Scipeáil chuig ábhar

Stair & Ailtireacht Stair an Dúlra

Tógadh foirgneamh Stair an Dúlra in 1856 chun bailiúcháin Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath a choimeád, a bhí ag fás agus a mhéadaigh go leanúnach ón ochtú haois déag déanach.

'Músaem de Mhúsaem'

Is éard atá sa foirgneamh ná músaem ar stíl an chaibinéid a ceapadh chun bailiúchán zó-eolaíoch leathan agus cuimsitheach a thaispeáint, agus is beag athrú a tháinig air le breis agus céad bliain anuas. Deirtear faoin músaem go minic gur ‘músaem de mhúsaem’ é; le 10,000 míle taispeántán ann, tá an t-amharc ar an domhan nádúrtha ann tar éis gliondar a chur ar na glúine de chuairteoirí ó osclaíodh na doirse sa bhliain 1857.

Léiríonn an foirgneamh agus na taispeántáin iliomad gnéithe de stair agus d’fhorbairt na mbailiúchán. Tógadh ar dtús é mar shíneadh ar Theach Laighean, áit a raibh Cumann Ríoga na hÉireann suite ar feadh cuid mhaith den 19ú hAois.

Dearadh agus Foirgneamh

Dhear an t-ailtire Frederick Clarendon an foirgneamh le teacht le chéile le Dánlann Náisiúnta na hÉireann ar an taobh eile d'Fhaiche Laighean. Leagadh an bhunchloch ar an 15 Márta 1856 agus chríochnaigh na conraitheoirí Gilbert Cockburn & Son an foirgneamh i mí Lúnasa 1857. Síneadh a bhí ann ar Theach Laighean, agus é nasctha leis le colúnra Corantach cuarach iata.

Leathnú in 1877

Sa bhliain 1877 aistríodh úinéireacht an Mhúsaeim agus a chuid bailiúchán chuig an Stát. Cuireadh maoiniú nua ar fáil le haghaidh an fhoirgnimh agus cuireadh ainmhithe nua leis na bailiúcháin ó Impireacht na Breataine a bhí ag síorleathnú amach i rith laethanta na taiscéalaíochta.

Bealach Isteach Nua in 1909

Tógadh bealach isteach nua sa bhliain 1909 ar an taobh thoir ar aghaidh Shráid Mhuirfean. Anois bhí na cuairteoirí ag teacht chuig na taispeántais ón taobh eile agus míníonn sé seo an fáth go bhfuil aghaidh roinnt de na taispeántáin mhóra ar chúl an fhoirgnimh: bhí sé ródheacair eilifintí agus míolta móra a thiontú timpeall chun aghaidh a thabhairt ar an doras nua.

Dealbh de Thomas Heazle Parke

Tá dealbh den lia agus taiscéalaí Victeoiriach, Thomas Heazle Parke, os comhair fhoirgneamh Stair an Dúlra. Bhí Parke mar mháinlia ar shluaíocht Henry Morton Stanley sa bhliain 1887.

Thrasnaigh an tsluaíocht an Afraic ar thuras 8,000 cileaméadar suas Abhainn an Chongó agus trí fhoraois bháistí an Ituri sular bhain siad Loch Albert amach..

Athoscailt in 2010

I mí Aibreáin 2010 d'oscail an Músaem arís tar éis oibreacha athchóirithe ina raibh athshuíomh an staighre mór cloiche i gceist, a bhí oscailte don phobal den chéad uair leis na blianta fada. Tá rampa ann anois ag an doras tosaigh agus tá leithreas ann atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí.

 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Stair an Dúlra

Stair an Dúlra,
Sráid Mhuirfean,
Baile Átha Cliath 2,
+353 1 677 7444

D02 F627