.
An Bheach Meala Dhorcha
An Bheach Meala Dhorcha
(Apis mellifera mellifera)
Is fospeicis é an Bheach Mheala Dhorcha (Apis mellifera mellifera) atá nádúrtha i dTuaisceart na hEorpa. Tá sé oiriúnaithe chun maireachtáil in aeráidí fionnuara. Tá laghdú suntasach tagtha ar phobal na mBeach Meala Dorcha i Mhórroinnn na hEorpa, Tá sé sin mar gheall ar thionchar fospeicis beach meala eile na ó áiteanna eile san Eoraip, chomh maith le fíneoga Varroa, galair, lotnaidicídí agus caillteanas gnáthóige. Tá pobal mór fiáin de na Beacha Meala Dorcha nádúrtha in Éirinn fós.
Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann ag comhoibriú le heolaithe ó Ollscoil na Gaillimhe chun tuiscint a fháil ar ghéineolaíocht phobail Bheacha Meala na hÉireann san am a chuaigh thart.
An Bheach mheala Eorpach
Tá 7 speiceas éagsúla de bheach mheala ar domhan ach ní mhaireann ach 1 speiceas acu san Eoraip.
Déanann na beacha meala neadacha as céir a thálann na beach oibre as faireoga speisialta ina n-eireaball. Ní bheireann ach an Chráinbheach Meala uibheacha ach tógann na bheach oibre na beacha óga. Cothaítear iad le meascán neachtair agus pailine, a stóráiltear taobh istigh den chíor mheala mar bhia do na beacha atá ag fás. Coirceoga a thugtar ar na coilíneachtaí beach heala a láimhseálann beachairí. Is féidir le beachairí mil agus céir a bhailiú ó Choirceoga. Tá beacha meala á láimhseáil ag daoine leis na mílte bliain, ach tá pobail beach meala fiáin coitianta ar fud na hÉireann freisin, áit a neadaíonn siad go minic i gcnuais chrainn.
Suíomh:
An Bheach Meala Dhorcha suite ag:
On Display
An déantán roimhe seo:
An chéad déantán eile:
An Bhumbóg Chuaiche Ghiofógach