Tá an taispeántas Ríogacht & Íobairt ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Seandálaíocht láraithe ar theoiric nua lena ndéantar íobairt dhaonna a nascadh le deasghnátha ceannais agus ríogachta le linn na hIarannaoise.
Léiríodh le taighde go n-áirítear ábhar eile a bhí nasctha leis na deasghnátha sin: earraí libhré ríoga; earraí a bhaineann le mórshiúil eachaíochta; airm; uirlisí féastaíochta; comharthaí críche; earraí a bhaineann le táirgeadh arbhair agus bainne, amhail brónna agus taiscí ime ar a dtugtar ‘im portaigh’.
Sa chatagóir de libhré ríoga tá ceannbhearta adharcacha, amhail Coróin Petrie, mar a thugtar uirthi, agus dhá adharc ó cheannbheart cosúil ó phortach i Roinn na Beithe, Co. Ros Comáin. Tá dhá bhóna óir ann ó Phortach Ard na gClog, Co. Ros Comáin, chomh maith le cába craicinn ó phortach ag Doire Caocháin, Co. Aontroma, muince ghéige ó Bhaile Uí Mhatháin, Co. na Mí agus trí bhiorán ón tSionainn. Tá macasamhail den chlóca leathair arna chaitheamh ag Fear Bhaile Bharúin Thiar ar taispeáint freisin.
Áirítear le hearraí a bhaineann le mórshiúil ar muin capaill nó trí mheáin feithiclí ar rothaí na nithe a leanas: béalbhacha agus píosaí adhastair ó phortach ag Áth Tíomáin, Co. na Gaillimhe; agus cuing adhmaid ó phortach ag an Oirimh, Co. Mhaigh Eo. Áirítear le hairm: sciath leathair ó Chluain Orrtha, Co. Thiobraid Árann; claíomh adhmaid ó Bhaile Mhic Giolla Mhuire, Co. Chill Mhantáin; urlaí sleánna ó Lios an Chrochaire, Co. Aontroma agus ón tSionainn ag Beannchar, Co. Uíbh Fhailí; agus ceann sleá ó Bhaile an Rútaigh, Co. Lú. Áirítear le huirlisí féastaíochta: coire cré-umha mór ó Bhaile Éamainn, Co. na Gaillimhe; cupa óil ó Cheis Charraigín, Co. Liatroma; agus babhlaí adhmaid ó Mhachaire Rann, Co. Dhún na nGall agus ón Imleach Mór, Co. Ros Comáin.
Is cosúil go raibh snoiteáin adhmaid antrapamorfacha amhail na cinn ó Ráth Lachan, Co. an Chabháin agus ón gCorr Liath, Co. Longfort ina gcomharthaí críche. Ar taispeáint freisin tá soitheach adhmaid ina raibh ofrálacha móideacha ime móra. Fuarthas é sin i bportach ag Ros Bearraigh, Co. Chill Dara, an portach céanna ina bhfuarthas corp Fhear Bhaile Bharúin Thiar.
Dealraíonn sé go raibh baint ag gach ceann de na hearraí sin le hinsealbhú rí nua, agus dealraíonn sé gur cuireadh iad i limistéir chríche mar dhearbhú agus mar shainiú de cheannas an rí nua.
Sa taispeántas freisin tá macasamhail de shoitheach airgid mór a fuarthas i bportach sa Danmhairg ar a dtugtar Coire Gundestrup. Ar an taobh amuigh den choire taispeántar íomhánna de dhéithe Ceilteacha agus ar phainéil ar an taobh istigh taispeántar radhairc ar féidir iad a shainaithint mar dheasghnátha ríogachta agus ceannais. San áireamh leis na híomhánna tá tagairtí d’íobairt dhaonna.