Ceiliúrtar féile na Samhna, an chéad lá den Gheimhreadh, ar an 1 Samhain.
Mar a bhíonn le neart féilte traidisiúnta, is san oíche roimh ré a bhíodh formhór an cheiliúrtha. Déantar an oíche seo roimh ré, Oíche Shamhna, a cheiliúradh fós ar fud na hÉireann le féasta agus cluichí. Tagann an t-ainm ón oíche roimh Lá na Naomh Uile.
Go traidisiúnta, dheintí fómhar de thorthai agus cnónna a bhailiú don fhéile agus bhídís in úsáid i gcluichí na leanaí ar an oíche freisin. Bhíodh cluichí pósta á n-imirt freisin. Thugtaí oíche na dtaibhsí nó oíche na spiorad ar Oíche Shamhna freisin agus measadh go dtiocfadh anamnacha na marbh ar ais ar an mbaile. Cheaptaí freisin go mbíodh droch-spioraid gníomhach, mar sin sheachain daoine taisteal ina n-aonar istoíche.
Dheintí aghaidheanna fidil chun comharsana a scanrú ar Oíche Shamhna agus ba mhinic grúpaí d'fhir agus leanaí ag dul ar cuairt agus ag siamsaíocht.