Scipeáil chuig ábhar

5 Nollaig, 2024: Gloine Dhaite de chuid Harry Clarke arna oscailt ag Ard-Mhúsaem na hÉireann

Tugann an comhoibriú speisialta seo idir an Músaem agus Gailearaí  Crawford sé phainéal ghloine dhaite de chuid Harry Clarke le chéile, agus cuid de na saothair is luaithe dá ndearna sé ina measc. 


Tá taispeántas nua á oscailt ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin inniu. Taispeánfar ann sé phainéal ghloine dhaite de chuid Harry Clarke,  agus cuid de na saothair is luaithe dá ndearna sé ina measc.
Is comhoibriú speisialta é an taispeántas idir an tArd-Mhúsaem agus Gailearaí Crawford. Beidh painéil nár cuireadh ar taispeáint riamh cheana i dteannta a chéile le feiceáil sa taispeántas seo.
Táthar tar éis trí cinn de na painéil seo a thabhairt chuig an Ard-Mhúsaem ó Ghailearaí Crawford, agus é ag dúnadh le haghaidh tionscadal uaillmhianach athfhorbartha, ‘Dreach Nua ar Ghailearaí Ealaíne Crawford’. Mairfidh an taispeántas, Harry Clarke’s-Stained Glass, go ceann dhá bhliain ar a laghad fad a bheidh Gailearaí Ealaíne Crawford ag dul faoi athfhorbairt.
Tá Harry Clarke (1889 – 1931) ar dhuine de na healaíontóirí agus maisitheoirí gloine dhaite is mó cáil in Éirinn. Déantar a shaothar a cheiliúradh go hidirnáisiúnta mar gheall ar a úrnuacht dearaidh agus a scil theicniúil mhórthaibhseach, go háirithe in Éirinn mar a bhfuil a shaothar le feiceáil i 16 cinn de chontaetha, go príomha i séipéil.
Léiríonn na painéil atá ar taispeáint in Harry Clarke’s-Stained Glass an fhís ar leith a bhí ag Clarke, agus iarrtar ar chuairteoirí siúl isteach i saol na n-íomhánna reiligiúnacha agus iontacha a bhí mar chomharthaí sóirt ar a shaol san ealaín. Áirítear leo:
 
  • The Consecration of St. Mel, Bishop of Longford, by St. Patrick (1910)
  • The Godhead Enthroned (1911)
  • The Meeting of St. Brendan with the Unhappy Judas (1911)
  • The Unhappy Judas (1913)
  • A Meeting (1918)
  • Richard Mulcahy (c. 1925)
 
Dúirt Lynn Scarff, Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann

Tá áthas mór orainn dul i mbun oibre le Gailearaí Ealaíne Crawford ar an togra comhpháirteach speisialta seo. Fad a bheith sé dúnta chun dul ar aghaidh leis an tionscadal athfhorbartha tábhachtach seo, tabharfaidh an taispeántas deis leanúnach don phobal fáil a bheith acu ar phainéil fhíoráille Harry Clarke's-Stained Glass a bhí ar taispeáint sa Crawford. Trí iad a thabhairt le chéile leis an ngloine as ár mbailiúchán féin, tabharfar deis speisialta do chuairteoirí na sé phainéal seo a fheiceáil le chéile in aon taispeántas amháin. Tá súil againn go spreagfaidh an taispeántas seo dearcthaí nua chomh maith le cuairteoirí nua a thabhairt isteach chuig saothar Harry Clarke, agus lucht féachana níos leithne a mhealladh chun taitneamh a bhaint as gnéithe éagsúla uathúla dár mbailiúchán náisiúnta."



Dúirt Mary McCarthy, Stiúrthóir Gailearaí Ealaíne Crawford,

“Tá lúcháir orainn go bhfuil baile nua sealadach ag gloine Harry Clarke in Ard-Mhúsaem na hÉireann, áit ar féidir le lucht féachana nua agus daoine a bhfuil meas acu ar shaothar Clarke le fada an lá taitneamh a bhaint astu le linn shéasúr na Nollag agus ina diaidh. Cinntíonn an iasacht seo go mbíonn fáil ag an bpobal i gcónaí ar na saothair iontacha seo agus léiríonn sé láidreachtaí an chomhoibrithe idir ár bhForais Chultúrtha Náisiúnta.”



Dúirt coimeádaí an taispeántais, an Dr. Siobhán Doyle, Coimeádaí na mBailiúchán Gloine, Ceirmeachta agus Áiseach ag Ard-Mhúsaem na hÉireann:

“Tá spás taispeántais thar a bheith oiriúnach cruthaithe againn le go mbeidh na painéil áille seo de chuid Harry Clarke's-Stained Glass le feiceáil le linn an taispeántais seo. Cinnteoidh seomra dorcha agus soilsiú comhlántach gur féidir taitneamh a bhaint as na hoibreacha ar an tslí is fearr is féidir. Tá draíocht ag baint le saothar Harry Clarke a luíonn le séasúr na Nollag atá le teacht, agus taitníonn a shaothar le daoine idir óg agus aosta. Cruthóidh sé seo ócáid iontach don teaghlach ar fad, agus táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh chuairteoirí de gach aois chuig Dún Uí Choileáin.”


Ní bheidh aon táille isteach ar an taispeántas. Chun an seoladh a cheiliúradh agus mar chuid d’Fhéile Shoilse an Gheimhridh, osclófar Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin go déanach anocht, Déardaoin 5 Nollaig agus Déardaoin 12 Nollaig, agus cuirfear turais threoraithe coimeádaithe speisialta ar fáil ar an dá thráthnóna. Cuirtear in iúl duit go bhfuil teorainn le spás, agus go mbeidh áiteanna ar fáil ar an mbonn go dtiocfaidh do sheal mar a thiocfaidh tú féin. 

 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions