- Taispeántas ilmheán, buaicphointe Chónaitheacht Ealaíontóra trí bliana a rinne Anthony Haughey, arna léiriú ag Maolíosa Boyle agus Jonathan Cummins
- I measc na mbuaicphointí tá ‘A Dress for Akunma’ (Gúna do Akunma), éadaí iontacha a chomhcheanglaíonn script Ogham na hÉireann agus Nsibidi, ‘A Manifesto for A Future Ireland’ (Forógra d’Éirinn na Todhchaí) ar toradh é ar chúig Chomhthionól de Dhaoine Óga a reáchtáladh anuraidh, agus Remember to Forget the Past (Cuimhnigh an tAm atá Caite a Ligean i nDearmad), gearrscannán ina bhfuil. triúr ban Éireannach ón Afraic ag plé déantúsáin ó bhailiúcháin Eitneagrafaíochta an Mhúsaeim, agus an tslí ar mhúnlaigh scáth an choilíneachais sa naoú haois déag agus san fhichiú haois a saol.
Is é an taispeántas seo, a bheidh ar siúl go dtí an 30 Meitheamh 2024, buaicphointe chónaitheacht ealaíontóra Haughey san Ard-Mhúsaem, ó 2021 – 2024 agus ceiliúradh na cónaitheachta sin. Le linn a chónaitheachta d’oibrigh Haughey le níos mó ná 500 duine ar fud na hÉireann i sraith comhráite dinimiciúla, ceardlanna agus próisis fhadtréimhseacha ealaíne, chun sraith saothar ealaíne a chruthú le spreagadh ó bhailiúcháin an Mhúsaeim, ina bhfiosraítear an chaoi a ndéanaimid féiniúlachtaí cultúrtha atá ag teacht chun cinn a thuiscint agus chuimsiú.
Tá cónaitheacht Haughey ar cheann de chúig chónaitheacht atá maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Spóirt agus na Meán chun blianta deireanacha Dheich mBliana na gCuimhneachán a chomóradh, i gcomhthéacs Éire atá ag athrú, 100 bliain tar éis bhunú an stáit.
Tá we make our own histories (is muid údair ár scéalta féin) thar a bheith suntasach sa mhéid is gurb é seo an chéad uair a raibh taispeántas ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, inar thug ealaíontóir comhaimseartha freagairt dá bhailiúcháin ar an mbealach seo.
Dúirt Lynn Scarff, stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann,
Maidir leis an ealaíontóir Anthony Haughey, bhí go leor athshondas ag baint leis an gcónaitheacht, lena n-áirítear, a deir sé,“Sa taispeántas we make our own histories (is muid údair ár scéalta féin) smaoinímid ar an tslí is féidir spásanna don idirphlé agus do chomhráite a chuireann dúshlán dúinn agus a chothaíonn muid ag an am céanna a dhéanamh dár n-institiúidí náisiúnta cultúrtha. Léiríonn sé conas is féidir linn, trí rochtain níos fearr ar ár mbailiúcháin a thabhairt, áiteanna tacúla a dhéanamh dínn féin do shaothair nua ina scrúdaítear eispéiris ríthábhachtacha ár linne féin laistigh de thuiscint ar ghníomhartha stairiúla agus a dtionchair. Tá sé spreagúil comhoibrithe féideartha amach anseo a shamhlú, ar mhodh cónaitheachta Anthony, trína n-osclaítear an bailiúchán do léirmhíniú agus scrúdú níos leithne, ionas go mbeidh sé níos ábhartha do ghrúpaí éagsúla sa todhchaí agus go samhlóidh siad go mbaineann sé go díreach leo.”
“Ba é fáil amach faoi ról mo sheanathar i gCogadh na Saoirse 1922, atá doiciméadaithe i mBiúró na Staire Míleata, a threoraigh chuig an gcónaitheacht mé. An toradh ná contanam stairiúil trína múnlaítear ár n-aitheantais i dteannta a chéile agus a chuireann bonn eolais fúthu. Sna blianta amach romhainn tabharfaidh Akunma cuairt ar Ard-Mhúsaem na hÉireann lena hiníon déagóra, Kosi Anaya agus a mac Kamsi Reign. Samhlaigh an t-iontas a bhí orthu nuair a fheicfidh siad an gúna a rinneadh dá máthair in 2022 – cuid de bhuanbhailiúchán an Mhúsaeim, saothar ealaíne ina bhfáiltítear roimh fhéiniúlachtaí traschultúrtha agus roimh Éirinn atá ag athrú ó bhonn.”
Arna choimeád ag Maolíosa Boyle agus Jonathan Cummins, a deir, i dtaobh an taispeántais,
“go n-aibhsíonn sé a thábhachtaí atá sé cuireadh a thabhairt d’ealaíontóirí na linne seo isteach inár n-institiúidí cultúrtha chun rudaí a nochtadh, a athfhrámú agus a mhíniú dúinn ar shlite trínar féidir linn cé muid féin a athbhreithniú.”
Trí shaothair ealaíne atá gríosaitheach, spraíúil, casta agus tarraingteach don tsúil, tá sé mar aidhm ag an taispeántas dúshlán a chur faoi chuairteoirí, iad a cheistiú agus a mhealladh. I measc bhuaicphointí an taispeántais tá:
- A Dress for Akunma (Gúna do Akunma) (2021) agus A Dress for Ramleh (Gúna do Ramlah) (2023)
Ba chomhoibriú é A Dress for Ramleh (Gúna do Ramleh) idir Leina Ibnouf, Rita Petlane, an t-ealaíontóir Bláthnaid McClean agus Anthony Haughey. Is toradh é an dearadh fabraic lámhdhéanta ar shraith ceardlann agus taighde trasnáisiúnta, trína gcomhcheanglaítear cultúir na hÉireann, na hAfraice Theas agus na Súdáine.
- Bratach ar son na hÉireann Thug Haughey cuireadh do níos mó ná 300 rannpháirtí i sraith ceardlann faoi stiúir ealaíontóirí chun bratach na hÉireann a athshamhlú, céad bliain ó bunaíodh an stát, a d’fhéadfadh ionadaíocht a dhéanamh do dhaoine ó gach cultúr agus traidisiún. Sa taispeántas, is féidir le cuairteoirí na 306 dearadh bratach a fheiceáil i sraith leabhar a rinneadh go speisialta, chomh maith le dul i ngleic le 40 bratach saolré atá ar taispeáint ar cuaillí bratach. Spreagfar cuairteoirí ar an taispeántas a ndearaí bratach féin a chruthú ar chártaí freagartha i spás machnaimh an taispeántais.
- Tionól na nDaoine Óga
- D’oibrigh Haughey le daoine óga ó chúig iar-bhunscoil ó Shligeach, Luimneach, Béal Feirste, an Clár agus Baile Átha Cliath chun a bhForógraí féin d’Éire na Todhchaí a dhréachtú. Thionóil gach scoil a Tionól féin, i Seomra Ceirmeachta Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht i Márta 2023. I suiteáil Haughey feictear an bord ag ar tharla na Tionóil agus cúig mhonatóir dealbhóireachta soghluaiste saincheaptha a thaispeánann píosaí scannáin lúbtha de na Tionóil, cleachtadh sa daonlathas breithniúcháin ina bpléitear saincheisteanna práinneacha atá le réiteach ag an nglúin seo.
- Remember to Forget the Past (Cuimhnigh an tAm atá Caite a Ligean i nDearmad)
- Sa ghearrscannán seo, pléann triúr ban Éireannach ón Afraic, Leina Ibnouf, Lauretta Igbosonu agus Rita Petlane, déantáin a roghnaigh siad ó bhailiúcháin Eitneagrafacha an Mhúsaeim, a roghnaíodh don bhrí speisialta a bhí acu do thriúr ban Éireannach seo a tháinig, faoi seach, ón tSúdáin, ón Nigéir agus An Afraic Theas. In éineacht le Haughey agus an coimeádaí Aoife O’Brien, fiosraíonn na mná conas a mhúnlaigh scáth an choilíneachais sa naoú haois déag agus san fhichiú haois a saol.
Léiríonn Lauretta Igbosonu, duine de chomhoibrithe an tionscadail, sa scannán Remember to Forget the Past (Cuimhnigh an tAm atá Caite a Ligean i nDearmad), “Sílim gur áiteanna caointa iad músaeim. Tá sé cosúil le cuairt a thabhairt ar reilig nó fothracha ré impiriúil atá gafa thart mar a dtagann leaganacha den stair agus cuimhní cinn le chéile. Ach ar nós an fhéinics a éiríonn as an luaithreach, is áit é freisin atá lán d’fhéidearthachtaí spreagúla inar féidir linn ár stair féin a athshamhlú agus a fháil ar ais.”
Déanfar cuid de bhuanbhailiúchán Ard-Mhúsaem na hÉireanncuid Beidh roinnt de na saothair ealaíne a rinneadh le chéile, lena n-áirítear A Dress for Akunma (Gúna do Akunma), saothar ealaíne neon dar teideal we make our own histories (is muid údair ár scéalta féin) agus an píosa scannáin ó Thionól na nDaoine Óga, mar chuid de , agus beidh siad le feiceáil in Changing Ireland – Stories from na Collections (Éire atá ag Athrú – Scéalta ó na Bailiúcháin), buantaispeántas nua faoi Stair na hÉireann san 20ú hAois, atá á fhorbairt faoi láthair le hoscailt ag Ard-Mhúsaem na hÉireann níos déanaí i mbliana.
Beidh an taispeántas make our own histories (is muid údair ár scéalta féin) ar taispeáint go dtí an 30 Meitheamh 2024, agus tá clár éagsúil imeachtaí beartaithe ag an Músaem, lena n-áirítear cainteanna, ceardlanna agus turais do scoileanna agus don phobal sna míonna amach romhainn. Tá comhdháil mhór beartaithe, leis, ina ndéanfar iniúchadh ar ról ealaíontóirí i músaeim, a mhairfidh go dtí 21 Bealtaine 2024.
Saorchead isteach.
ENDS
Mar gheall ar Anthony Haughey
Is ealaíontóir, grianghrafadóir, scannánóir agus léachtóir ag Ollscoil Teicneolaíochta, Baile Átha Cliath, é Anthony Haughey, a dhéanann cúram den ghné shóisialta. Tá a shaothair ealaíne aonair agus a chomhshaothair i dteannta le daoine eile curtha ar taispeáint agus bailithe ag músaeim agus gailearaithe go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
Teagmhálaí Meán: Q4 Public Relations: Sinéad McGovern, sinead@q4pr.ie (087 6411725) Sabrina D’Angelo, sabrina@q4pr.ie (086) 0323397
Íomhánna: Gheofar íomhánna den taispeántas ag anseo. Marc O’Sullivan a scaoilfidh na grianghraif don phreas.
Mar gheall ar Ard-Mhúsaem na hÉireann
Is é Ard-Mhúsaem na hÉireann príomhinstitiúid chultúrtha na tíre agus is ann a gheofar na bailiúcháin is fearr d’oidhreacht, cultúr agus stair na hÉireann. Saorchead isteach.
Ceithre láthair atá ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, mar aon le Taisce Bailiúchán:
- Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht (Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath)
- Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2)
- Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath)
- Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe (Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo)
- Ionad Acmhainne na mBailiúchán (Sord) (Níl sé ar oscailt don phobal)
Láithreán gréasáin: www.museum.ie
Facebook: https://www.facebook.com/NationalMuseumofIreland
Twitter: https://twitter.com/NMIreland
Instagram: @nationalmuseumofireland