Scipeáil chuig ábhar

Nuacht

Treoirleabhar nua chun cuidiú le grúpaí staire áitiúla agus oidhreachta pleanáil don todhchaí

Lorna Elms, iCAN Development Officer, NMI; Mary O’Malley, Louisburgh-Killeen Heritage, Co Mayo; and Aalia Kamal, Cultural and Inclusive Heritage Officer, Heritage Council

Tugtar cuireadh do ghrúpaí staire áitiúla agus oidhreachta i bpobail ar fud na hÉireann teacht ar threoirleabhar nua atá saor in aisce chun cuidiú lena chinntiú go mairfidh a n-eagraíocht dheonach sa todhchaí. 

Is foilseachán nua é ‘Succession Planning: A Guide for Community Archives and Heritage Groups (Pleanáil Comharbais: Treoirleabhar do Chartlann Phobail agus do Ghrúpaí Oidhreachta) arna fhorbairt ag Gréasán Cartlainne Pobail na hÉireann (iCAN) - tionscnamh de chuid Ard-Mhúsaem na hÉireann arna chur i bhfeidhm in éineacht leis an gComhairle Oidhreachta, le hÚdaráis Áitiúla rannpháirteacha agus le grúpaí pobail ar fud na hÉireann. 

Sa Treoirleabhar, breathnaítear ar dhóigheanna ar féidir le grúpaí deonacha tabhairt faoi roinnt de na dúshláin a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a rath amach anseo. Áirítear le dúshláin choitianta baill nua a tharraingt, daoine óga a mhealladh a bheith rannpháirteach; taifid leordhóthanacha a choinneáil; nó rochtain a chailliúint ar chuntais mar gheall ar phasfhocail a cailleadh nó ar chlistí TF. 

Trí phleanáil comharbais éifeachtach tugtar faoi na dúshláin sin ionas gur féidir le grúpaí a gcuid oibre a chosaint sa todhchaí. 

Bunaíodh iCAN chun tacú le grúpaí deonacha ar fud na hÉireann a gcartlann phobail féin a fhorbairt agus a choimeád. D’fhorbair sé an Treoirleabhar chun próiseas simplí céim le céim a chur ar fáil le haghaidh pleanáil comharbais mhaith - ó chuspóirí, aidhmeanna agus nósanna imeachta oibríochtúla i scríbhinn a bheith ann go pasfhocail agus rochtain ar shuíomhanna gréasáin agus ar chuntais na meán sóisialta a chosaint. 
Seoladh an Treoirleabhar go hoifigiúil Déardaoin (25 Iúil 2024) ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe, Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh. Tá sé ar fáil le híoslódáil anois saor in aisce ó www.museum.ie agus ó www.ouririshheritage.org.

Agus í ag labhairt ag an seoladh, dúirt Lorna Elms, Oifigeach Forbartha iCAN: 

Oibríonn iCAN chun pobail áitiúla a chumasú a gcuid staire, oidhreachta agus cultúir féin a dhoiciméadú. Dearadh an Treoirleabhar um Pleanáil Comharbais seo do chartlann phobail agus do ghrúpaí oidhreachta chun féachaint chuige go seasfaidh a gcuid oibre an aimsir. Cuirtear cur chuige struchtúrtha ar fáil leis maidir le pleanáil ar aghaidh agus, má dhéantar í sin ar bhonn bliantúil, cuideofar lena chinntiú go gcoimeádfar grúpaí agus go rachaidh siad ó neart go neart.”


D’fhreastail Aalia Kamal, Oifigeach Oidhreachta Ionchuimsithí agus Cultúrtha leis an gComhairle Oidhreachta agus ball de Ghrúpa Comhairleach iCAN, ar an seoladh freisin. Dúirt sí:

Tá obair thar a bheith luachmhar á déanamh ag grúpaí oidhreachta áitiúla trí chartlann a fhorbairt agus trí eolas, bailiúcháin, scéalta agus stair áitiúil a chomhroinnt. Tá lúcháir ar an gComhairle Oidhreachta chun tacú leis an obair sin trínár mbaint le iCAN. Is acmhainn iontach eile é an Treoirleabhar um Pleanáil Comharbais atá á sheoladh againn anseo inniu atá curtha ar fáil ag iCAN do thaighdeoirí agus do chartlannaithe deonacha i bpobail.”  

D’fhreastail ball iCAN Mary O’Malley, ó Ghrúpa Oidhreachta Chluain Cearbán-An Chillín i gCo. Mhaigh Eo, ar an seoladh freisin. Agus í ag cur fáilte roimh an Treoirleabhar nua, dúirt sí:

Tá an-áthas orm go bhfuil an Treoirleabhar um Pleanáil Comharbais seo ar fáil anois le híoslódáil saor in aisce do ghrúpaí ar fud na hÉireann. Bhain baill iCAN leas as a n-eispéireas comhchoiteann agus chuir siad a gcuid smaointe agus a dtuairimí leis chun na treoirlínte, na hiniúchtaí agus na seicliostaí a fhorbairt atá cuimsithe sa treoirleabhar agus tá mé cinnte go mbeidh siad ina n-uirlis agus ina n-acmhainn thar a bheith úsáideach do ghrúpaí atá ag obair chun a stair áitiúil, a n-oidhreacht agus a gcultúr a dhoiciméadú agus chun iad a chur ar fáil do dhaoine eile. Ar ndóigh, is teimpléad é an Treoirleabhar um Pleanáil Comharbais seo go ghrúpa pobail ar bith a bhfuil oibrithe deonacha i gceannas air atá ag iarraidh pleanáil a dhéanamh don todhchaí.”

Chuir Marion Mannion, ball iCAN agus Oifigeach Oidhreachta le Comhairle Contae na Gaillimhe, fáilte roimh sheoladh an Treoirleabhair freisin:

Forbraíodh 36 chartlann phobail trí iCAN le grúpaí oidhreachta ar fud na hÉireann agus cuideoidh an acmhainn seo le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach na gcartlann agus na ngrúpaí sin a chur chun cinn. Tá sé thar a bheith tábhachtach chun a chinntiú gur féidir le hoibrithe deonacha leanúint le teacht ar na suíomhanna gréasáin dá gcuid sa todhchaí agus chun tús áite a thabhairt do mharthanacht leanúnach an ghrúpa dheonaigh é féin. Cuirtear go leor leideanna praiticiúla, comhairle agus próisis ar fáil sa Treoirleabhar um Pleanáil Comharbais chun na críche sin.”

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions