Scipeáil chuig ábhar

Seisiún Fíorúil: Scéalta an Zú Mhairbh

Taispeántas de sheitheadóireacht an fhaolchú léith in Ard-Mhúsaem na hÉireann - Stair an Dúlra

Cad iad na cnámha iontaise a thángthas orthu in uaimh Éireannach breis agus céad bliain ó shin? Cad iad na rúin a bhaineann leis an am atá thart agus an am i láthair ata sna bailiúcháin agus cén fáth a bhfuil tábhacht leo don todhchaí? Foghlaim faoi scéalta an Zú Mhairbh le linn seisiún beo fíorúil, a stiúrfaidh Oideachasóir Músaeim, a sruthófar díreach chuig do sheomra ranga.


Sracfhéachaint ar an seisiúin fíorúil

Leibhéal: Rang 3 go Rang 6
Fad: 45 nóim – 1 uair an chloig
Áiteanna ar fáil: Rang amháin in aghaidh an tseisiúin
Ar Fáil: Le linn Sheachtain na Gaeilge ar an 4, 5, 11 agus 14 Márta agus dátaí áirithe eile i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin. Déan áirithint anois!
Amanna: 
10r.n. & 11.30r.n.
Áit a Chur in Áirithe: Chun fiosrú a dhéanamh faoin seisiún éascaithe ar líne saor in aisce seo do do rang, comhlánaigh an fhoirm fiosrúcháin seo.
Cur Síos: Cuirtear gearrfhíseáin d’ainmhithe díothaithe an mhúsaem le chéile le réamhrá a chuirtear i láthair beo, scéalaíocht, C&F, agus iniúchadh gar-amhairc fíorúil ar bhailiúcháin láimhseála oideachais lena n-áirítear iontaisí, fionnadh agus cnámha!

Tabhair do d’aire:

  • Éascófar an seisiún seo ar Microsoft Teams agus féadfar an feidhmchlár nó aon bhrabhsálaí gréasáin a úsáid chun páirt a ghlacadh sa seisiún. 

  • Tá an cheardlann seo deartha le bheith á reáchtáil ó na sheomraí ranga agus ní fhéadfar é a chur in áirithe do dhaltaí atá ag foghlaim ón mbaile faoi láthair.

  • Fanfaidh an múinteoir sa seomra le linn na ceardlainne.


Naisc leis an gcuraclam

Eolaíocht OSIE
Fiosrú agus tástáil

Faisnéis agus sonraí a bhailiú ó fhoinsí éagsúla
Neacha beo
Saol an duine; Beatha plandaí agus ainmhithe
Feasacht agus cúram timpeallachta
Feasacht timpeallachta; Eolaíocht agus an timpeallacht; Ag tabhairt aire don timpeallacht

Stair OSIE
Saol, sochaí, obair agus cultúr san am a chuaigh thart

Teanga agus cultúr in Éirinn ag deireadh an 19ú haois agus ag tús an 20ú haois


Torthaí foghlama

Torthaí foghlama do dhaltaí:

Tar éis an tseisiúin bheo seo, ba cheart do dhaltaí a bheith in ann: 

  • Cur síos a dhéanamh ar cad is brí le “díothaithe” agus samplaí a thabhairt d’ainmhithe díothaithe a mhaireadh in Éirinn.

  • Cur síos a dhéanamh ar an bhfianaise maidir le díothú laistigh de bhailiúcháin an mhúsaem agus fiosrú a dhéanamh ar bhailiúcháin láimhseála d’iontaisí, fionnadh agus cnámha atá fíor agus macasamhlach.

  • Tuiscint a fhorbairt ar ról an Mhúsaem mar ionad um thaighde eolaíoch sa lá atá inniu ann agus san am a chuaigh thart.

  • Feasacht timpeallacht agus aire a thabhairt d’ainmhithe a phlé agus foghlaim faoin dóigh ina bhfuil eolaithe ag tabhairt isteach nó ag cur ainmhithe ar ais i dtimpeallacht na hÉireann.


Acmhainní agus moltaí:

Acmhainní Físeáin: Cad is brí le “Díothaithe”? (1 nóim 07 soic); Fia Mór na mBeann (1 nóim 39 soic); Hiéana (1 nóim 17 soic); Faolchú (3 nóim 27 soic). Iomlán: 7 nóim 42 soic. Tá nasc thíos.


Roimh do sheisiún

A mhúinteoir, féach ar na gearrfhíseáin a bhaineann leis an gcuraclama thaispeánfar do do rang le linn an tseisiúin fhíorúil roimh ré. 

Ullmhaigh an rang don seisiún fíorúil. Tabhair barúil do na daltaí ar cad a bheidh siad ag súil lena fheiceáil nó déan plé ar an Músaem roimh an seisiún.

Smaoinigh ar thuras fíorúil 3T d’Ard-Mhúsaem na hÉireann - Stair an Dúlra a dhéanamh sa seomra ranga le do dhaltaí.


Fiosrú a dhéanamh

Chun fiosrú a dhéanamh faoin seisiún éascaithe ar líne saor in aisce seo do do rang, comhlánaigh an fhoirm fiosrúcháin seo.
 


 Tar éis do sheisiúin fhíorúil

  • Tar éis an tseisiúin, seolfar roinnt mhaith gníomhaíochtaí spraíúla foghlama chuig múinteoirí tríd an ríomhphost a d’fhéadfadh na daltaí a dhéanamh sa seomra ranga.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Stair an Dúlra

Stair an Dúlra,
Sráid Mhuirfean,
Baile Átha Cliath 2,
+353 1 677 7444

D02 F627