Féach ar amlíne de mhór-eachtraí stairiúla a chuaigh i gcion ar Éirinn foain tuath idir 1850 agus 1950.
1850 – 1869
- Go díreach i ndiaidh an Ghorta Mhóir (1845-1850) rinne an bás agus an imirce teaghlaigh agus pobail a scrios agus a scaipeadh.
- In 1841 bhí daonra beagnach 8.2 milliún ann. Faoi 1871 bhí 5.4 milliún ann.
- Sa tréimhse seo tháinig Bráithreachas Phoblacht na hÉireann (nó na Fíníní) ar an bhfód freisin, cumann rúnda a bhí ann arbh é a phríomhchuspóir poblacht Éireannach a bhaint amach, leis an lámh láidir.
1870 – 1882
- Chuaigh go leor feirmeoirí le Conradh na Talún, eagraíocht a bhunaigh Michael Davitt in 1879, agus Charles Stewart Parnell ina uachtarán air, chun stocaireacht a dhéanamh ar chíos ní b’ísle agus ar úinéireacht na talún. Bunaíodh Conradh Talún na mBan in Eanáir 1881.
- Is éard a bhí i gCogadh na Talún (1879-1882) léirsithe móra agus corraíl shibhialta agus dhírigh sé ar choinníollacha tionóntachta agus úinéireacht talún a d’eagraigh Conradh na Talún. In 1881 ghlac Conradh Talún na mBan ceannas ar reáchtáil an ollfheachtais seo, agus cosc dlíthiúil ar Chonradh na Talún agus na ceannairí ar fhir iad i bpríosún.
- Leanadh den eisimirce ar scála mór, tháinig ardú mór ar dhaoine a thug an bád bán orthu féin sna 1870idí deireanacha agus 1880idí luatha; rud a bhain le drochfhómhair, díbirt agus achrann talúntais.
- Cheadaigh Acht Dhlí na Talún (Éire) (1881) cinnteacht seilbhe le haghaidh tionóntaí fad is a d’íocfaí an cíos, ceart díola leasanna na dtionóntaí ina ngabháltas agus cíos cóir a shocródh cúirt neamhspleách talún. Bhí an tAcht tábhachtach sa mhéid is gur aithin sé leas an tionónta agus an tiarna talún araon sa Talamh.
- Ó 1882 i leith cuireadh tús leis an bhfeachtas polaitíochta ar son Rialtas Dúchais faoi stiúir Parnell, lorg sé Parlaimint Éireannach i mBaile Átha Cliath.
1883 – 1891
- Mhaolaigh an chorraíl pholaitíochta, ach bhí tionchar ag athrú sóisialta agus eacnamaíoch ar shaol mhuintir na tuaithe. Ba thréimhse rathúnais í seo i gcomórtas le tréimhsí eile. Chuir an tAcht Oibrithe 1883 tithe ar fáil d’oibrithe ar cíos íseal. Tháinig laghdú ar an ráta eisimirce.
- Murab ionann le tíortha eile, ba bheagán le cois leath de gach eisimirceoir iad na mná i ndiaidh 1880.
- Bunaíodh Conradh na Gaeilge in 1893 chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus in 1884 bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael chun cluichí Gaelacha a chur chun cinn.
- D’athraigh sraith Achtanna Talún córas na ngabháltas ó bhonn in Éirinn ó chóras a raibh eastáit chríche tiarnaí talún go mór in uachtar ann go dtí córas a raibh gabhálaithe ar úinéirí iad go mór i gceist leis. Lean na hachtanna talún breise thíos a leanas Acht an Tiarna Talúin agus Tionónta 1870:
- 1881 (Dara hAcht Gladstone)
- 1885 (Acht Ashbourne)
- 1891 (Acht Balfour)
- 1903 (Acht Wyndham)
- 1909 (Acht Birrell)
1892 – 1915
- Le linn na tréimhse seo bhí riar maith feirmeoirí tionóntacha in ann a gcuid talún féin a cheannach.
- Thacaigh Bord na gCeantar Cúng a bunaíodh in 1891 le tionscail tinteáin chun breis foinsí ioncaim a sholáthar do theaghlaigh feirme.
- Bhí an eisimirce ard fós, théadh tuairim is 43,000 ar imirce gach bliain ó 1900 go 1913.
- Rialaigh bunú na gcomhuachtarlann sa tréimhse seo praghsanna bainne.
- In 1909 tugadh an Pinsean Seanaoise isteach.
- Bunaíodh Bantracht na Tuaithe in 1910.
- Mar thoradh ar ghníomhaíochtaí Chonradh na Gaeilge tugadh teagasc na Gaeilge isteach i roinnt bunscoileanna.
- Laistigh d’Éirinn bhí scoilt ann maidir leis an Rialtas Dúchais. Bunaíodh Óglaigh Náisiúnta na hÉireann in 1913 chun Rialtas Dúchais a chosaint agus bunaíodh Óglaigh Uladh a bhí ní ba lú sa bhliain chéanna, chun cur ina choinne.
- Nuair a bhris an Cogadh Mór amach in 1914 chuaigh go leor Éireannach isteach in Arm na Breataine agus throid siad sna trinsí.
1916 – 1923
- Cé go raibh Éirí Amach na Cásca 1916 teoranta do Bhaile Átha Cliath tríd is tríd, troideadh Cogadh na Saoirse (1919-1921) in go leor áiteanna ar fud na tíre.
- Bhunaigh an Conradh Angla-Éireannach 1921 rialtas na sé chontae is fichead as dhá chontae is tríocha mar thiarnas féinrialaitheach ar a dtabharfaí Saorstát Éireann laistigh de Chomhlathas na Breataine.
- Tháinig ann do Shaorstát Éireann go foirmiúil ar an 6 Nollaig 1922.
- Throid an Stát leo siúd a chuir i gcoinne roinnt de théarmaí an Chonartha sa Chogadh Cathartha (1922-1923) a tharla ina dhiaidh. Scoilt sé pobail agus teaghlaigh agus cuireadh críoch leis nuair a d’fhógair siadsan a bhí i gcoinne an Chonartha sos cogaidh.
1924 – 1950
- I ndiaidh neamhspleáchas a bhaint amach d’fhoghlaim daoine conas déileáil le hinstitiúidí oifigiúla an stáit nua lena n-áirítear státseirbhís mhéadaithe.
- Ó 1932 i leith chailleadh stáitseirbhísigh agus múinteoirí bunscoile ar mhná iad a bpoist nuair a phósaidís.
- Bhíodh daoine ag brath ar obair shéasúrach imirce fós, go mór mór i gcas mhuintir Mhaigh Eo agus Dhún na nGall.
- Sna 1930idí, bhí feirmeoirí thíos leis de bharr cogadh trádála idir Éirinn agus an Bhreatain, ach tháinig ardú ar phraghsanna le linn an Dara Cogadh Domhanda nuair a chuireadh Éire neodrach bia ar fáil don Bhreatain.
- In 1948 ritheadh Acht Phoblacht na hÉireann agus cuireadh deireadh leis na naisc dheireanacha leis an mBreatain.