Scipeáil chuig ábhar

F: 2006.113

Sráidbhaile an Churraigh, Cuan Aird Mhór, Contae Phort Láirge. Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta na hÉireann.

Co. Phort Láirge, an Currach - Plean, aghaidhchló, cuid an tí, agus líníochtaí de throscán, earraí potaireachta, gloine agus trealamh teallaigh.

John Cumming, Patrick Hamilton, agus Robin Walker a thomhais. Robin Walker a tharraing, 1945. Clár uiscedhatha, dúch priontála dubh. Airde 706mm, Leithead 493mm.

Ba shráidbhaile Gaeltachta é an Currach mar a raibh an daonra ag titim aimsir na suirbhéireachta. Ba é seo teach mhuintir Uí Riain. Tá roinnt suíocháin dhifriúla ar fáil sa teach: dhá stól ar a dtugtaí stóilíní tríchosacha, cathaoir shiúinéara agus leaba shuíocháin. Thaifeadadh na suirbhéirí go leor de throscán agus sonraí feistithe an tí chomh maith le gloine Phort Láirge agus crúiscíní potaireachta Chorcaí a dhéantaí go háitiúil. Thugtaí leapacha cairr anseo ar dhá leaba atá clúdaithe le háirse araon agus b’éadaí leapa de stíl ní ba shine iad aimsir na suirbhéireachta. Chruthaíodh leapacha clúdaithe miocraeráid agus choinnídís an té a bhíodh ina c(h)odladh tirim ó bháisteach ar bith a thiteadh tríd an tuí.

Rinne John Cumming, Patrick Hamilton agus Robin Walker (a d’oibríodh d’Ailtirí Scott, Tallon agus Walker ní ba dhéanaí), suirbhéireacht ar na 38 teach i sráidbhaile an Churraigh, Co. Phort Láirge i samhradh na bliana 1943 nuair ba mic léinn ailtireachta de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath iad.
 
Meascán de thithe aon seomra, dhá sheomra agus trí sheomra ba ea tithe an Churraigh aimsir na suirbhéireachta. Thógtaí iad le cloch agus cré bhuí, chuirtí aoldath ar an taobh amuigh i gcás fhormhór na dtithe.
Dar le tuairisc le Robin Walker ar an Irish Times ar an 9 Iúil 1943, fuair na suirbhéirí ‘dea-shamplaí de dhrisiúir shnoite agus de leapacha suíocháin ó thús an naoú haois déag, a bhí saibhir ó thaobh maisiú clasaiceach de’. Bhí piliúir shnoite ar na drisiúir ar an taobh ar cuireadh coirnisí ar a mullach, agus a maisíodh le painéaladh ar an gcuid íochtair. Thug na suirbhéirí suntas freisin do leapacha téastair den tseanstíl, ar a dtugtaí ‘carranna clúdaithe’ i roinnt mhaith tithe.
 
Sa lá atá inniu ann, tá an-tóir ar shuíomhanna an tsráidbhaile atá suite go hálainn ag praghsanna nárbh fhéidir leis na bunáithritheoirí a shamhlú.

Suíomh:


Sráidbhaile an Churraigh, Cuan Aird Mhór, Contae Phort Láirge. Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta na hÉireann. suite ag:
In Storage


An déantán roimhe seo:

Sráidbhaile an Churraigh, Cuan Aird Mhór, Contae Phort Láirge. Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta na hÉireann.


An chéad déantán eile:

Sráidbhaile an Churraigh, Cuan Aird Mhór, Contae Phort Láirge. Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta na hÉireann.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions