Cuir eolas ar stair Dhún Uí Choileáin: an foirgneamh stairiúil is baile d'Ard-Mhúsaem na hÉireann - Ealaíona Maisiúla & Stair
Bunáit de chuid an airm ab ea Dún Uí Choileáin ar feadh 200 bliain sular athchóiríodh é mar mhúsaem. Gréasán foirgneamh le fásáil eibhir ar shuíomh 18 acra atá sa dún, agus tá cuma mhíleata ar na foirgnimh i gcónaí.
Tá stair shaibhir éagsúil ag an suíomh. Críochnaíodh an foirgneamh i 1704 agus bhí ról tábhachtach aige maidir le iarrachtaí éagsúla ar éirí amach ina dhiaidh sin a chur faoi chois. Cuireadh Wolfe Tone ar a thriail in armchúirt as bheith ina bhall de na hÉireannaigh Aontaithe agus cuireadh i bpríosún é anseo é tar éis Éirí Amach 1798. Le linn Éirí Amach 1916, ba as Dún Uí Choileáin a chuaigh trúpaí na Breataine amach chun tabhairt faoi reibiliúnaigh ar Oileán Uiséir, ag na Ceithre Chúirt agus in Ard-Oifig an Phoist.
Ó Coileáin agus Ó Cléirigh: Ainmneacha cáiliúla
Is é ainm an dúin an ceangal is láidre, b’fhéidir. Ainmníodh Dún Uí Choileáin as Mícheál Ó Coileáin, an chéad Cheannasaí ar Arm an tSaorstáit. Ceannaire gaisciúíl ab ea an Coileánach le linn Chogadh na Saoirse i 1920-21 ach feallmharaíodh é i 1922 le linn an Chogaidh Chathartha nuair nach raibh sé ach 31 bliain d’aois. Tá cáil thar na bearta ar an gCoileánach in Éirinn i gcónaí.
Tá Cearnóg Uí Chléirigh suite i gcroílár an mhúsaeim, agus is clós mór lárnach é. Ainmníodh é as Tomás Ó Cléirigh, ceannaire reibiliúnach in Éirí Amach 1916, a cuireadh chun báis.
Oidhreacht na Lochlannach
Tá oidhreacht na Lochlannach follasach sna sráidainmneacha thart ar Dhún Uí Choileáin. Thosaigh sé seo sa 11ú haois, nuair a chuir imircigh Danmhargacha fúthu sa cheantar seo. Margadh na Feirme, Cnoc an Arbhair agus ceantar Bhóthar na gCloch inniu atá i gceist, agus Ostmanstowne (nó Oxmantown) a tugadh ar an gceantar ar fad. Tá tionchar na Lochlannach le feiceáil i gcónaí i sráidainmneacha dála Bóthar na nUigingeach, Bóthar na Lochlannach, agus Bóthar Sitric.
An Stair Luath
Bronnadh an suíomh ar James Butler, Diúic Urmhumhan agus Ionadaí an Rí in Éirinn; ‘Gairdíní an Pháláis’ a bhí orthu i 1665. Dhíol a gharmhac, James eile, an talamh leis an mBanríon Áine i 1703, ar mhaithe le beairic a thógáil air. An t-innealtóir míleata, Thomas Burgh, a throid i gCogaí an Dá Rí ar fud na Breataine, na hÉireann, na hEorpa, a bhí i gceannas ar chéad chéim na tógála idir 1704 agus 1710.
An ailtireacht agus an leagan amach
Dhear Burgh an chéad fhoirgneamh mar cheithre chearnóg:
-
Cearnóg na Beairice
-
An Chearnóg Nua
-
Cearnóg na gCapall
-
An Chearnóg Ríoga
As cloch Chill Mhantáin agus Bhaile Átha Cliath a tógadh é, agus as sclátaí láidre Carnarvon (na Breataine Bige) a tógadh an díon agus as dair a rinneadh gach staighre ann. Dearadh an bheairic le go mbeadh slí ann do 1500 fear, agus stáblaí ann do chapaill an mharcshlua.
Faoi lár na hochtú aoise dhéag, mar sin féin, bhí i bhfad níos mó saighdiúírí ná sin ina gcónaí sa Bheairic. Iarradh ar Christopher Myers, ailtire Sasanach, an foirgneamh a leathnú. Ba eisean a chuir urlár eile ar Chearnóg na bPalaitíneach, agus a leathnaigh é. Thóg Myers bálsheomra marmair chomh maith.
An Saol sa Bheairic
Eagraíodh saol an bheairic chun saighdiúirí a oiliúint le bheith ina dtrodaithe gan eagla, ach dílis, umhal, agus faoi smacht a gceannairí. Bhí an saol dian agus ba bheag compord a bhíodh ag na fir.
Seisear saighdiúírí a bhíodh i ngach seomra, agus beirt ar a laghad i ngach leaba. Chócaráil na fir a gcuid bia ina seomraí, ina mbíodh teallach, bord agus coinnleoir iarainn amháin. Athraíodh braillíní na leapa tuairim is uair sa mhí. Mhúsclaítí na saighdiúirí roimh bhreacadh an lae le dul i mbun druileanna. Ar na dualgais a bhíodh orthu bhíodh na stáblaí a ghlanadh agus snas a chur ar bhuataisí.
Níorbh amhlaidh ag na hoifigigh é. Bhí cóiríocht spásúil acu siúd, chodail siad i leaba adhmaid agus d’ith siad béilí maithe i dtithe tábhairne sa cheantar.
An Scoil Eachaíochta
Séipéal a bhí beartaithe don fhoirgneamh seo, atá suite laistiar den Phríomhoifig Fáilte amach ó Chearnóg Uí Chléirigh. Tógadh an scoil i 1746 chun oifigigh den mharcshlua agus a gcuid capall a thraenáil.
Is é leithead an dín (18 méadar/59 troigh) an rud is suntasaí faoin Scoil Eachaíochta. Thug Eric Clapton ceolchoirm anseo sna 1970í, d’Óglaigh na hÉireann amháin. Úsáidtear an Scoil Eachaíochta ó am go ham mar láthair d’imeachtaí.
Curiarracht Dhomhanda?
Creidtear go raibh Dún Uí Choileáin, nó an Bheairic Ríoga, ar an mbunáit airm is faide a fheidhmigh mar bhunáit airm ar domhan. Bhog Óglaigh na hÉireann amach i 1997 agus athchóiríodh an suíomh le go mbeadh sé oiriúnach d’Ard-Mhúsaem na hÉireann.
Sainchomharthaí tíre stairiúla sa cheantar
Tá láthair Dhún Uí Choileáin suite ar an taobh ó thuaidh d’abhainn na Life i mBaile Átha Cliath. I measc na sainchomharthaí tíre sa cheantar tá:
-
Áras an Úachtaráin (áit chónaithe Uachtarán na hÉireann)
-
Reilig Chnoc an Arbhair (láthair adhlactha cheathrar ceannaire dhéag an Éirí Amach)