Scipeáil chuig ábhar

16 Meán Fómhair 2020 Gleann Dá Loch: Neart, Urnaí agus Turas ag oscailt ag Ard-Mhúsaem na hÉireann

Minister for Media, Tourism, Arts, Culture, Sport and the Gaeltacht, Catherine Martin T.D., and Chair of the NMI, Catherine Heaney, at the launch of the exhibition. Image: Julien Behal

Le heisiúint láithreach
6 Meán Fómhair 2020

Déantar stair cheann de na láithreáin mhainistreacha is cáiliúla in Éirinn a thaiscéaladh i dtaispeántas nua a osclófar in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht inniu.

Tá 24 déantán sa taispeántas ‘Gleann Dá Loch: Neart, Urnaí agus Turas’ , as tréimhse 1,200 bliain – agus gach ceann acu ar taispeáint den chéad uair. 
 
Bhí nós ag daoine riamh dul ag triall ar Ghleann Dá Loch ar thóir téarnaimh ó ghalair agus faoiseamh ón saol, ó bhunaigh Naomh Caoimhín mainistir ann go déanach sa 6ú haois. Fágann sé sin go bhfuil sé an-tráthúil an taispeántas nua seo a oscailt ag Ard-Mhúsaem na hÉireann le linn phaindéim Covid-19 – nuair ab éigean do mhórchuid daoine ar fud an domhain iad féin a aonrú ar chúiseanna sláinte.
 
Tá stair shaibhir ag gabháil leis na hiarsmaí, foraoiseacha, sléibhte agus gleannta i nGleann Dá Loch agus meastar go mbíonn leigheas le fáil anseo. Is annamh a thaistealaíodh na sean-Ghaeil lasmuigh dá gceantar féin ach amháin le dul ar oilithreacht. B’ionann dóibh triail ar Ghleann Dá Loch agus triail ar an Róimh chun maithiúnas ina bpeacaí a iarraidh. Ba i nGleann Dá Loch a chuir teaghlaigh mhóra Gaelacha fúthu agus as sin d’fhás coimhlint ghéar pholaitiúil, ar aon dul le ‘Game of Thrones’ an lae inniu.
 
Thángthas ar chuid de na déantáin atá ar taispeáint le linn tochailtí seandálaíochta a rinneadh faoi threoir an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ó na 1950í i leith, baill den phobal a tháinig ar na cinn eile nó bronnadh orainn iad. I dteannta a chéile, insíonn siad scéal Ghleann Dá Loch anuas trí na céadta bliain. 
 
Déantán amháin is ea clog láimhe faoi chumhdach cré-umha, a théann siar go dtí an 8ú/9ú haois AD, a fuarthas ag láithreán gar do Ghleann Dá Loch agus a bhronn Diarmuid Martin, Ardeaspag Caitliceach Bhaile Átha Cliath agus Príomháidh na hÉireann Uile, ar Ard-Mhúsaem na hÉireann. Níl anseo ach déantán amháin a léiríonn a thábhachtaí a bhí déantáin ar leith d’oilithrigh agus do chléirigh an uair sin. Tugann fianaise ar oibreacha iarainn ó Ghleann Dá Loch le fios gur féidir gur sa mhainistir féin a rinneadh an clog seo. Is in Éirinn a fhaightear an líon is mó clog láimhe ar domhan. Úsáideadh iad leis na hamanna rialta d’obair agus do phaidreoireacht a mharcáil, agus is eol dúinn ó na foinsí stairiúla dúinn go mbaintí úsáid astu, leis, chun an t-olc a ruaigeadh agus mallacht a chur ar dhaoine.
 
Nochtann déantáin andúchasacha a fuarthas i nGleann Dá Loch an tarraingt a bhí ag an áit do dhaoine thar lear. In 2017 thángthas ar chros bheag ghainge a rinneadh in oirthuaisceart Shasana, agus a meastar a bhí á chaitheamh ag oilithreach mar chomhartha deabhóide príobháidí. Is annamh a fhaightear déantáin mar sin ón mheánaois. Rud eile a fuarthas ab ea blogha de thíl phorfaire, cloch a baineadh as cairéal in oirthear na Meánmhara, a fuarthas le linn tochailte i gceann de na láithreáin is faide amach i nGleann Dá Loch i 1958. Meastar gur tháinig sé ó fhoirgneamh sa Róimh nó ó fhoirgneamh Rómhánach san Eoraip agus gur cléireach a thug ar ais go Gleann Dá Loch é mar chomhartha údaráis. Meastar gur iompórtáladh ó Shasana nó ó iarthuaisceart na hEorpa clog ón 10ú haois déanach / 11ú haois luath, an clog is luaithe in Éirinn, a bhí ar crochadh le haghaidh tarraingt an rópa i gclogás i Séipéal Chaoimhín. 
 
Nithe eile atá le feiceáil sa taispeántas is ea bróg ón 10ú haois a bhain le hoilithreach agus a bhí caillte i bportach go dtí gur tháinig duine a bhí ag dul thar bráid air breis is míle bliain níos déanaí agus a thuairiscigh d’Ard-Mhúsaem na hÉireann é; boinn airgid a fuarthas sna 1980í mar chuid de thaisce; bioráin mhaisithe clóca agus potaireacht; agus póstaeir thaistil iarnróid agus ceirmeacht cuimhneacháin ón uair a rinneadh ceann scríbe turasóireachta den láithreán.
Dúirt Catherine Martin, T.D., Aire Meán, Turasóireachta, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta:

Is foinse faoisimh agus inspioráide dúinn ár n-institiúidí náisiúnta cultúrtha le roinnt míonna anuas, ar shlite éagsúla, agus is rud iontach do chuairteoirí ar an Músaem taispeántas nua a bheith acu le cuairt a thabhairt air agus déantáin ann atá chomh luachmhar sin agus nár cuireadh ar taispeáint riamh cheana.”

 
Dúirt Malcolm Noonan T.D. Aire Stáit don Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchán:


Tá an láithreán mainistreach ag Gleann Dá Loch ar na séadchomharthaí náisiúnta is breátha atá faoi chúram an Stáit. Trí obair na Roinne seo againne agus ár gcomhghleacaithe in Oifig na nOibreacha Poiblí, cuirtear maorgacht Ghleann Dá Loch ar fáil do na mílte cuairteoirí agus oilithreach a thriallann gach bliain ar an áit álainn shólásach seo. Tréaslaímid lenár gcomhghleacaithe in Ard-Mhúsaem na hÉireann as an taispeántas iontach seo a chur i dtoll a chéile a thabharfaidh léargas ar iontas Éire sa Mheánaois do líon cuairteoirí níos leithne agus muid meabhrach ar an méid a chuireann an oidhreacht lenár bhfolláine mar phobal.”

 
Dúirt Catherine Heaney, Cathaoirleach Bhord Ard-Mhúsaem na hÉireann:

Tá macalla sa lá inniu ann ag mórchuid de na téamaí sa taispeántas seo – aonrú, machnamh, creideamh agus cumas na tuaithe chun an t-anam a leigheas. Is féidir linn sásamh a bhaint, i dteannta a chéile, as fadsaol na ndéantán seo, agus as ár n-athléimneacht mar náisiún in amanna saothracha, anois agus riamh anall.”

 
Dúirt Diarmuid Martin, Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath agus Príomháidh na hÉireann Uile:

Tá áit ar leith ag Gleann Dá Loch i stair na hÉireann agus i stair na Críostaíochta. Tá an-áthas orm go mbeidh an clog iarainn a bhronnamar ar Ard-Mhúsaem na hÉireann ar taispeáint den chéad uair sa taispeántas tábhachtach seo, agus go gcabhróidh sé chun scéal Ghleann Dá Loch a insint, mar láthair spioradálta leis na céadta bliain.”

 
Dúirt Lynn Scarff, Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann:

Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh chuairteoirí go hArd-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht chun taitneamh a bhaint as Gleann Dá Loch: Neart, Urnaí agus Turas’. Léirítear sa taispeántas seo na naisc shoiléire atá ann idir ár n-oidhreacht ábhartha, nádúrtha agus chultúrtha agus an tslí a bhfuil siad fite fuaite ina chéile. Toradh dearfach amháin ar an tréimhse dianghlasála Covid-19 ná gur thapaigh daoine an deis chun mioneolas a chur ar an saol laistigh d’achar 2K óna dteach féin agus ar an oidhreacht, idir nádúrtha agus tógtha, a bhí ar leac an dorais acu. Tá súil againn go gcaithfidh an taispeántas solas ar áit fíorspeisialta in Éirinn. Tá raon beart curtha i bhfeidhm againn ag ceithre láthair an mhúsaeim le cinntiú go mbeidh cuairt shlán chompordach ag cuairteoirí. Go dtí seo bhí an t-aiseolas ó chuairteoirí an-dearfach."

 
Is é Matthew Seaver coimeádaí ‘Gleann Dá Loch: Neart, Urnaí agus Turas’. Is é Matthew Coimeádaí Cúnta Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht agus chaith sé seal ag obair ar thochailt seandálaíochta faoi cheannas an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ag Gleann Dá Loch. Dúirt sé:


Chomhoibrigh grúpaí áitiúla stairiúla agus seandálaíochta, Comhairle Contae Chill Mhantáin, Ard-Mhúsaem na hÉireann, an tSeirbhís Náisiúnta Séadchomharthaí, an tSeirbhís Náisiúnta Páirceanna agus Fiadhúlra, Oifig na nOibreacha Poiblí, An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath agus an Discovery Programme go fíormhaith anuas trí na blianta chun na hacmhainní oidhreachta ag Gleann Dá Loch a léirmhíniú. Is trína n-iarrachtaí siúd i gcomhar a d’éirigh linn an taispeántas seo a chur ar fáil agus táimid faoi chomaoin acu as gach atá déanta acu chun stair na háite speisialta seo a chaomhnú.”

Críoch /
 


Grianghrafadóireacht: eiseoidh Julien Behal Photography 087-9782542 inniu í.
 
Teagmhálaí meán: Q4 Public Relations: Sinead McGovern sinead@q4pr.ie 087 6411725 // Deirdre Geraghty deirdre@q4pr.ie 086 6031969
 

  • Cliceáil anseo chun íomhánna ardtaifeacha a fháil de mhíreanna an taispeántais


Nótaí d’Eagarthóirí:

Mar gheall ar Ard-Mhúsaem na hÉireann

Is é Ard-Mhúsaem na hÉireann príomhinstitiúid chultúrtha na tíre agus is ann a gheofar na bailiúcháin is fearr d’oidhreacht, cultúr agus stair na hÉireann. Saorchead isteach!
Ceithre láthair atá ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, mar aon le Taisce Bailiúchán: 

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht (Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath)

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath)

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath)

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.

  • Ionad Acmhainne na mBailiúchán (Sord) (Níl sé ar oscailt don phobal)

Suíomh gréasáinwww.museum.ie
 
Facebook:  https://www.facebook.com/NationalMuseumofIreland
 
Twitterhttps://twitter.com/NMIreland
 
Instagram@nationalmuseumofireland
 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions