Scipeáil chuig ábhar

An Chlochaois

Ach amháin do chalóg breochloiche ó Mheille, Co. Lú, a creideadh a tugadh go hÉirinn ag oighearchlúid roimh 70,000 BC, is ón aois Mhéisiliteach a thagann na réada Clochaoise is luaithe sa bhailiúchán, agus tagann said ó thart ar 7000 BC go 4000 BC. Fionnachtana fánacha is mó atá sa bhailiúchán ach tá ábhar tuchailte ann freisin ar nós micrilití seirle agus tuanna luath-Mhéisiliteacha ó lonnaíocht ag Loch na Buaraí, Co. Uibh Fhailí agus ábhar Méisiliteach níos déanaí ó thrá ard ag Carraig an Mharascalaigh, Co. Lú.

Faoi thart ar 3700 BC bhí an fheirmeoireacht tagtha in áit an gheilleagair seilge agus bailithe in Éirinn Mhéisiliteach agus fianaise is ea líon mór na dtuanna cloiche snasta sa bhailiúchán ón tréimhse Neoiliteach ar an nglanadh leathan de choillte a thosaigh ag an am seo. Tagann an-chuid de na litigh ó gach tréimhse atá ar coinneáil sna bailiúcháin ó bhailiúcháin phríobháideacha a chruinnigh leithéidí William James Knowles, Dr Alexander D’Evelyn, George Kinahan, Rev Leonard Hassé agus Seaton Milligan sa 19ú agus 20ú haois. Sa 20ú haois cuireadh bailiúchán leathan le chéile le linn na hoibre allamuigh a rinne an tOllamh G. F. Mitchell, a rinne tochailt ar roinnt auíomhanna Clochaoise freisin.

Tagann go leor den ábhar ársa ó shuíomhanna dumhcha cósta óna bhfuarthas réimse cuspóirí, litigh, tuanna cloiche agus potaireacht Neoiliteach san áireamh. Fuarthas litigh eile Neoiliteacha, tuanna clooiche, criadóireacht agus pearsanta ó shuíomhanna afhlactha, lena n-áirítear fionnachtana ó réimse de thuamaí meigiliteacha. Mar thoradh ar thochailt i suíomhanna cónaithe, fuarthas déantáin de nádúr níos cóngaraí do bhaile ar nós brónna diallaite agus pointí cnáimhe chomh maith le huirlisí breochloiche ar nós scríobairí, lanna, sceana agus cinn saighde.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions