Nuacht
Raghnall Ó Floinn
Thosaigh Raghnall in Ard-Mhúsaem na hÉireann ina Choimeádaí Cúnta i Rannóg na Seaniarsmaí Éireannacha sa bhliain 1976. Ceapadh é mar an chéad Cheann Bailiúchán sa bhliain 2003, agus ansin rinneadh Stiúrthóir de sa bhliain 2013 go dtí gur éirigh sé as sa bhiain 2018.
Ní féidir dóthain a rá faoin méid a rinne Raghnall don Ard-Mhúsaem agus do réimse sheandálaíocht na hÉireann. Bhí suim aige i réimsí éagsúla amhail an ársaíocht, Éire na hIarannaoise agus na Luath-Mheánaoise, taiseagáin na Meánaoise agus a thuilleadh nach iad. Bhí cáil idirnáisiúnta air mar fear léinn le cúrsaí na Lochlannach. Léirítear a chion tairbhe ina chuid foilseachán fairsing agus sna taispeántais ar fud an Ard-Mhúsaeim, agus in go leor músaem eile sa tír seo agus thar lear chomh maith. Cuimhneoimid air freisin mar chomhghleacaí agus cara cineálta fial.
Táimid ag cuimhneamh ar a bhean chéile Edel, a iníon Sorcha, a mhac Muiris, a dheartháireacha agus a dheirfiúracha agus a mhuintir go léir ag an am brónach seo.
Beimid ag dúnadh an Músaem Seandálaíochta ar Shráid Chill Dara go luath Dé hAoine, an 13 Nollaig ag 1pm i gcuimhne ár gcomhghleacaí agus chun deis a thabhairt don fhoireann ómós a thabhairt.