Le heisiúint láithreach: 27 Aibreán, 2021: D’fháiltigh Ard-Mhúsaem na hÉireann (NMI) inniu roimh fhógra an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, Catherine Martin TD, mar chuid de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán go bhfaighidh an Músaem an chéad bhabhta d’infheistíocht mhaoinithe caipitil €2.2 milliún i dtreo gailearaithe nua Stair na hÉireann san 20ú hAois a chur ar fáil ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Na hEalaíona Maisiúla & Stair, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath. Is í seo an infheistíocht maoinithe caipitil aonair is suntasaí a fuair an tArd-Mhúsaem ó bhí 2006 ann nuair a cuireadh an buantaispeántas Saighdiúirí agus Taoisigh: Na Gaeil i mbun Cogaíochta sa Bhaile agus Thar Lear ó 1550 go dtí an lá atá inniu ann.
Beidh gailearaithe Stair na hÉireann san 20ú hAois suite ar fud leibhéal uachtarach na Cearnóige Thuaidh de Bhloc Uí Chléirigh i nDún Uí Choileáin, nár osclaíodh don phobal riamh roimhe seo. Úsáidfear an maoiniú seo chun oibreacha athchóirithe riachtanacha a dhéanamh chun an chéad chuid de ghailearaithe Stair na hÉireann san 20ú hAois a fhorbairt, a chuimseoidh an 120 bliain dheireanacha de stair chomhaimseartha na hÉireann, ó 1900 go 2020, a bheidh ar an taispeántas léirmhínitheach is mó riamh de stair pholaitiúil, chultúrtha agus shóisialta na tréimhse seo.
Aidhm eile atá ag an Músaem ná an t-urlár deiridh den Bhloc Thuaidh a fhorbairt, do thaispeántas ar an tréimhse 1600 go 1900.
Cuirfear tús leis an obair i mbliana agus osclófar an chéad chuid den taispeántas – ina scrúdófar an 20ú haois – in 2023, i gcomhthráth leis an gcomóradh ar chothrom céad bliain ó bunaíodh an Saorstát. Tá próiseas comhairliúcháin phoiblí á bheartú ag an Músaem chun próiseas coimeádaithe an taispeántais a threorú, le cinntiú go ndéanfar ionadú cuimsitheach ar stair chasta na tréimhse seo.
Is é uaillmhian an Mhúsaeim go meallfaidh Stair na hÉireann san 20ú hAois lucht féachana ó gach cuid den saol – sa bhaile agus thar lear – agus gur tairiscint chultúrtha dhinimiciúil a bheidh ann ar féidir é a chur in oiriúint go héasca do ghnéithe de stair na hÉireann atá ag athrú agus dár bhféiniúlacht ag an tráth seo den stair. Cinnteoidh sé freisin go gcuirfear na céadta mílte déantán sa bhailiúchán náisiúnta ar taispeáint den chéad uair, rud a thabharfaidh deiseanna do phobail ar fud na hÉireann rudaí suntasacha ó stair na linne seo a scrúdú, taitneamh a bhaint astu agus foghlaim uathu.
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, Catherine Martin TD: “Tá ról suntasach ag ár nInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta i gClár Dheich mBliana na gCuimhneachán agus cruthaíonn siad deiseanna do dhaoine de gach traidisiún machnamh a dhéanamh ar a chasta a bhí imeachtaí na tréimhse seo agus na téamaí gaolmhara éagsúla. Tá áthas orm go bhfuil mo Roinn ag tacú le forbairt an tionscadail seo. Tá súil agam go léireoidh an tionscadal oidhreacht thábhachtach Dheich mBliana na gCuimhneachán agus go gcruthóidh sé taispeántas den scoth a léireoidh an 120 bliain deireanach de stair na hÉireann ar bhealach láidir nasctha.
Dúirt Catherine Heaney, Cathaoirleach Bhord an Ard-Mhúsaeim: “Cuirfidh gailearaithe Stair na hÉireann sa 20ú hAois deis thábhachtach ar fáil do phróiseas comhairliúcháin phoiblí níos ginearálta le pobail ar fud na hÉireann – agus lenár ndiaspóra – i dtaobh stair na linne seo, ag cinntiú go mbeidh an taispeántas bainteach le hábhar agus tarraingteach do ghrúpaí iomadúla dár bpobail. Beimid ag iarraidh ar an bpobal cabhrú linn cinneadh a dhéanamh faoi na rudaí agus na scéalta is fearr a léiríonn ár stair i dteannta a chéile ó 1900. Ba mhaith linn a chinntiú go bhfuil brí le scéal na hÉireann agus go mbeidh ceangal aici le saol ár saoránach uile. Tá na céadta mílte bailiúcháin stairiúla ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, agus beidh na buanghailearaithe taispeántais nua seo ar an taispeántas léirmhínitheach is mó riamh de stair pholaitiúil, chultúrtha agus shóisialta na hÉireann ón mbliain 1900 go dtí an lá inniu.“
Dúirt Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann, Lynn Scarff: “Tá athrú iomlán nach mór tagtha ar thír na hÉireann le 20 bliain anuas. Cuirfidh an infheistíocht seo ar chumas an Mhúsaeim machnamh a dhéanamh ar imeachtaí agus ar thaithí daoine ar mhaireachtáil in Éirinn trí fhéachaint ar chlochmhílte den stair pholaitiúil, mar bhunú Saorstát na hÉireann agus na Trioblóidí, suas go dtí na cuimhneacháin lárnacha is déanaí mar na reifrinn ar an gcolscaradh, ar an bpósadh comhionann, agus ar chearta ginmhillte, chomh maith le patrúin athraitheacha imirce, tithíochta, oideachais agus gnó ó thús deireadh na haoise seo caite. Níos tábhachtaí fós, beimid ag cur tús le próiseas comhairliúcháin phoiblí a mhairfidh trí thréimhse oibre ár gcoiste comhairleach saineolaithe. Beidh an dá phróiseas seo ríthábhachtach don Mhúsaem agus é ag déanamh a bhealaigh tríd an tréimhse thábhachtach seo de stair na hÉireann agus a chinntiú go mbeidh guth gach grúpa, go háirithe iad siúd nach gcloistear chomh minic agus a ba chóir, le cloisteáil nuair a bheidh scéal an taispeántais seo á aithris “
Ends//
Teagmhálaithe meán:
Q4 Public Relations –Sinéad McGovern sinead@q4pr.ie 087 6411725 / Sabrina D’Angelo sabrina@q4pr.ie 086 0323387
Mar gheall ar Ard-Mhúsaem na hÉireann
Is é Ard-Mhúsaem na hÉireann príomhinstitiúid chultúrtha na tíre agus is ann a gheofar na bailiúcháin is fearr d’oidhreacht, cultúr agus stair na hÉireann. Saorchead isteach!
Ceithre láthair atá ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, mar aon le Taisce Bailiúchán:
- Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht (Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath)
- Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath)
- Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath)
- Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe (Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo).
Tá na músaeim ar fad dúnta don phobal faoi Shrianta Leibhéal 5 Covid-19 ach is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar na hardáin seo a leanas:
Suíomh gréasáin: www.museum.ie
Facebook: https://www.facebook.com/NationalMuseumofIreland
Twitter: https://twitter.com/NMIreland
Instagram: @nationalmuseumofireland