Scipeáil chuig ábhar

Cad atá sa Stór: Saothar Ealaíne na hÁise

Bowl and cover, Canton Enamel, 18th century

Is féidir le cuairteoirí ar an ngailearaí Cad atá sa Stór? breathnú ar bhailiúcháin an Mhúsaeim a choimeádtar i stóras de ghnáth. Léigh níos mó faoi shaibhreas de dhéantáin na hÁise agus scrínte, laicear, eabhar agus cruan ina ngnéithe uile, ón tSeapáin, ón tSín, ó Bhurma agus ón India.

Cumhdaigh Sheapánacha, Bailiúchán Bender, Eabhar & Laicear Síneacha

Baintear úsáid as an téarma ‘Amidanyorai Zazo’ chun ainm a thabhairt ar na sciní mar a fheictear sa tsraith seo. Chuirtí sa teach iad agus díríodh urnaí orthu. I roinnt cásanna bhí said óraithe go gleoite agus suite laistigh de ranna, a d'fhéadfaí a dhúnadh.

Bhronn Albert Maurice Bender (1866 - 1941) é féin Bailiúchán d'Ealaín an Chianoirthir i rith na 1930í agus tá tábhacht shuntasach idináisiúnta leis Rinneadh an bronntanas mór seo in onóir dá mháthair Augusta Bender agus tugadh é do thír a bhreithe. ó tharla gur i mBaile Átha Cliath a rugadh é. Tháinig cáil ar Bender i gcathair San Francisco, áit a raibh sé ina bhrócaer árachais, pátrún ar na healaíona, agus iontaobhaí ar Mills College, Oakland I mBailiúchán Bender tá pictiúirí "angka", priontaí bloc adhmaid, fallaingí, greallóg, buidéil snaoiste, eabhar, péatar, criadóireacht, dealbhadóireacht reiligiúnda, bábóga, agáit, clochchriostal, gloine, laicear, sapainít agus dealbhadóireacht, a bhfuil roinnt acu ar taispeáint.

Laistigh den tsraith seo tá miotaladóireacht chruanta Chantanach, deilbhíní cré Síneacha, adharc srónbheannaigh snoite, rudaí a bhaineann le reiligiúin Confúiceach agus Taoch agus agalmatailít. Ba chóir suntas ar leith a dhéanamh d'eabhar agus leacar Síneach. Go deimhin, tá an chodarsnacht sa dearach idir na réada seo agus a macasamhlacha Seapánacha i Sraitheanna 9 agus12 soiléir, toisc go bhfuil dearadh treáite ar eabhar Síneach.

Dealbhadóireacht Burmach, Laicear Seapánach

Ba é Gautama Buddha (563-483B.C.) a bhunaigh an Búdachas ar dtús san India. Is iad na trí phríomhchreideamh Búdacha ná i) Gach ní ag athrú go síoraí. Níl ann do ‘a bheith’ ach ‘teacht chun bheith’; ii) is naisc láithreacha gearrshaolacha atá i ndaoine i slabhra cúise agus éifeachta ar a dtugtar Karma; iii) ní mór iarrachtaí pearsanta a dhéanamh chun fáil réidh leis an smaoineamh maidir le hindibhidiúlacht mar an t-aon bhealach chun slánú críochnúil a bhaint amach. Tagann formhór de dhealbhadóireacht Buddha sa tsraith seo ó Burma (Maenmar an lae inniu) agus is ón 19ú haois is mó a thagann sé. I measc na ngothaí atá le feiceáil i ndealbhadóireacht Búdach tá an ‘Abhaya mudra’: gotha athdhearbhaithe; an lámh amach, bos in uachtar, leis na méaracha sínte amach ar fad. Sa ‘Bhumisparsa mudra’ feictear an Buddha ag leagan lámh ar an talamh, ag glaoch ar bhandia na talún a bheith mar fhinné dá cheart suí faoin gcrann feasa. Léiríonn an ‘Dhyana mudra’ machnamh Buddha, agus tá na bosa in uachtar lena mhéaracha sínte amach, suite ceann ar an gceann ina ucht.

Tá os cionn 1,500 réad i mbailiúchán ealaíne maisitheach Seapánach an Ard-Mhúsaeim. Tagann an chuid is mó de na déantáin seo ó na tréimhsí Edo (1600-1868A.D.) agus Meiji (1868-1912A.D.). Is iad an bheirt is mó a bhronn ábhar Seapánach i rith dheireadh an 19ú/ tús an 20ú haois ná Diúc Laighean agus an tUasal Thom. Is cásanna cloiche dúigh/boscaí scríbhneoireachta, tráidirí túise, piliúir, boscaí litreach, soithí bia agus boscaí cíora é an laicear Seapánach atá sa taispeántas. I measc na dteicnící a bhaineann le laicear an 18ú agus 19ú haois tá: ‘Hiramaki-e’, maisiúchán éadrom nach n-úsáideann ach laicear; an teicníc ‘maki-e’; ina spréitear dusta miotail ar chóta de laicear fliuch, agus ‘Takamaki-e’: dearadh rilífe atá déanta trí mheascán gualach, cré agus laicear a mhúnlú.

Tibéid, an Pheirs

Tá an t-ábhar ón Tibéid atá ar taispeáint sa tsraith seo déanta as miotalóireacht a ceannaíodh ó chathair Lhasa i 1904. Is sampla iontach maith den difir fíneálta idir an dearadh Tibéadach, Indiach agus Síneach í an intlis roth urnaí le turcaid. Is cineál creideamh Búdaíoch é Lamaism, a chleachtaítear sa Tibéid. Eagraítear é faoi bheirt sagart ar a dtugtar Lámaí, agus tá sainchúram polaitiúil chomh maith le reiligiúnach orthu. Tugtar an Dalaí Láma ar an Láma is tábhachtaí.

Cuireadh an Bailiúchán Peirseach den Ard-Mhúsaem le chéile mar chuid d’iarracht chomhaontaithe chun ealaín fheidhmeach de chuid fho-ilchríoch India a thaispeáint agus a mhíniú agus go traidisiúnta fuarthas é i gcomhar le hábhar ón India, ó Burma agus ón bPacastáin. Nuair a bunaíodh an Músaem Eolaíochta agus Ealaíne, Baile Átha Cliath (ar a dtugtar Ard-Mhúsaem na hÉireann anois) in 1877, chiallaigh naisc leis an South Kensington Museum i Londain (an Victoria & Albert anois) go raibh beartas i bhfeidhm go gceannófaí ealaín agus dearadh Áiseach. Bhí an beartas seo ann chun rochtain cheardaithe Éireannacha comhaimseartha ar dhearadh idirnáisiúnta a éascú. I measc na réad ón Iaráin (An Pheirs) atá ar taispeáint tá snoíodóireacht adhmaid (santal agus adhmad piorra den chuid is mó) a léiríonn teicníc ‘á jour’ treáite, mionphictiúir de Shah a bhí ann roimhe seo agus cruan, eabhar, miotalóireacht agus séalaí ó cheannach 1878-1879 Caspar Purdon Clarke. Rugadh Purdon Clarke i mBaile Átha Cliath i 1846. Ceapadh é mar stiúrthóir ar Mhúsaem Victoria & Albert in 1896, agus ina dhiaidh sin fuair sé post mar stiúrthóir ar an Metropolitan Museum i Nua Eabhrac i 1905.

Fo-Ilchríoch na hIndia

Tá éagsúlacht iontach i mBailiúchán na hIndia, a fhormhór ón 19ú haois le roinnt eisceachtaí suntasacha. Sampla de na heisceachtaí seo ná dealbh ón réigiún ar a dtugtar Gandhara (iarthuaisceart na hIndia agus oirthear na Pacastáine) i Sraith 10, a thagann ón 1ú haois BC. Is stíl de bhunús Gréag-Rómhánach é a d’fhorbair idir an dáta sin agus an 7ú haois A.D. Bhí stíl chomhaimseartha dealbhóireachta cosúil leis flúirseach chomh maith, sé sin ealaín Kushan Mathura (Uttar Pradesh, India). I measc na gcatagóirí d’ábhar na hIndia ar taispeáint tá adhmad snoite, laicear, eabhar, seodra, miotalóireacht agus múnlaí. Ó thaobh na miotalóireachta de, tugtar earraí Bidri ar cheann de na teicnící Indiacha is tréithiúla; cóimhiotal de chopar agus sinc, le púdar cruaiche agus luaidhe curtha leis ó am go chéile (a inleagtar ar mhiotail eile). Tagann sé ó ainm an bhaile Bidar i Mysore, agus ba iad na príomhionaid déantúsaíochta ná Lucknow, Purnea agus Murshidabad.

Cuid de na réada suntasacha eile sa tsraith seo ná an húca agus an lota. Is píopa tobac é an húca a bhfuil gabhdán ann chun uisce a choinneáil trína dtéann deatach suas go dtí béalóg óna n-análaítear é. Is ó mhiotal a thagann formhór na húcaí san Ard-Mhúsaem, cé go mbailítear cuid atá déanta as leathar freisin. Soitheach de chruth cruinne is ea an lota, a d'úsáidtí chun uisce ón Abhann Ganges a choinneáil, uisce d'urnaithe searmónta nó bainne, fiú, ó am go ham. De ghnáth, is éard a bhí sa mhaisiú ná 10 n-ionchollú an dia Vishnu, atá ar cheann de ‘Tri-murti’ nó Tríonóid Hiondúch, in éineacht le Brahma and Siva.

Samúraí Seapánach, Eabhar agus Cruan

Tá an chuid is mó den Bhailiúchán Seapánach sa tsraith seo. Tagann cathéide na laochra samúraí atá ar taispeáint ó thréimhse na nEadóch (1600-1868 AD). Tá 32 pláta sa chlogad nó ‘kabuto’, tá cúig chuid laicearaithe sa gharda baice nó ‘shikoro’ agus tá seacht sraith sa chathéide muinchille nó ‘kote’ mar atá sna gardaí gualainne nó ‘sode’. Tá an chathéide seo an-difriúil ón gcathéide atá á chaitheamh ag na saighdiúirí coise ó ré Kamakura i leith (1185 - 1392 AD), a bhfuil leagan níos déanaí de ar taispeáint sa ghailearaí ‘Ón Stór’.

Tá na figiúirí eabhair atá ar taispeáint ina samplaí fíoráille d’ealaín Sheapánach agus tagann siad ó ré Meiji (1868 - 1912 AD). Tá síniú ar an gcuid is mó díobh, le hainmneacha ceardaithe ealaíne tábhachtacha ar nós Gyokushu, Meizan, Toshikazu, Kameyama, Chikanobu, Ekimasa agus Shinmei le feiceáil orthu. Laistigh de chatagóir na snoíodóirí tá ‘netsuke’ nó scoráin ornáideacha a crochadh ar chriosanna. I measc na nithe atá ar taispeáint, iad ag teacht ó ré na nEadóch den chuid is mó, tá foirmeacha ar nós an figiúr de Hotei (dia Seapánach rachmais agus sonais), cochall pise, luch, toirtís, gabhar, leon agus dhá dhiabhal ina ndrumadóirí. I measc ainmneacha na ndéantóirí tá Koharu, Minko, Masanao, Unpo, Shincho, Hokei, Kazutora, Masahiro agus Ryosetsu Dojin.

Tá na réada cruanta sa Bhailiúchán Seapánach ina samplaí breátha chomh maith d’ealaín fheidhmeach ré Meiji. Ó dhóirí túise go plátaí, vásaí bláthanna, potaí agus tráidirí, is léir conas a chuaigh a leithéid de mhaisiúcháin i gcion ar fhorbairtí ealaíne Eorpacha díreach roimh an Ealaín Nua lena dathanna saibhre agus a rianú spásúil sainiúil.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions