Scipeáil chuig ábhar

F: 2006.112

Sráidbhaile an Churraigh, Cuan Aird Mhór, Contae Phort Láirge. Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta na hÉireann.

Co. Phort Láirge, an Currach - Plean, Aghaidhchló, sceitse isiméadrach de sheomra suí agus cuid an tí, 1945

John Cumming, Patrick Hamilton, agus Robin Walker a thomhais. Robin Walker a tharraing, 1945. Clár uiscedhatha, dúch priontála dubh, peann luaidhe. Airde 715mm, Leithead 504mm.

Tarraingíodh an líníocht isiméadrach den teach de réir scála. Má bhí daoine ag cur fúthu sa teach le linn aimsir na suirbhéireachta shílfeá gur sheomra leapa, atá le feiceáil sa phlean, é cuid eile an tí. Tá dhá bhall troscáin le feiceáil sa líníocht: leaba raca dhroimíseal agus stóilín tríchosach. Dheartaí leapacha suíocháin chun lánleas a bhaint as an spás balla i dtithe traidisiúnta. Ba gheall le suíocháin bhinse i gcaitheamh an lae iad, agus d’fhéadfaí iad a oscailt amach chun go mbeidís ina leapacha mar a bheadh bosca dúnta san oíche. In aice leis an stóilín tríchosach, tá feanbhoilg le feiceáil. Dheartaí an mheicníocht seo chun cabhrú le tine a lasadh, go háirithe i gcás ceann a mbíodh gual le húsáid léi. Nuair a chastaí an hanla ar na rothaí bolg, ligtí aer isteach trí pholl faoin talamh a shéideadh aer amach faoin teallach agus a chuireadh ocsaigin ar fáil chun cabhrú leis an tine a lasadh.

Rinne John Cumming, Patrick Hamilton agus Robin Walker (a d’oibríodh d’Ailtirí Scott, Tallon agus Walker ní ba dhéanaí), suirbhéireacht ar na 38 teach i sráidbhaile an Churraigh, Co. Phort Láirge i samhradh na bliana 1943 nuair ba mic léinn ailtireachta de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath iad.
 
Meascán de thithe aon seomra, dhá sheomra agus trí sheomra ba ea tithe an Churraigh aimsir na suirbhéireachta. Thógtaí iad le cloch agus cré bhuí, chuirtí aoldath ar an taobh amuigh i gcás fhormhór na dtithe.
Dar le tuairisc le Robin Walker ar an Irish Times ar an 9 Iúil 1943, fuair na suirbhéirí ‘dea-shamplaí de dhrisiúir shnoite agus de leapacha suíocháin ó thús an naoú haois déag, a bhí saibhir ó thaobh maisiú clasaiceach de’. Bhí piliúir shnoite ar na drisiúir ar an taobh ar cuireadh coirnisí ar a mullach, agus a maisíodh le painéaladh ar an gcuid íochtair. Thug na suirbhéirí suntas freisin do leapacha téastair den tseanstíl, ar a dtugtaí ‘carranna clúdaithe’ i roinnt mhaith tithe.
 
Sa lá atá inniu ann, tá an-tóir ar shuíomhanna an tsráidbhaile atá suite go hálainn ag praghsanna nárbh fhéidir leis na bunáithritheoirí a shamhlú.

Suíomh:


Sráidbhaile an Churraigh, Cuan Aird Mhór, Contae Phort Láirge. Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta na hÉireann. suite ag:
In Storage


An déantán roimhe seo:

Sráidbhaile an Churraigh, Cuan Aird Mhór, Contae Phort Láirge. Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta na hÉireann.


An chéad déantán eile:

Sráidbhaile an Churraigh, Cuan Aird Mhór, Contae Phort Láirge. Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta na hÉireann.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions