Scipeáil chuig ábhar

10 Réada Den Scoth ó Chluain Tarbh 1014

Aimsigh na scéalta taobh thiar sen na deich réad seandálaíochta uathúil seo ón taispeántas Cluain Tarbh 1014.

1. Claíomh Bheannchair

Fuair tumadóirí an claíomh Lochlannach seo in abhainn na Sionainne in aice le Beannchor, Co. Uibh Fhailí i 2012.. Léirigh obair chaomhnaithe go bhfuil iontlais airgid ar an sainchorr, inscríbhinn ar an lann, agus go maireann tréithe i bhfad níos teirce fós, lena n-áirítear iarsmaí de thruaillí agus ceangail ar an lámh.

2. Claíomh Loch Deirgeirt

Fuarthas an claíomh seo ó Loch Deirgeirt in aice le Curach Mór, Co. Thiobraid Árann i 1988, agus tagann sé ó lár cheantar Bhriain Bóramha. Cé go mbaineann sé le ré beagáinín níos déánaí ná ré Bhriain, is sampla an-mhaith é Claíomh Loch Deirgeirt de chlaíomh ón 11ú aois. Tá sé déanta d'iarann agus maisithe le nialló airgid agus cóimhiotal copair.

3. Fáinne Muiníl Airgid Luimnigh

Fuarthas an fáinne muiníl airgid seo le críocha bíseacha i Luimneach. Is cineál sách neamhchoitianta é an Fáinne Muiníl Airgid seo ó thaobh na hÉireann de, tá sé i bhfad níos coitianta sa cheantar níos leithne de Mhuir Éireann.

4. Cumhdach Leabhar Aifrinn Stowe

Tagann Cumhdach Leabhar Aifrinn Stowe don chuid is mó ó lár na 11ú haoise agus creidtear go mbíodh leabhar Aifrinn laidine ón ochtú haois ann. Taispeánann an íomhá ó thaobh an chumhdaigh gaiscíoch le claíomh de chineál Lochlannach, agus ainmhí ar an taobh eile.. Cláraíonn inscríbhinn luath ar an gcumhdach ainm Dhonnchadh, mac le Brian, ar a dtugtar RIG HEREND ‘rí na hÉirean’. Tugann obair a rinneadh le déanaí le fios gur rinneadh an inscríbhinn idir 1026 agus 1033. Léiríonn sé sin mianta Dhonnchadh é féin a mheas mar ard-rí na hÉireann, mar a rinne a athair, Brian.

5. Blogh Scríne Liath Mór

Ceann den líon fío-bheag de nithe is féidir a nascadh go díreach le Brian Bóramha is ea an blogh inscríofa seo ó scrín nó cumhdach, a fuarthas ag an suíomh mainistreach luath ag Liath mór, Co. Thiobraid Árann. Tá an inscríbhinn i nGaeilge, inleagtha le litreoireacht airgid agus neamhiomlán, ach as an méid atá fágtha léann sí: [M]AC CENEDIC DO RIG ER[INN]. An rud a bhí ann ar dtús ná iarratas “Do phaidir do ..... mac Cennétig, do Rí na hÉireann”. An t-aon tagairt a d'fhéadfadh a bheith anseo ná do Bhrian Bóramha mar ardrí, agus seans go raibh sé ina phátrún den scrín.

6. Reanna saighde a tochlaíodh i mBaile Átha Cliath

Tagann an rogha seo de reanna saighde ó thochailtí a rinne Ard-Mhúsaem na hÉireann ag suíomhanna éagsúla de Bhaile Átha Cliath na Lochlannach. Bhíodh reanna saighde ar nós na cinn seo in úsáid ag fórsaí Sitric ag Cath Chluain Tarbh.

7. Cinn Sleá Iarainn

Bheadh sleánna & sleánna móra (amhail na cinn a thaispeántar anseo) in úsáid ag na laochra uile, a bheag nó a mhór, ag Cath Chluain Tarbh do throid lámh le lámh agus sleánna níos lú le caitheamh ag tús an chatha.

8. Dealg Chill Dalua

Tá an dealg airgid neasfháinneach seo bunaiteh ar chruth traidisiúnta Gaelach, a glacadh ag na Lochlannaigh ar ball agus a ndeachaigh said i gcion air. Tagann an sampla seo, cé go bhfuil sé níos luaithe ná Brian Bóramha, as Cill Dalua, Co. an Chláir, láthair de phríomháit chónaithe Bhrian Bóramha.

9. Slabhra Sclábha

Fuarthas an slabhra agus mhuince iarainn seo i gcanú scaobtha in aice le crannóg i Loch Ard an Choillín, Co. Ros Comáin i lár na 19ú haois. Bhíodh an sclábhaíocht ann i bhformhór de shochaithe na meánaoise luath, Éire san áireamh. I mBaile Átha Cliath, áfach, b'fhiontar tráchtála an-rathúil ar fad é.

10. Tuanna na Coiribe

Fuarthas na tuanna seo le chéile i 2013 i mbád ar Loch Coiribe, agus tagann siad ón 11ú haois nó ón 12ú haois luath. Níl aon amhras ach gur bhain na tuanna clasaiceacha‘Lochlannacha‘ seo le laochra Éireannacha, a thaispeánann cé chomh forleathan is ar ghlac na hÉireannaigh leo. Is é is dóichí ná go raibh hanla fada ag an tua is mó le húsáid le dhá lámh. Rinneadh na trí hanla ar fad a shnoí ó adhmad silín (prunus).

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Seandálaíocht

Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 F627

+353 1 677 7444