Explore exciting exhibitions and unmissable artefacts.
Féach ar thaispeántais spreagúla agus déantáin iontacha.
In Ard-Mhúsaem na Éireann - Seandálaíocht, Sráid Chill Dara, feicfidh tú déantáin a thagann ó 7000BC go dtí an 20ú hAois at taispeáint i seacht gailearaí.
Tá an spás taispeántais Seodlann athoscailte i ndiaidh athchóirithe mór agus is féidir leat déantáin tábhachtacha a fheiceáil amhail Cailís Ardach, Dealg na Teamhrach agus Taisce Dhoire na bhFlann, móide taispeántas Shaltair an Fheadáin Mhóir.
Déan cinnte go dtugann tú cuairt ar an taispeántas Ríogacht agus Íobairt ina bhfuil corpain portaigh a fuarthas le déanaí.
Ta an taispeántas 'Ór – Ór na hÉireann' ar cheann de na bailiúcháin óir is mó agus is tábhachtaí san Eoraip.
Ar taispeáint sa taispeántas fíorshuimiúil An Éigipt Ársa tá cás 'cartonnage' óraithe agus péinteáilte den mhumaí Tentdinebu chomh maith le líon stelae, troscán tuama, boird ofrála, seodra agus trealamh tí ann freisin.
Rud nach féidir a chailliúint is ea an taispeántas Éire na Lochlannach. I lár an taispeántais seo tá torthaí thochailtí an Ard-Mhúsaeim i mBaile Átha Cliath, a rinneadh idir 1962 agus 1981.
10 Réada Den Scoth ó Chluain Tarbh 1014
Aimsigh na scéalta taobh thiar sen na deich réad seandálaíochta uathúil seo ón taispeántas Cluain Tarbh 1014.
Cailís Ardach
Baineadh úsáid an gcailís airgid seo, a aimsíodh ar dtús ag an Riaráiste, Ardach. Co. Luimní chun an fíon Eocairisteach a dháileadh amach le linn an Aifrinn.
Tarraing sa Mhúsaem
Is foinse inspioráide iontach d'ealaíontóirí agus do dhearthóirí é ár suíomh ag Sráid Chill Dara.
Léigh téacs Shaltair an Fheadáin Mhóir
Cuir bunleaganacha Laidine de shailm i gcomparáid lena n-aistriúcháin