Spreag samhlaíocht do scoláirí, déan an fhoghlaim spraíúil, agus faigh amach cad is féidir le do rang a fhoghlaim ón Músaem.
Tá ár gceardlanna, seisiúin fhíorúla, ngníomhaíochtaí agus n-acmhainní:
- Nasctha leis an gcuraclam náisiúnta do Bhunscoileanna
- Deartha ag ár bhFoireann Oideachais a bhfuil taithí aici agus cruthaithe chun chabhrú le do scoláirí a gcuid eolais a leathnú, tuiscint níos doimhne a fháil, agus scileanna nua a fhorbairt
- Cruthaithe do mhúinteoirí agus do scoláirí chun páirt a ghlacadh i mbailiúcháin leathana Ard-Mhúsaem na hÉireann
- Tá gach acmhainn, gníomhaíocht agus seisiún saor in aisce
Lig don Mhúsaem agus a bhailiúcháin samhlaíocht do scoláirí a spreagadh
Tá saothair nua á bhforbairt againn i gcónaí le haghaidh rannpháirtíochta lenár nOideoirí Músaeim. Déanfar uasdátú ar na leathanaigh sin go rialta le níos mó roghanna agus eolais do scoláirí agus do mhúinteoirí de réir mar a bheidh siad ar fáil le linn na scoilbhliana.
Bain úsáid as ár n-Acmhainní Foghlama Oideachais ar líne chun féach thart go fíorúil ar bhailiúchán an Mhúsaeim
Roghnaigh ábhar thíos chun gníomhaíochtaí agus acmhainní sa seomra ranga a fháil amach d’fhonn an Músaem a thabhairt do do scoláirí nó féach ar ár seisiúin fhíorúla chun dul i dteagmháil le ceann dár nOideoirí Oideachais.
Tá seisiúin fhíorúla nua agus acmhainní múinteora breise do scoileanna á bhforbairt againn. Déanfar uasdátú ar na leathanaigh sin go rialta le níos mó acmhainní, gníomhaíochtaí, seisiún fíorúil agus eolais do scoláirí agus do mhúinteoirí de réir mar a bheidh siad ar fáil.
Le haghaidh tuilleadh eolais
Chun ceist a chur faoi sheisiún fíorúil a chur in áirithint, comhlánaigh an fhoirm fiosrúcháin seo, le do thoil. Má tá aon cheist sa bhreis agat faoi aon cheann d’acmhainní na Roinne oideachais, déan teagmháil lenár n-Oifig na nÁirithintí ag bookings@museum.ie.
Déan seiceáil ar an suíomh ghréasáin le haghaidh eolais uasdátaithe ar uaireanta oscailte an Mhúsaeim, le do thoil.