NMI Collections NH:1985.115
An Bhumbóg Bhuí Mhór
An Bhumbóg Bhuí Mhór
(Bombus distinguendus)
Bhí an Bhumbóg Mhór Bhuí le fáil ar fud na hÉireann tráth ach is í an bheach is mó atá i mbaol anois í. Nuair a tháinig sadhlas in áit móinéir féir, d’imigh na bumbóga móra buí in éineacht lena ngnáthóga móinéir ina mbíodh mórán bláthanna. Ní mhaireann an speiceas anois ach i roinnt suíomhanna cois cósta in iarthar na hÉireann, gCo. Mhaigh Eo den chuid is mó.
Na Bumbóga
Tá níos mó ná 250 speiceas éagsúil den Bhumbóg ar an Domhan. Maireann 16 speiceas éagsúla ar a laghad den Bumbóg in Éirinn. Feithidí móra fionnaidh is ea bumbóga a neadaíonn i ngrúpaí sóisialta. Déanann formhór
na mBeach a gcuid coilíneachtaí faoin talamh i sean neadacha luchóg. Neadaíonn cuid acu sna crainn. Bíonn cráinbheacha, a líon mór iníonacha oibre, agus roinnt fireannach sna neadach. Tógann beacha oibre na larbhaí i gcealla céarach agus cothaítear iad ar mheascán de neachtar agus pailin. Is ainmhithe an-chliste iad bumbóga agus ní chuirfidh siad gá i rud ach amháin má cheapann siad go bhfuil siad i gcontúirt.
Suíomh:
An Bhumbóg Bhuí Mhór suite ag:
On Display
An chéad déantán eile:
An Bheach Aghaidhbhuí Choiteann