Scipeáil chuig ábhar

Cainteanna ar Líne: Na Doiciméid Murray

In 2023, fuair Ard-Mhúsaem na hÉireann bronntanas de 40 doiciméad a bhain leis an teaghlach Murray a raibh cónaí orthu faoin tuath i gContae Shligigh.

Cuimsítear sna doiciméid dhea-chaomhnaithe doiciméid a mhaireann 150 bliain ó thús an naoú haois déag go dtí lár an fichiú haois agus a thugann léargas ar shaol an ghnáth-theaghlaigh feirmeoireachta.

Mar chuid de chlár Sheachtain Oidhreachta 2024 an Mhúsaeim, tá rogha de na doiciméid seo ar fáil anois agus is féidir féachaint orthu i dtaispeántas nua ar líne.
Tacaítear leis an taispeántas seo le sraith de thrí chaint ar líne, a bheidh le feiceáil ó 1pm Déardaoin, 22 Lúnasa. 
(Tabhair faoi deara, is cainteanna réamhthaifeadta iad seo)

Caint 1 - Na Doiciméid Murray

Leagann Noel Campbell, coimeádaí in Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe a bhfuil freagracht aige as bailiúchán talmhaíochta Shaol Tuaithe na hÉireann, béim ar rogha de na doiciméid Murray a ndearna sé taighde agus taifead orthu. Tá ábhar tagartha ar fáil anseo

Caint 2 - Na Doiciméid Murray a Chaomhnú

Is í Ellen Mc Keever caomhnóir páipéir Ard-Mhúsaem na hÉireann. Pléifidh Ellen an chaoi ar láimhseáil roinn caomhnóra Ard-Mhúsaem na hÉireann doiciméid Murray agus iad ag ullmhú don ghrianghrafadóireacht. Úsáideadh raon teicnící praiticiúla chun seasmhacht agus cuma radhairc na ndoiciméad stairiúil seo a fheabhsú agus cloíodh ag an am céanna le héiteas an Mhúsaeim maidir leis an méid is lú idirghabhála a dhéanamh agus is féidir.

Caint 3 – Bunús Thionscal Próiseála Mairteola na hÉireann 1950-60

Is staraí agus iriseoir é an Dr Declan O’Brien a oibríonn mar chomhfhreagraí nuachta leis an Irish Farmers Journal. Chríochnaigh sé PhD sa stair nua-aimseartha i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach in 2021, agus a thráchtas dochtúireachta ag déanamh iniúchta ar fhorbairt thionscal próiseála mairteola na hÉireann idir 1950 agus 1986. D’fhoilsigh Four Courts Press a thráchtas MA ar mheath Mhargadh Eallaigh Bhaile Átha Cliath mar chuid de shraith Staidéar ar Stair Áitiúil de chuid Ollscoil Mhá Nuad. Tá ailt phiarmheasúnaithe foilsithe ag Declan sa Journal of Co-operative Organisation and Management agus san Irish Economic and Social History.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions