

D02 F627