NMI Collections NH:1882.20.2
An beach tholltach ruadhonn
An beach tholltach ruadhonn
(Andrena fulva)
Ceapadh go raibh an bheach tholltach ruadhonn díothaithe in Éirinn le beagnach 100 bliain. Thángthas uirthi arís in 2012 i gCo. Chill Chainnigh agus tá sé le feiceáil i gContaetha Cheatharlach, an Dúin, Bhaile Átha Cliath, Chill Dara, Thiobraid Árann, Phort Láirge agus Loch Garman.
Bíonn an bheach sin ar eitilt ó mhí Aibreáin go dtí mhí an Mheithimh agus tugann sé cuairt ar réimse leathan plandaí dúchasacha chun neachtar agus pailin a bhailiú. Chonacthas le déanaí i ngairdíní agus i bpáirceanna í, mar sin coinnigh súil amach don bheach tholltach ruadhonn.
Na Beacha Tolltacha
Baineann beacha tolltacha le fine mhór ar a dtugtar Andrenidae ina bhfuil breis agus 2,000 speiceas ar fud an domhain. Tá 30 speiceas éagsúil den bheach tholltach in Éirinn. Tá na beacha tolltacha go léir ina mbeacha aonarach. I ndiaidh cúplála, beireann beacha tolltacha baineanna a gcuid uibheacha i neadacha beaga a dhéanann siad faoin talamh. Codlaíonn na beacha óga i rith an gheimhridh mar bheacha fásta. Is féidir beacha tolltacha fásta a fheiceáil agus iad ar eitilt ón Earrach go dtí an Fhómhar.
Suíomh:
An beach tholltach ruadhonn suite ag:
On Display
An déantán roimhe seo:
An Bheach Aghaidhbhuí Choiteann
An chéad déantán eile: