Scipeáil chuig ábhar

Stair an Mhúsaeim

Bunaíodh an Músaem Eolaíochta agus Ealaíne, Baile Átha Cliath ar an 14 Lúnasa 1877 faoi acht Parlaiminte.

D'eascair an cinneadh le músaem stáit a bhunú de bharr na n-iarratas ó Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS) do mhaoiniú ón rialtas dá ghníomhaíochtaí músaeim a bhí ag méadú.

Is de bharr roinnt forbairtí a tháinig Acht na Músaem Eolaíochta agus Ealaíne 1877 chun cinn, agus mar thoradh air seo aistríodh foirgnimh agus bailiúcháin an RDS go dtí úinéireacht an stáit. Cuireadh tuilleadh leis na bailiúcháin nuair a aistríodh bailiúcháin shuntasacha eile ó institiúidí ar nós Acadamh Ríoga na hÉireann (RIA) agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (TCD).

Luathstair

Bhí an Músaem faoi fhreagracht na Roinne Eolaíochta agus Ealaíne, a bhí freagrach as na músaeim in South Kensington i Londain freisin. Léiríodh go raibh tacaíocht don institiúid ón stát nuair a tógadh foirgneamh nua ar Shráid Chill Dara, a d'oscail go poiblí in 1890. Sa mhúsaem nua bhí boinn airgid, boinn chomórtha agus seaniarsmaí suntasacha Éireannacha ón RIA, ina measc Dealg na Teamhrach agus Cailís Ardach, bailiúcháin eitneagrafaíocha ina bhfuil ábhar ó thurais Chaptaen Cooke ó TCD, agus na bailiúcháin de Shuirbhé Geolaíoch na hÉireann.
In éineacht leo seo bhí ábhar ó na bailiúcháin ealaíon maisiúla agus eitneagrafaíocha den RDS chomh maith lena mbailiúcháin Éireannacha de sheaniarsmaí, mianraí agus plandaí. Bhí an seanmhúsaem den RDS ar thaobh shráid Mhuirfean de Theach Laighean - a tógadh le cúnamh ón rialtas agus a d'oscail in 1856 - curtha i leataobh do stair an dúlra. Den chuid is mó is í an tzó-eolaíocht a bhí ann i rith cuid mhór dá stair ina dhiaidh sin agus bhí fortheach curtha i leataobh don gheolaíocht.

Foirgneamh Shráid Chill Dara

Dhear Thomas Newenham Deane an foirgneamh ar Shráid Chill Dara agus baineadh úsáid as chun an ceardaíocht nua-aoiseach na hÉireann, na Breataine agus na Mór-Roinne a thaispeáint sa tógáil. Le rannpháirtíocht an stáit i reáchtáil an Mhúsaeim bhí maoiniú rialta ann agus bhí nasc le músaeim stáit eile i Londain agus i nDún Éideann a bhí mar thairbhe mhór. D'fhás na bailiúcháin agus fuarthas ábhar tríd iad a cheannach, ó thabhartas poiblí agus ó sciaranna de bhailiúcháin shuntasacha a fuair an stát agus a scaip na músaeim i Londain.
D'ullmhaigh príomhshaineolaithe i ndisciplíní éagsúla na catalóga agus priontáladh iad i bpreas an Mhúsaeim féin. In 1900 aistríodh an stiúradh go dtí an Roinn Talmhaíochta agus Ceardoideachais agus in 1908 athraíodh an t-ainm ó ‘Músaem Eolaíochta agus Ealaíne Bhaile Átha Cliath’ go dtí ‘An Músaem Náisiúnta Eolaíochta agus Ealaíne’. Athraíodh ainm na hinstitiúide arís in 1921 go dtí ‘Ard-Mhúsaem na hÉireann’.

I ndiaidh na Saoirse

Tar éis bhunú an tSaorstáit in 1922, roghnaíodh seanfhoirgnimh an RDS de Theach Laighean (a aistríodh chuig úinéireacht an stáit in éineacht le bailiúcháin na hinstitiúide sin in 1877) mar ionad na parlaiminte nua (Dáil). Bhí gá le spás a aimsiú d'fhoireann an Mhúsaeim a bhíodh i dTeach Laighean roimhe seo agus glacadh seilbh ar ghailearaithe taispeántais éagsúla i Sráid Chill Dara don aidhm seo. Tugadh bealach isteach nua d'fhoirgneamh Stair an Dúlra díreach amach chuig Sráid Mhuirfean agus athraíodh an ailtireacht le go mbeadh an oscailt atá ann anois ar an taobh thoir agus le staighre nua a fhorbairt.
Aistríodh an fhreagracht don Mhúsaem chuig an Roinn Oideachais in 1924; in 1984 aistríodh é chuig Roinn an Taoisigh agus, in 1993 chuig An Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta (níos déanaí an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán). In 2002, aistríodh stiúradh an Mhúsaeim chuig an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta sular bunaíodh é, ar deireadh, mar ghníomhaireacht fhéinrialaitheach leathstáit faoina Bhord féin in 2005.

Deireadh an 20ú hAois

I gcaitheamh dheireadh an 20ú hAois na príomhriachtanaise den Mhúsaem ab ea dóthain spáis a fháil lena bhailiúcháin a thaispeáint agus a stóráil agus an fhoireann riachtanach a chur ar fáil chun bheith i mbun coimeádaíochta ar na bailiúcháin agus chun cúram a thabhairt dóibh agus chun dóthain seirbhísí poiblí a sholáthar. Tháinig deiseanna le haghaidh áitribh nua nuair a chinn an Rialtas in 1988 Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath, dhúnadh.
Thosaigh an coimpléasc ar dtús in 1702 mar 'An Bheairic', athraíodh é go luath sa 19ú hAois go dtí 'An Bheairic Ríoga', agus athainmníodh é go dtí Dún Uí Choileáin in 1922 nuair a ghlac an Saorstát seilbh air. Dhear an Coirnéal Thomas Burgh na chéad fhoirgnimh a bhí ann agus sa choimpléasc ina raibh foirgnimh den 18ú haois agus den 19ú haois bhí trúpaí ann ar feadh trí chéad bliain. Tugadh é don Mhúsaem le húsáid in 1994 agus d'oscail an chéad chéim de na taispeántais ar an suíomh (Céim 1) i mí Mheán Fómhair 1997.
I mí Mheán Fómhair 2001, d'oscail brainse Saol na Tuaithe den Mhúsaem ag Páirc Thurlaigh, Co. Mhaigh Eo. I dTeach Pháirc Thurlaigh (foirgneamh Gotach Veinéiseach a dhear Thomas Newenham Deane) agus ina ghairdíní tá bailiúcháin Saol Tuaithe náisiúnta an Mhúsaeim; tá siad seo curtha i leataobh do na ceirdeanna traidisiúnta agus an gnáthshaol laethúil in Éirinn faoin tuath sa chéad nó mar sin ó bhí an Gorta Mór ann.
Ar aon dul le soláthar na n-áiseanna breise seo tá athruithe déanta i struchtúr agus rialachas an Mhúsaeim ó na 1990idí ar aghaidh. Ceapadh Bord Eatramhach in 1994 le maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt shuíomh Dhún Uí Choileáin agus chun tabhairt faoi na dúshláin a bhí san fhorbairt seo. Thug an tAcht um Fhorais Chultúir Náisiúnta 1997 foráil do bhunú an Mhúsaeim mar chomhlacht leathstáit neamhthráchtála faoi Bhord féinrialaitheach agus d'aistriú ball foirne as an Státseirbhís. Ceapadh an chéad Bhord ar an 2 Bealtaine 2005.


 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions