Tá an bailiúchán seo déanta as troscán a rinneadh in Éirinn agus a bhí coitianta i dtithe traidisiúnta. Tá cathaoireacha, drisiúir, leapacha suíocháin, cófraí agus gabhdáin agus cófraí beaga adhmaid ann.
Tá píosaí adhmadóireachta níos lú ann chomh maith, cosúil le babhlaí adhmaid; nithe plancógtha, cosúil le naigíní agus cuinneoga; agus píosaí adhmaid snoite, cosúil le priontaí ime.