Scipeáil chuig ábhar

Buantaispeántas

Cad atá sa Stór?

Saorchead Isteach

Plate of glazed porcelain, 1870s/80s, Queen’s Institute, Dublin

Tá gach bailiúchán cúltaca ar taispeáint. Ina measc tá bailíúcháin gloine, ealaíon feidhmeacha ón Áise, earraí airgid agus miotalóireacht, ina bhfuil ábhar as Éirinn, an Bhreatain, an Eoraip, an Meánoirthear, an India, an Phacastáin, Burma, an tSín, an tSeapáin agus an Tibéid.

Sa bhailíúchán Áiseach sa dara agus sa triú roinn den stór, tá ábhar amhail laicear, séad, cruan, dealbha, péintéireacht agus miotalóireacht.

Sa bhailiúchán Áiseach sa dara agus sa triú roinn den stór, tá ábhar amhail laicear, séad, cruan, dealbha, péintéireacht agus miotalóireacht.

Tá an bailiúchán Ceirmeachta ar taispeáint sa dara roinn den stór. Gheofar ábhar tábhachtach Éireannach ar nós cré-earraí ón 18ú haois, poirceallán Bhéal Leice, Frederick Vodrey, Institiúid na Banríona, Carraig Uí Leighin agus ealaín cheirmeach na linne seo in éineacht le maisealaca Iodálach agus Spáinneach, poirceallán Seapánach, blanc-de-chine Síneach, Wedgewood, crua-earraí cré Gearmánacha, faensa Francach, potaireacht Ioslamach agus earraí deilfe Ollannacha.

Sa taispeántas gloine gheofar déantáin Rómhánacha, Peirseacha, Indiacha, Veinéiseacha agus Art Nouveau le hais bhailiúchán gloine na hÉireann ón 18ú agus ón 19ú haois ó Bhaile Átha Cliath, Corcaigh, Béal Feirste agus Port Láirge, bailiúchán a bhful cáil idirnáisiúnta air.

Tá uirlisí tábhachtacha eolaíocha ann, leis, ón 17ú haois amach go dtí an 20ú haois, mar aon le bailiúchán uaireadóirí an Mhúsaeim, arb as an tréimhse 1750-1850 a bhformhór. Sa cheathrú roinn den stór atá siad siúd, i dteannta bailiúcháin de phláta Sheffield, leictreachlónna, péatar, prás, cré-umha, airgead agus seodra

 

.

Suíomh:


Cad atá sa Stór? suite ag:
Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7
D07 XKV4


Fiosraigh bailiúcháin de chuid an Mhúsaeim a choinnítear sa stór de ghnath. Áirítear laicear, greallóg, agus cruan na hÁise, chomh maith le hionstraimí eolaíochta & criadóireacht na hÉireann, maraon le gloine Rómhánach, Peirsiach, Veinéiseach & Ealaín Nua.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Ealaíona Maisiúla & Stair

Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4

+353 1 677 7444