Scipeáil chuig ábhar

3 Deireadh Fómhair 2024 - 8 Márta 2025

Mary Anne Fanning: Ag cuimhneamh ar ár gCnáimhseacha Pobail

Saorchead Isteach

Midwifery bag c 1900 with contents shown. Mary Anne Fanning Collection

Tabhair cuairt ar thaispeántas sealadach nua (ar oscailt 3 Deireadh Fómhair 2024 dó) a fhiosraíonn saol Mary Anne Fanning, Cnáimhseach agus Altra Ceantair ó 1880 go 1964.

D’oibrigh Mary Anne mar Chnáimhseach agus Altra Ceantair i gCo. Chiarraí agus ansin i mBaile Gháire, Co. Bhaile Átha Cliath, ar feadh a saoil gairme a mhair 48 bliain.

Feictear leis an taispeántas seo le béim a chur agus ceiliúradh a dhéanamh, trí scéal Mary Anne, ar an méid a chuireann cnáimhseacha an phobail le cúram máithreachais, gan a fhios don saol go hiondúil, in Éirinn go luath san 20ú haois.

Faigh amach an cineál saoil a bhí ag cnáimhseach tuaithe trí dhéantáin phearsanta Mary Anne, scéalta teaghlaigh, taifeadtaí fuaime agus taighde an phobail, agus taitneamh á bhaint as filíocht agus saothar ealaíne a cruthaíodh ina cuimhne. Tugtar cuireadh freisin do chuairteoirí a gcuid cuimhní cinn féin a roinnt inár Leabhar Cuimhne do Chnáimhseacha.

Foghlaim tuilleadh faoi ról na gcnáimhseach pobail a chothaigh saol na máithreacha agus na leanaí agus iad ag breith sa bhaile, go minic faoi dhroch-choinníollacha damanta.

Ó mhála na cnáimhsí go doiciméid agus litreacha a thugann léargas ar shaothar Mary Anne le linn na tréimhse seo, faigh amach taispeántas maidir le gairm bheatha mná amháin agus ról an chúraim máithreachais de réir mar a d’fhorbair sé i Stát na hÉireann a bhí ag teacht chun cinn.

Is tionscadal de chuid Ghréasáin Cartlainne Pobail na hÉireann (iCAN) é an taispeántas seo, a ndearna Emma Laffey taighde air agus atá coimeádta aici, Grúpa Oidhreachta na Sceachánaí agus Ceantar na Sceachánaí, Contae na Gaillimhe, le tacaíocht ó chomhchoimeádaithe an Dr Éimear O’Connor, Stiúrthóir Bailiúchán & Rochtana, Ard-Mhúsaem na hÉireann, agus Lorna Elms, Oifigeach Forbartha iCAN.

Tugann iCAN tacaíocht do ghrúpaí deonacha chun stair agus oidhreacht a bpobal a bhailiú, a thaifead agus a roinnt ar líne. Is tionscnamh d’Ard-Mhúsaem na hÉireann é iCAN agus cuirtear ar fáil é i comhar leis an gComhairle Oidhreachta agus Oifigigh Rannpháirteacha Oidhreachta na nÚdaráis Áitiúil.

Clár poiblí

Caint: Saol ó Mhála Cnáimhsí
Dé Sathairn 19 Deireadh Fómhair 2024 | 2pm - 3.30pm
Bígí i dteannta le Emma Laffey le haghaidh cainte speisialta faoina taighde ar chnáimhseacha pobail agus an chaoi a bhfuil an taispeántas seo ann in Ard-Mhúsaem na hÉireann dá bharr.


Caint: Altranas agus Cnáimhseachas in Aontais Dhlí na mBocht
Dé Domhnaigh 17 Samhain 2024 | 2pm - 3pm
Scrúdaíonn Lisa McGeeney an chaoi ar léiríodh gairmiúlacht agus forbairt an altranais agus an chnáimhseachais in aontais dhlí na mbocht idir 1882 agus 1922. 


Léiriú: Lása Eiteáin agus Cróise
Dé hAoine 6 Nollaig 2024 | 11am - 2pm  
Bígí le baill de Thionscadal Lása Áth Cinn chun tuilleadh a fhoghlaim faoi lása, a bhí le feiceáil go minic i mbaill éadaigh leanaí amhail an gúna baisteadh a bhí ar taispeáint sa taispeántas seo.


Ceardlann: Cruthaigh Gligín Luachra
Dé hAoine 7 Feabhra 2025 | 2pm - 4pm
Sna laethanta a chuaigh thart, baineadh úsáid as gligíní a cruthaíodh as acmhainní nádúrtha amhail luachair chun siamsaíocht a thabhairt do leanaí. Bígí i dteannta leis an Oideoir Tom Doyle le fáil amach conas do ghligín luachra féin a chruthú. 


Ceardlann: Taighde a dhéanamh ar do Shinsir Chnáimhseacha
Dé Sathairn 8 Feabhra 2025 | 12 meán lae - 1pm
Bígí i dteannta le Grúpa Ginealais Mhaigh Eo chun teacht ar do shinsir chnáimhseacha ina dtugtar leideanna agus teicnící chun na taifid phoiblí sin atá inrochtana ar líne a nascleanúint.


Caint: Cnáimhseachas agus Cultúr an Lucht Siúil
Dé Sathairn 22 Feabhra 2025 | 2pm - 3pm
Bígí i dteannta le hOein DeBhairdúin, Oifigeach Bhailiúcháin Chultúir an Lucht Siúil ag Ard-Mhúsaem na hÉireann agus plé á dhéanamh aige ar thraidisiúin agus nósanna cnáimhseachais trí réada, trí thaifeadtaí agus trí bhéaloideas.


Lá Idirnáisiúnta na mBan: Cnáimhseachas inár bPobail
Dé Sathairn 8 Márta 2025 | | 2pm - 4pm
Bígí i dteannta le grúpaí éagsúla iCAN agus iad ag roinnt taighde faoi chnáimhseachas óna gceantair.
 
 

Suíomh:


Mary Anne Fanning: Ag cuimhneamh ar ár gCnáimhseacha Pobail suite ag:
Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo
F23 HY31


Faigh amach an cineál saoil a bhí ag cnáimhseach tuaithe go luath san 20ú haois trí dhéantáin phearsanta, scéalta teaghlaigh, taifeadtaí fuaime agus taighde an phobail.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Saol na Tuaithe

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755