Scipeáil chuig ábhar

F: 2006.109

Sráidbhaile an Churraigh, Cuan Aird Mhór, Contae Phort Láirge. Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta na hÉireann.

Co. Phort Láirge, an Currach - Plean agus leagan amach clóis feirme, ingearchló thoir theas, cuid an tí, mionghnéithe de dhrisiúr, fuinneoga, bolta adhmaid, páirtchló geata, 1945

Páipéar fite pencil, dúch priontála dubh, gouache bán. Airde 700 mm. Leithead 499 mm.

Ba theach ceann tuí dhá sheomra é seo i dtús ama. Tá an teallach ar fáil sa bhalla binne. Cuireadh síos ní ba dhéanaí ar an leagan den teach a raibh sclátaí air aimsir na suirbhéireachta mar chró. B’fhéidir gur theach leapa é i dtús ama. Tá fuinneoga sa teach ar chúl an tí amháin agus níl aon cheann chun tosaigh.
Is de réir stíl an 18ú haois é an drisiúr tosaigh 'fidile’ atá ar fáil sa léaráid. Tá léaráid de gheata agus de mheicníocht inse geata freisin. Tá áit sa chloch sa talamh ar a dtugtaí ‘spud’ do starr ag an inse íochtair. Ligeann an mheicníocht seo don gheata oscailt go leathanuilleach.

Rinne John Cumming, Patrick Hamilton agus Robin Walker (a d’oibríodh d’Ailtirí Scott, Tallon agus Walker ní ba dhéanaí), suirbhéireacht ar na 38 teach i sráidbhaile an Churraigh, Co. Phort Láirge i samhradh na bliana 1943 nuair ba mic léinn ailtireachta de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath iad.
 
Meascán de thithe aon seomra, dhá sheomra agus trí sheomra ba ea tithe an Churraigh aimsir na suirbhéireachta. Thógtaí iad le cloch agus cré bhuí, chuirtí aoldath ar an taobh amuigh i gcás fhormhór na dtithe.
Dar le tuairisc le Robin Walker ar an Irish Times ar an 9 Iúil 1943, fuair na suirbhéirí ‘dea-shamplaí de dhrisiúir shnoite agus de leapacha suíocháin ó thús an naoú haois déag, a bhí saibhir ó thaobh maisiú clasaiceach de’. Bhí piliúir shnoite ar na drisiúir ar an taobh ar cuireadh coirnisí ar a mullach, agus a maisíodh le painéaladh ar an gcuid íochtair. Thug na suirbhéirí suntas freisin do leapacha téastair den tseanstíl, ar a dtugtaí ‘carranna clúdaithe’ i roinnt mhaith tithe.
 
Sa lá atá inniu ann, tá an-tóir ar shuíomhanna an tsráidbhaile atá suite go hálainn ag praghsanna nárbh fhéidir leis na bunáithritheoirí a shamhlú.

 

Suíomh:


Sráidbhaile an Churraigh, Cuan Aird Mhór, Contae Phort Láirge. Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta na hÉireann. suite ag:
In Storage


An déantán roimhe seo:

Sráidbhaile an Churraigh, Cuan Aird Mhór, Contae Phort Láirge. Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta na hÉireann.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions