Scipeáil chuig ábhar

16 Meán Fómhair 2020: Nochtann chéad seicheamhú géanóim na Lochlannach Éireannach nasc leis an Iorua agus stair idirghníomhaíochtaí le muintir na háite

D’athraigh na Lochlannaigh cúrsa staire na hÉireann agus d’fhág siad a n-oidhreacht ar linn géinte an oileáin. Samhlaímid iad mar ionraitheoirí, píoráidí agus trodaithe fionna, a thaistil ar muir ó Chríoch Lochlann chun foghail a dhéanamh ar an tír agus cur fúthu anseo ar deireadh. Tá anailís DNA ar thús cadhnaíochta ar iarsmaí seandálaíochta tar éis solas nua a chaitheamh anois ar cérbh iad na Lochlannaigh féin [Dé Céadaoin 15 Meán Fómhair 2020].
 
Seo na rudaí a nocht an staidéar idirnáisiúnta cloch mhíle seo:
 
  • Ón Iorua a fuair mórchuid de Lochlannaigh na hÉireann a n-oidhreacht ghéiniteach
  • Ní hionann oidhreacht na Lochlannach Sasanach: bhí tionchar níos mó ag an Danmhairg orthu siúd
  • Gruaig dhonn a bhí ar mhórchuid Lochlannach, seachas gruaig fhionn. B’amhlaidh don trodaí cáiliúil Eyrephort ó Chontae na Gaillimhe
  • Ní de Chríoch Lochlann amháin oidhreacht na Lochlannach in Éirinn agus sa Bhreatain
  • Ba de bhunadh na háite fear a cuireadh i Sráid na gCaorach Mhór i dtraidisiún na Lochlannach

 
Inniú a foilsíodh na chéad ghéanóim de Lochlannaigh Éireannacha in Nature, irisleabhar clúiteach idirnáisiúnta, mar chuid den anailís DNA ar iarsmaí Lochlannacha, faoi threoir an Ollaimh Eske Willerslev, Comhalta d’Ollscoil Cambridge, agus stiúrthóir Ionad Lundbeck Foundation GeoGenetics, Ollscoil Chóbanhávn.
 
Le linn an tionscadail sé bliana seo bhí taighdeoirí ó Ard-Mhúsaem na hÉireann agus ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, páirteach in iarracht idirnáisiúnta chun comhdhéanamh géiniteach dhomhan na Lochlannach a dhíchódú. Baineann na torthaí sin an bonn den íomhá atá againn le fada an lá den trodaí Lochlannach fionn. Ina áit sin, tháinig na taighdeoirí ar éagsúlacht sinsearachta i bpobail Lochlannacha laistigh de Chríoch Lochlann agus ar fud na hEorpa, Éire san áireamh.
 
“Is léir gur áit dhinimiciúil a bhí i gCríoch Lochlann le linn Aois na Lochlannach,” a dúirt an Dr Ashot Margaryan, Ollamh Cúnta ag Ollscoil Chóbanhávn  agus chéad údar an pháipéir. ”Feicimid difríochtaí géiniteacha ó réigiún go réigiún san Iorua, sa tSualainn agus sa Danmhairg, mar aon le tionchar ó Dheisceart na hEorpa agus ón Áise. Ní raibh a leithéid de rud agus “Domhan Lochlannach” ann riamh agus feicimid anois nach raibh aon aitheantas géiniteach Lochlannach amháin ann ach oiread.”
 
Sna blianta deireanacha den 8ú haois is túisce a tháinig Lochlannaigh go hÉireann mar lucht foghla, de réir na dtaifead stairiúil. Bhí siad seo ar na chéad ionsaithe a rinne siad san Eoraip. Is iad uaigheanna ina bhfuarthas maoin phearsanta ar nós claimhte, cinn sleá, sciatha agus seodra ornáideach an chéad fhianaise fhisiciúil ar na Lochlannaigh a bheith sa tír seo. Sna céadta blianta ina dhiaidh sin, bhí tionchar ag ré na Lochlannach ar ghnéithe éagsúla de shaol na hÉireann. Is féidir linn tús an uirbeachais a rianú siar go hÉirinn na linne sin, chomh maith leis an airgead a tháinig isteach i ngeilleagar na hÉireann.
 
“Tá mórchuid de stíleanna ealaíne Chríoch Lochlann le feiceáil i ndéantáin Éireannacha ó Aois na Lochlannach,” a dúirt Maeve Sikora, Coimeádaí na nÁrsaíochtaí Éireannacha ag Ard-Mhúsaem na hÉireann agus comhúdar an staidéir. “Go dtí anois bhí an léiriú ba shoiléire ar an meascán iontach seo de chultúr agus de smaointe le feiceáil i gCros Chonga agus i míreanna íocónacha maisithe eile atá tagtha slán ó na céadta blianta a lean na chéad ionraí. 

Cuireann an taighde nua DNA ar iarsmaí an duine sraith shaibhir eile comhthéacs leis an idirghníomhaíocht seo.”
Rinneadh seicheamhú ar ghéanóim triúr fear agus mná amháin ó adhlacthaí Lochlannacha Éireannacha i mBaile Átha Cliath agus i gCo. na Gaillimhe, mar chuid den staidéar seo. San áireamh bhí láithreáin mhóra le rá ar nós Dhroichead na hInse, láimh leis an gcoimpléasc adhlactha Lochlannach is luaithe i mBaile Átha Cliath; Fionnghlas, adhlacadh baineann a tochlaíodh in 2004, adhlacadh fireann ó Shráid na gCaorach Mhór i mBaile Átha Cliath agus Eyrephort, adhlacadh de throdaí Lochlannach ar thángthas air i 1947 ina raibh claíomh agus ceann sleá.
 
“Bhí an tuairim ann le fada gur ón Iorua a tháinig mórchuid de na hionróirí seo. Tá sé go hiontach gur féidir é sin a dheimhniú anois le sonraí géiniteacha,” a dúirt an Dr Lara Cassidy, Ollamh Cúnta i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath agus có-údar an pháipéir. “I gcoitinne, tá ardleibhéil de shinsearacht de chineál Ioruach i ngéanóim Lochlannacha na hÉireann. A mhalairt ar fad a fheictear i Sasana sa tréimhse chéanna, mar a bhfuil tionchar na Danmhairge níos láidre.”
 
Rud eile a nocht an staidéar ná gur ghlac muintir dhúchasach na hÉireann agus na Breataine le féiniúlachtaí Lochlannacha. Tá an-chosúlacht ghéiniteach ann idir dhá chnámharlach ó Inse Orc agus Éireannaigh agus Albanaigh an lae inniu. Ba bheadh oidhreacht Chríoch Lochlann a fuarthas i gcorp a adhlacadh ag Sráid na gCaorach Mhór i lár Bhaile Átha Cliath; bhain sé le ginealach Y-chrómasóim in iarthuaisceart na hÉireann.
 
“Deimhníonn sé seo snáitheanna d’fhianaise sheandálaíochta a thugann le fios go raibh castacht ag baint le haitheantas na Lochlannach,” a dúirt Maeve Sikora. “Tá fianaise in uaigheanna Lochlannacha in Éirinn go raibh an pobal sin thar a bheith meabhrach ar an saol timpeall orthu agus an saol cultúrtha ginearálta a bhí i réim ag an am. I bhFionnghlas, mar shampla, fuarthas adhlacadh Lochlannach neamh-Chríostaí láimh le reilig áitiúil Chríostaí. Feicimid uaigheanna maisithe go leor ina bhfuarthas déantáin a rinneadh sa cheantar céanna.”
 
Bhí Baile Átha Cliath ar cheann de na bailte ba thábhachtaí i ndomhan na Lochlannach. Tagann an fhianaise fhisiciúil is luaithe ar Lochlannaigh i mBaile Átha Cliath ó na hadhlacthaí maisithe seo a measadh go dtí seo gur ionraitheoirí Lochlannacha de bhunadh Chríoch Lochlann a bhí iontu. Measadh go raibh craiceann mheathbhán agus gruaig fhionn, le dath fothonach rua ar an ‘duine de mhuintir an cheantair’ a cuireadh ag Sráid na gCaorach Mhór. Mar mhalairt air sin, tá sé níos dóichí ná a mhalairt gur snua níos dorcha agus súile agus gruaig dhonn a bhí ar an trodaí cáiliúil Eyrephort as Co. na Gaillimhe, ar de bhunadh na hIorua thar aon áit eile é.
 
“Seo a mhalairt den rud a bheadh súil agat leis ón bpictiúr a thugann na meáin dúinn de na Lochlannaigh,” a dúirt Linzi Simpson, tochaltóir ar láithreán Shráid na gCaorach Mhór. “Go deimhin, bhí gruaig dhonn ar mhórchuid de na coirp Lochlannacha ar tógadh samplaí astu ar fud na hEorpa. Is féidir go mbeidh ar chláir áirithe teilifíse dul sa tóir ar dhaoine ar chuma eile ar fad dá gcláir atá suite i gCríoch Lochlann.”
 
Rinneadh seicheamhú, leis, sa staidéar seo ar ghéanóm bhean iomráiteach Fhionnghlaise, bean a cailleadh agus í timpeall tríocha bliain d’aois agus a cuireadh in éineacht le péire bróistí a bhí maisithe le hór agus le hairgead, mar aon le cíor maisithe. Bhí cuma uirthi siúd mar a bheadh súil agat leis i mbean Lochlannach steiréiticipiciúil - bhí gruaig fhionn uirthi agus súile gorma aici.
 
“Tugann na nua-theicneolaíochtaí seo fuinneog dúinn, nach raibh againn riamh cheana, isteach i ndomhan na Lochlannach in Éirinn – an chuma a bhí orthu agus an áit as ar tháinig siad,” a dúirt an Dr Cassidy as Coláiste na Tríonóide. “Nílimid ach ag tosú ar eolas a chur ar na haitheantais éagsúla sinsearachta agus cultúrtha a bhí i réim in Éirinn na Meánaoise. An chéad chéim eile ná pobail áitiúla ón tréimhse chéanna a sheicheamhú.”
 
Cruthaíonn tionscadail cosúil leis an gceann seo a thábhachtaí atá sé cúram a dhéanamh d’ábhar seandálaíochta, trína gcuirfear ar chumas taighdeoirí sna glúnta amach romhainn níos mó dár n-oidhreacht i bpáirt a thabhairt chun solais. Ní shamhlódh seandálaithe agus coimeádaithe músaeim i 1947 go mbeadh sé ar ár gcumas eolas a chur ar dhath na gruaige agus na súl i gcás an trodaí a adhlacadh in éineacht lena airm gar don Chlochán i gCo. na Gaillimhe sa 9ú haois.
 

Lara Cassidy
Ollamh Cúnta, Scoil na Géineolaíochta agus na Micribhitheolaíochta
Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath
Ríomhphost: cassidl1@tcd.ie | Tel: 086 159 8995
 
Maeve Sikora
Coimeádaí Ársaíochtaí na hÉireann
Ard-Mhúsaem na hÉireann
Ríomhphost: msikora@museum.ie | Tel: 087 690 4533
 
Thomas Deane
Oifigeach Caidrimh Meán
Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath
Ríomhphost: deaneth@tcd.ie | Tel: 086 787 0748
 
Nóta d’Eagarthóirí
 
Tá taispeántas Lochlannaigh na hÉireann de chuid Ard-Mhúsaem na hÉireann ar oscailt do chuairteoirí fisiciúla agus tá sé ar líne, leis, i bhfoirm turas fíorúil anseo.
 
 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions