Scipeáil chuig ábhar

NMI Collections NH:2005.32

An Bheach Allais Thurcaide

An Bheach Allais Thurcaide

(Lasioglossum cupromicans)

Is speiceas beag, lonrach beach é seo a fhaightear in go leor gnáthóg ar fud na hÉireann. Déanann sé a neadacha i scoilteanna sa talamh agus i mballaí cloiche. Tá fospeiceas uathúil in Éirinn nach bhfaightear in aon tír eile ar a dtugtar Lasioglossum cupromicans hibernicum.

Na Beacha Allais agus na Beacha Fola

Baineann na Beacha Allais agus na Beacha Fola le fine mhór ar a dtugtar Halictidae ina bhfuil breis agus 4,500 speiceas ar fud an domhain. Tugtar ‘Beach Allais’ ar an ngrúpa go coitianta toisc go mealladh allas an duine a lán de speicis trópaiceacha na mbeach beag seo. Is beacha beaga iad ag a bhfuil réimse stíleanna maireachtála, roinnt speicis shóisialta ina measc.

Maireann 22 speiceas acu in Éirinn. Tá cuid de na Bheacha Allais gruagach (speicis Halictus) agus tá dath miotalach ar chuid eile acu (speicis Lasioglossum).

Faigheann Beacha Fola (speiceas Sphecodes) a n-ainm mar gheall ar a n-eireabaill chródhearga. Beireann Beacha Fola a gcuid uibheacha i neadacha beach eile agus goideann siad a gcuid bia.

 

Suíomh:


An Bheach Allais Thurcaide suite ag:
On Display


An déantán roimhe seo:

An beach tholltach ruadhonn


An chéad déantán eile:

Beach Fáin Marsham


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions