Scipeáil chuig ábhar

NMI Collections NH:2005.37

An Bheach Aghaidhbhuí Choiteann

An Bheach Aghaidhbhuí Choiteann

(Hylaeus communis)

Faightear na beacha beaga bídeacha sin i ngach cineál gnáthóige, áit ina ndéanann siad a neadacha i gcuasáin bheaga nádúrtha. Tá masc buí iomlán ar na fireannaigh agus níl ach spotaí beaga buí ar na baineannaigh. Faightear an speiceas sin in Éirinn san oirthear agus sa lár tíre den chuid is mó.
2-Colletidae-option-1.jpg

Na Beacha Plástrála agus na Beacha Aghaidhbhuí

Baineann na Beacha Plástrála agus na Beacha Aghaidhbhuí le grúpa ar a dtugtar Colletidae. Tá thart ar 2,000 speiceas éagsúil ar an Domhan. Ní fhaightear ach 10 speiceas in Éirinn. Is speicis aonaracha iad go léir ach is féidir le roinnt speiceas neadú taobh le taobh i ngrúpaí móra torannacha. Líomhann na beacha plástrála balla a gcealla neide le tál leachtach, a éiríonn crua ansin cosúil le hábhar plástair. Cosnaíonn an t-ábhar sin an nead ó thuilte, ó thriomach agus ó ghalair.

Déanann na Beacha Plástrála móra gruagacha (speiceas Colletes) a neadacha sa talamh. Is speicis bheaga bhídeacha cosúil le seangáin iad roinnt ball eile den ghrúpa cosúil leis na Beacha Aghaidhbhuí (speicis Hylaeus) a dhéanann a neadacha i bpoill bheaga.



 

Suíomh:


An Bheach Aghaidhbhuí Choiteann suite ag:
On Display


An déantán roimhe seo:

An Bhumbóg Bhuí Mhór


An chéad déantán eile:

An beach tholltach ruadhonn


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions