Scrúdaíonn taispeántas sealadach nua a osclaítear in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe i bPáirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, inniu (7 Feabhra 2024), tionchar spéisiúil bheacha na hÉireann ar ár gcultúr agus ár dtimpeallacht.
Feicfear sa taispeántas déantáin ó bhailiúcháin Stair an Dúlra agus Shaol na nDaoine an Mhúsaeim, ón 18ú haois go dtí an lá atá inniu ann.
Agus muid ag druidim le Lá Fhéile Gobnait, ar an 11 Feabhra, insíonn an taispeántas dúínn an fáth ar bronnadh teideal éarlamh bheacha na hÉireann ar bhan-ab meánaoiseach.
San áireamh sa taispeántas tá líníocht mhionsonraithe fhíneálta de Naomh Gobnait leis an ealaíontóir clúiteach Éireannach Harry Clarke, atá ar iasacht ann ó Corning Museum of Glass, Nua-Eabhrach, SAM.go dtí Bealtaine 2024. Ba é an saothar ealaíne seo an teimpléad do cheann d’fhuinneoga gloine dhaite cáiliúla Harry Clarke. Tá an fhuinneog ina dtaispeántar Naomh Gobnait le feiceáil i Séipéal Honan, Cathair Chorcaí.
Is féidir le cuairteoirí freisin rogha scéalta faoin Naomh Gobnait a bhailigh páistí scoile do Choimisiún Béaloideasa Éireann ó 1937 go 1939 a léamh, rud a thugann léargas spéisiúil ar an meas agus ar an urraim a bhí ag daoine di.
Tugann an t-ábhar Stair an Dúlra atá sa taispeántas léargas neamhghnách do chuairteoirí ar dhomhan suimiúil agus neamhghnách bheacha na hÉireann. Tá samplaí de gach speiceas beiche in Éirinn ar taispeáint, chomh maith le speicis eile beach agus feithidí ó thimpeall an domhain. Foghlaimeoidh cuairteoirí faoi na difríochtaí idir beacha meala, bumbóga, agus lear mór beach aonair éagsúil, agus b’fhéidir go mbeadh ionadh orthu a fháil amach cé mhéad speiceas atá le fáil in Éirinn.
Tá borradh faoin spéis sa bheachaireacht le blianta beaga anuas agus díol spéise a bheidh ann do dhíograiseoirí cóip den Instructions for Managing Bees (1733) a fheiceáil, an chéad leabhar ar bheachaireacht a foilsíodh in Éirinn, agus é ar iasacht ó Acadamh Ríoga na hÉireann.
Beidh píosaí scannáin de bheachairí ag obair sna 1960idí, le caoinchead ó RTÉ, le feiceáil chomh maith, chomh maith le taispeántas de choirceoga caolaigh – coirceoga traidisiúnta ar chruth cruinneacháin déanta as píosaí de rópa tuí.
Tá lipéid ó phrócaí meala atá in úsáid ag beachairí na linne seo in Éirinn agus a roinneadh leis an Músaem tar éis cuireadh a tugadh don phobal, le feiceáil mar chuid den taispeántas.
Tabharfaidh mionsamhail lánléargais coimisiúnaithe den taobh istigh den choirceog léargas neamhghnách do chuairteoirí ar dhomhan eagraithe agus struchtúrtha na mbeach. Taispeántar saol na mbeach meala saothrach le hais neadacha caomhnaithe de bheacha aonair, bumbóg agus speicis feithidí sóisialta eile nach bhfuil an cur amach céanna againn orthu.
Cuireann mionleagan de choirceog Lego a bhuaigh Curiarracht Dhomhanda Guinness agus a chruthaigh Ruairí Ó Leocháin, múinteoir scoile as Baile Átha Luain, le linn dianghlasáil 2020, gné den spraoi leis. Bronnadh an choirceog adhmaid, a rinne John Gallagher, as Béal Leice, Co. Fhear Manach, ar an Músaem i 1997. Léiríonn sé an scil agus an cheardaíocht a ghabh le beachaireacht leis na céadta bliain.
Is féidir le cuairteoirí ar an taispeántas féachaint, leis, ó áit amhairc ghloine a bhreathnaíonn amach ar ghairdín fraoch, ar bheacha meala ag eitilt isteach agus amach as coirceoga gníomhacha ar bharr díon Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe. Beachairí áitiúla is ea a thugann aire do choirceoga an Mhúsaeim.
Beidh pictiúr de Ghairdín Bumbóg (Bombus hortorum) leis an ealaíontóir Shevaun Doherty ar chlúdach an Phlean Uile-Éireann um Pailniú, ar taispeáint, leis Beidh sraith ceardlann ealaíontóra faoi stiúir Shevaun ann mar aon le cainteanna poiblí agus cainteanna oideachasúla eile go ceann bliain eile fad a bheidh an taispeántas ar siúl.
An samhradh seo, beidh an ‘Bee Dress’ (Gúna Beiche) clúiteach leis an ealaíontóir Alice Maher mar chuid den taispeántas Monabhar Beach, leis.
Dúirt Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann, Lynn Scarff:
Is é Bailiúchán Shaol na nDaoine i bPáirc Thurlaigh, Co. Mhaigh Eo an áit is fearr don taispeántas spreagúil seo, a thugann cuairteoirí ar turas le fáil amach faoin tionchar a bhí ag beacha ar ghnéithe laethúla de shaol na hÉireann leis na céadta bliain, agus faoin ról tábhachtach a bhí acu riamh sa bhithéagsúlacht, agus freisin sna healaíona, sa chultúr agus sa bhéaloideas. Cuireadh an taispeántas seo i dtoll a chéile le cabhair comhghleacaithe i Stair an Dúlra agus i Saol na nDaoine, agus tabharfaidh sé léargas an-speisialta ar na feithidí seo agus ar an ngaol idir iad agus an pobal leis na céadta bliain in Éirinn go háirithe. Is stór mór é Ard-Mhúsaem na hÉireann de bhailiúcháin den eolaíocht nádúrtha agus caomhnaítear ann mórchuid ár n-oidhreacht chultúrtha. Is léiriú é an taispeántas seo ar phríomhfhócas inár bPlean Straitéiseach nua 2023 -2028 ‘Inrochtaineacht a Mhéadú, an Pobal a Mhealladh’, is é sin ár mbailiúcháin agus ár gcláir a shlógadh chun an pobal a chur ag plé leis na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide agus le caillteanas na bithéagsúlachta.”
Dúirt an Dr Aidan O’Hanlon, Coimeádaí na Feithideolaíochta, NMI – Stair an Dúlra:
Is é seo an chéad taispeántas riamh in Éirinn ina ndírítear ar fheithidí amháin. Feithidí thar a bheith speisialta is ea beacha mar gheall ar a ról ríthábhachtach mar phailneoirí agus ar an iompar sóisialta iontach a fheictear i roinnt speiceas. Bhí dlúthchaidreamh ag beacha meala go háirithe le daoine leis na mílte bliain. Roghnaíodh na céadta eiseamal agus taispeántais don taispeántas seo go cúramach chun cuireadh a thabhairt do chuairteoirí isteach i ndomhan iontach an ghrúpa feithidí iontach seo.”
Dúirt Tiernan Gaffney, Coimeádaí Bhailiúchán Shaol na nDaoine, NMI – Saol na Tuaithe:
Tá ról suimiúil ag beacha i stair na hÉireann, agus scrúdaítear sa taispeántas seo an tionchar a bhí acu ar ár ngnáthshaol, ar ár dtraidisiúin agus ar ár gcultúr ábharach. Agus muid ag druidim le Lá Fhéile Gobnait, is deis iontach é seo le foghlaim faoin ngaol speisialta atá ag daoine le beacha agus an gaol sin a cheiliúradh.”
Beidh an taispeántas á oscailt go foirmiúil inniu ag an aoi-bhitheolaí speisialta, an Dr Éanna Ní Lamhna, agus beidh sé ar oscailt don phobal ón lá amárach. Beidh sé ar oscailt go dtí samhradh 2025 agus níl aon táille isteach.
Ends
Teagmhálaí Meán:
Q4 Caidreamh Poiblí
-
Sinead McGovern sinead@q4pr.ie 087 641 1725
-
Sabrina D’Angelo sabrina@q4pr.ie 086 0323397