Cad iad na cnámha iontaise a thángthas orthu in uaimh Éireannach breis agus céad bliain ó shin? Cad iad na rúin a bhaineann leis an am atá thart agus an am i láthair ata sna bailiúcháin agus cén fáth a bhfuil tábhacht leo don todhchaí? Foghlaim faoi scéalta an Zú Mhairbh le linn seisiún beo fíorúil, a stiúrfaidh Oideachasóir Músaeim, a sruthófar díreach chuig do sheomra ranga.
Sracfhéachaint ar an seisiúin fíorúil
Leibhéal: Rang 3 go Rang 6
Fad: 45 nóim – 1 uair an chloig
Áiteanna ar fáil: Rang amháin in aghaidh an tseisiúin
Ar Fáil: Le linn Sheachtain na Gaeilge ar an 4, 5, 11 agus 14 Márta agus dátaí áirithe eile i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin. Déan áirithint anois!
Amanna: 10r.n. & 11.30r.n.
Áit a Chur in Áirithe: Chun fiosrú a dhéanamh faoin seisiún éascaithe ar líne saor in aisce seo do do rang, comhlánaigh an fhoirm fiosrúcháin seo.
Cur Síos: Cuirtear gearrfhíseáin d’ainmhithe díothaithe an mhúsaem le chéile le réamhrá a chuirtear i láthair beo, scéalaíocht, C&F, agus iniúchadh gar-amhairc fíorúil ar bhailiúcháin láimhseála oideachais lena n-áirítear iontaisí, fionnadh agus cnámha!
Tabhair do d’aire:
-
Éascófar an seisiún seo ar Microsoft Teams agus féadfar an feidhmchlár nó aon bhrabhsálaí gréasáin a úsáid chun páirt a ghlacadh sa seisiún.
-
Tá an cheardlann seo deartha le bheith á reáchtáil ó na sheomraí ranga agus ní fhéadfar é a chur in áirithe do dhaltaí atá ag foghlaim ón mbaile faoi láthair.
-
Fanfaidh an múinteoir sa seomra le linn na ceardlainne.
Naisc leis an gcuraclam
Eolaíocht OSIE
Fiosrú agus tástáil
Faisnéis agus sonraí a bhailiú ó fhoinsí éagsúla
Neacha beo
Saol an duine; Beatha plandaí agus ainmhithe
Feasacht agus cúram timpeallachta
Feasacht timpeallachta; Eolaíocht agus an timpeallacht; Ag tabhairt aire don timpeallacht
Stair OSIE
Saol, sochaí, obair agus cultúr san am a chuaigh thart
Teanga agus cultúr in Éirinn ag deireadh an 19ú haois agus ag tús an 20ú haois
Torthaí foghlama
Torthaí foghlama do dhaltaí:
Tar éis an tseisiúin bheo seo, ba cheart do dhaltaí a bheith in ann:
-
Cur síos a dhéanamh ar cad is brí le “díothaithe” agus samplaí a thabhairt d’ainmhithe díothaithe a mhaireadh in Éirinn.
-
Cur síos a dhéanamh ar an bhfianaise maidir le díothú laistigh de bhailiúcháin an mhúsaem agus fiosrú a dhéanamh ar bhailiúcháin láimhseála d’iontaisí, fionnadh agus cnámha atá fíor agus macasamhlach.
-
Tuiscint a fhorbairt ar ról an Mhúsaem mar ionad um thaighde eolaíoch sa lá atá inniu ann agus san am a chuaigh thart.
-
Feasacht timpeallacht agus aire a thabhairt d’ainmhithe a phlé agus foghlaim faoin dóigh ina bhfuil eolaithe ag tabhairt isteach nó ag cur ainmhithe ar ais i dtimpeallacht na hÉireann.
Acmhainní agus moltaí:
Acmhainní Físeáin: Cad is brí le “Díothaithe”? (1 nóim 07 soic); Fia Mór na mBeann (1 nóim 39 soic); Hiéana (1 nóim 17 soic); Faolchú (3 nóim 27 soic). Iomlán: 7 nóim 42 soic. Tá nasc thíos.
Roimh do sheisiún
A mhúinteoir, féach ar na gearrfhíseáin a bhaineann leis an gcuraclama thaispeánfar do do rang le linn an tseisiúin fhíorúil roimh ré.
Ullmhaigh an rang don seisiún fíorúil. Tabhair barúil do na daltaí ar cad a bheidh siad ag súil lena fheiceáil nó déan plé ar an Músaem roimh an seisiún.
Smaoinigh ar thuras fíorúil 3T d’Ard-Mhúsaem na hÉireann - Stair an Dúlra a dhéanamh sa seomra ranga le do dhaltaí.
Fiosrú a dhéanamh
Chun fiosrú a dhéanamh faoin seisiún éascaithe ar líne saor in aisce seo do do rang, comhlánaigh an fhoirm fiosrúcháin seo.
Tar éis do sheisiúin fhíorúil
-
Tar éis an tseisiúin, seolfar roinnt mhaith gníomhaíochtaí spraíúla foghlama chuig múinteoirí tríd an ríomhphost a d’fhéadfadh na daltaí a dhéanamh sa seomra ranga.