CEIRMEACHT & GLOINE ÓN TSEAN-CHIPIR 2500 R.CH. - 300 AD
Oileán is ea an Chipir atá suite in oirthear na Meánmhara agus tá cáil ar shaibhreas a hoidhreachta le fada an lá. I ngeall ar a suíomh straitéiseach geografach bhí sí fíorthábhachtach riamh i gcraobhscaoileadh smaointe agus malartú déantán idir an Oirthear agus an Iarthar. Gheofar an léiriú is fearr, b’fhéidir, ar an meascán uathúil seo de thionchair chultúrtha, ina déantáin seandálaíocha.
Bhí deis ag músaeim sa Bhreatain déantáin a fháil go díreach fad a bhí an Chipir i seilbh na Breataine in 1878. Choimisiúnaigh Músaem Kensington Theas (Músaem Victoria agus Albert mar a thugtar air anois) tochailtí ag na láithreáin seandálaíocha in Salamis, Gastria agus Curium in 1882. Rinne foireann Mhúsaem na Breataine tochailt ag Amathus, Curium agus Enkomi le linn na 1890idí.
Trí naisc a chruthaigh riail na Breataine, ghlac Ard-Mhúsaem na hÉireann le rogha de dhéantáin ó thochailtí Mhúsaem Kensington Theas in 1883. Bhronn Músaem na Breataine déantáin air chomh maith agus cuireadh leis na mbailiúchán le ceannachain ó bhailiúcháin príobháideacha in Éirinn sna 1930idí agus 1940idí.
Déantáin cheirmeacha is ea formhór na ndéantán agus dátaíonn siad ón gCré-Umhaois anonn go dtí deireadh thréimhse na Rómhánach. Cé nár taifeadadh an áit a bhfuarthas mórchuid de na déantáin, is dócha gur fritheadh a bhformhór i dtuamaí.