Scipeáil chuig ábhar

An Chré-Umhaois

Ó thart ar an mbliain 2500 R.Ch. leis an eolas a bhí ann maidir le hobair a dhéanamh ar ór agus copar thosaigh ré nua d'fhorbairt chultúrtha in Éirinn agus chinntigh an cleachtas a bhí ann chun réada a chur isteach i dtaiscí i rith na Cré Umhaoise go bhfuil acmhainn shaibhir ann do bhailiúcháin an Mhúsaeim d'airm chré-umha agus d'ornáidí óir. Is é is dóichí gurb í an ornáid mhuince chorránach ar a dtugtar an Luanla an réad óir leis na tréithe is mó den Chré-umhaois Luath-Éireannach, agus tá 50 sampla díobh sa bhailiúchán. Tháirg gaibhne miotail luatha dioscaí agus réada óir eile chomh maith le go leor uirlisí agus airm copair agus cré-umha cosúil le tuanna, miodóga, cinn sleánna agus halbaird. Aimsíodh os cionn 2,000 ceann tua amháin den Chré Umhaois Luath, agus tá an chuid is mó díobh seo i mbailiúcháin an Ard-Mhúsaeim.

I rith na Cré Umhaoise níos luaithe ba é an cleachtas a bhí ann ná daoine a chur sa talamh i reiligí beaga, agus is iondúil go gcuirtí soitheach potaireachta nó roinnt soithí leis na marbh. Thángthas ar os cionn 1,300 uaigh. Mar thoradh air seo, tá an-chuid potaireachta ón gCré Umhaois Luath sa bhailiúchán, Soithí Bia den chuid is mó, agus tá os cionn 700 acu sin ann. Tá soithí sochraide níos mó ann freisin ar a dtugtar Síothla, agus tá timpeall 200 acu sin ann, chomh maith le timpeall 70 mionsoitheach.

I rith na Cré Umhaois níos déanaí bhí meath in ealaín na potaireachta, b'fhéidir gur bhain sé seo leis na hathruithe a bhí sna nósanna adhlactha a d'fhág nach raibh feidhm le táirgeadh na potaireachta sochraide den chuid is mó. Ach, leis an dul chun cinn a rinneadh ar theicneolaíocht miotalóireachta agus leis an méadú sa rachmas, tháinig méadú ar réimse agus ar chastacht na réad a tháirg na gaibhne, agus tháinig méadú ar an líon díobh a chuir úinéirí saibhre i dtaisce. Bhí taisce eisceachtúil de réada cré-umha ó Dhúiríos, Co. Uíbh Fhailí ina raibh 218 réad, b'fhéidir, agus ina measc bhí claimhte, cinn sleá, tuanna, gáinní, sceanra, rásúir, coirí, buicéid, adharca, crotail agus réada eile ilchineálacha. Fuarthas taisce ollmhór ornáidí óir ag an Múchán Thuaidh i gContae an Chláir in 1854. Ba bhráisléid iad an chuid is mó den timpeall 146 réad ach sa taisce bhí seacht n-ornáid mhuince, dhá thinne agus dhá fháinne idirlúbtha. Is léiriú é líon na réad den Chré umhaois Dhéanach sa bhailiúchán toisc gur aimsíodh níos mó ná 200 taisce miotalóireachta, agus ní mór líon suntasach na dtaiscí aonair fánacha a chur leis an líon seo chomh maith le seaniarsmaí a aimsíodh i rith tochailtí seandálaíochta. 

Is foinse shaibhir iad na portaigh mhóna de réada den Chrénbsp;umhaois, réada orgánacha san áireamh ar nós rothaí bloic adhmaid ó Dhúdhoire Mór, Co Ros Comáin agus éadach olla maisithe le bobailíní róin a úsáideadh chun taisce mhóideach de réada cré-umha a chlúdach ag na Comhracha, Co. Aontroma.

I gcásanna éagsúla aimsíodh muincí céimnithe ina bhfuil coirníní móra ómra agus seans go raibh a oiread céanna agus 160 coirnín in a leithéid de thaisce ó Chontae Uíbh Fhailí, agus aimsíodh an t-amhábhar dóibh sa cheantar Baltach de Thuaisceart na hEorpa. Tá tuilleadh ábhair den chineál orgánach curtha leis na bailiúcháin leis na tochailtí a rinneadh ar na láithreáin crannóg den Chré umhaois ag Baile an Doire, Co. Uíbh Fhailí, Offaly, Cnoc na Leapa, Co. an Chláir agus Loch Uí Ghadhra, Co. Shligigh, agus ina measc tá réimse déantán tí.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions