NMI Collections NH:2003.26
An Bheach Shaoir Órchiumhsach
An Bheach Shaoir Órchiumhsach
(Osmia aurulenta)
Faightear an bheach bheag seo i ndumhcha feadh chósta thoir na hÉireann. Is é an t-aon speiceas beacha in Éirinn a dhéanann a nead taobh istigh de shliogáin seilide fholmha. Caitheann na baineannaigh tamall fada ag cuardach na sliogán is fearr le neadú iontu. Cuireann na beacha fireanna críoch ar bun thart ar shliogán seilide agus cosnaíonn siad an limistéar sin ag súil le céile a mhealladh.
Na Beacha Duillghearrtha, na Beacha Biorearrach agus na Beacha Saoire
Tá os cionn 4,000 speiceas ar fud an domhain san fhine mhór beach sin, lena n-áirítear 9 speiceas a mhaireann in Éirinn. Áirítear sa ghrúpa seo na Beacha Duillghearrtha (speiceas Megachile), na Beacha Biorearracha (speiceas Coelioxys), agus na Beacha Saoire (speicis Osmia). Cognaíonn na Beacha Duillghearrtha píosaí ciorclacha de dhuilleoga agus úsáideann siad iad sin lena neadacha a dhéanamh. Bailíonn siad pailin agus tugann siad dá mbeacha óga é lena hithe.
Ní dhéanann beacha biorearracha a nead féin. Beireann siad a gcuid uibheacha taobh istigh de nead beiche duillghearrtha agus goideann siad a gcuid bia.
Úsáideann beacha saoire láib den chuid is mó chun neadacha a dhéanamh taobh istigh de scoilteanna nádúrtha.
Suíomh:
An Bheach Shaoir Órchiumhsach suite ag:
On Display
An déantán roimhe seo:
An chéad déantán eile: