Scipeáil chuig ábhar

21 Eanáir 2020: Launch of refurbished and reimagined Irish Wars 1919 – 1923 at the National Museum of Ireland

From left: Lynn Scarff, Director of the National Museum of Ireland, Dr Maurice Manning, Chair of the Expert Advisor Group on Centenary Commemorations, and Brenda Malone, Curator
  • 50 déantán atá á gcur ar taispeáint den chéad uair, ina measc tá comhad faisnéise IRA i bhfoirm dhigitithe inchuardaithe, agus gruaig a bearradh de bhean in ‘bobáil’, a fuarthas i seilbh Michael Barry nuair a gabhadh é i 1920;

  • Déantáin ó chúlbhailiúchán Ard-Mhúsaem na hÉireann, lena n-áirítear maisc mhairbh de chuid Airt Uí Ghríofa, Mhíchíl Uí Choileáin, Chathail Bhrugha agus Thraolaigh Mhic Shuibhne, nár cuireadh ar taispeáint le cúig bliana déag anuas;

  • Léirmhínithe nua ar théamaí ar nós: an easumhlaíocht shibhialta, príosúnacht, stailc ocrais, bolscaireacht, na mná i mbun troda agus tionchair na coimhlinte ar shibhialtaigh – ar mhaithe le tuiscint an phobail ar an tréimhse chasta seo de stair na hÉireann a mhéadú. 

Le heisiúint láithreach: 21 Eanáir 2020: Is é an Dr. Maurice Manning, Cathaoirleach an Ghrúpa Chomhairligh Saineolaithe ar Dheich mBliana na gCuimhneachán, a osclóidh an taispeántas athchóirithe de Chogaí na hÉireann 1919-1923, ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, Ealaíona Maisiúla & Stair, Dún Uí Choileáin, tráthnóna inniu.

Baineann Cogaí na hÉireann 1919 – 1923 leis an mbuantaispeántas Saighdiúirí agus Taoisigh, ach rinneadh é a athshamhlú cuid mhór mar chuid de Dheich mBliana na gCuimhneachán.

Feicfidh cuairteoirí ar an taispeántas os cionn 50 déantán atá ar taispeáint den chéad uair riamh mar aon le míreanna nua grafaice agus AV, chomh maith le léirmhínithe nua ar théamaí ar nós: an easumhlaíocht shibhialta, príosúnúnacht, stailc ocrais, bolscaireacht, na mná i mbun troda agus tionchair na coimhlinte ar shibhialtaigh – ar mhaithe le tuiscint an phobail ar an tréimhse chasta seo de stair na hÉireann a mhéadú.

Ar na míreanna ó chúlbhailiúchán an Ard-Mhúsaeim atá á gcur ar taispeáint den chéad uair le 15 bliana, lena n-áirítear maisc mhairbh de chuid Airt Uí Ghríofa, Mhíchíl Uí Choileáin, Chathail Bhrugha agus Thraolaigh Mhic Shuibhne;

Dhá dhéantán ar leith sa taispeántas, is iasachtaí iad ó bhailiúcháin phríobháideacha teaghlaigh. Ceann amháin is ea comhad faisnéise IRA atá digitithe agus ar taispeáint don phobal den chéad uair, agus gruaig a bearradh ó bhean in ‘bobáil’ nó ‘bearradh pionóis’ an ceann eile. Fuarthas an ghruaig i seilbh Michael Barry nuair a gabhadh é i 1920.

Míreanna nua eile sa taispeántas is ea nóta a scríobh Airt Ó Gríofa nuair a síníodh an Conradh Angla-Éireannach inar dhearbhaigh sé “The end of the conflict of the centuries is at hand’; dornaisc RIC a bhí á gcaitheamh ag Seán Hogan nuair a thug Briogáid Thiobraid Árann den IRA slán é ag Cnoc Loinge, 1919; airm thrialacha a rinne an tIRA; míreanna a úsáideadh in éaluithe as príosúin Lincoln, Mhuinseo agus Chill Mhaighneann; lián as eitleán Briotanach a scriosadh ag Cill Fhíonáin, Co. Luimnigh, 1921; míreanna a d’úsáid 3ú Colún Reatha Chorcaigh Thiar le linn an Chogaidh Chathartha; stampa Chúirteanna na Dála, 1920; agus pas a eisíodh le linn Stailc Shóivéad Luimnigh, Aibreán 1919.          

Tá raon acmhainní ilmheán ag tacú leis an taispeántas seo, lena n-áirítear nuachtscannán ón tréimhse sin a chuir Institiúid Scannán na hÉireann ar fáil d’ócáidí stad agus cuardaigh, sochraidí, agus gabhálacha agus scrios a rinne an tIRA idir 1919 – 1923.

Dúirt an Dr Maurice Manning, Cathaoirleach an Ghrúpa Chomhairligh Saineolaithe ar Dheich mBliana na gCuimhneachán i dtaobh an taispeántais:

“Is iomaí dearcadh agus tuairim atá ann faoin tslí ar cheart na himeachtaí casta seo, agus na daoine a ndeachaigh siad i gcion orthu, a thabhairt chun cuimhne.  Ó thús deireadh Dheich mBliana na gCuimhneachán, tá aibíocht agus tuiscint léirithe againn mar phobal ar an am atá caite, trí é a thaiscéaladh agus glacadh lena chastachtaí agus lena mhiondifríochtaí ar shlí chuimsitheach mheasúil. 

Tá ról an-tábhachtach ag ár n-institiúidí náisiúnta sa phróiseas seo óir is coimeádaithe stair agus chultúr an phobail iad, ó thaobh deiseanna a thabhairt do dhaoine de gach aois agus ó gach traidisiún a machnamh a dhéanamh ar an tréimhse achrannach seo inár stair.   Tá an Músaem tar éis é sin a dhéanamh sa taispeántas seo, tríd an stair a chur i láthair ar an tslí thomhaiste sin atá chomh riachtanach sin.”

 

Dúirt Catherine Heaney, Cathaoirleach Ard-Mhúsaem na hÉireann:

“Mar institiúid náisiúnta chultúrtha, is é ról an Ard-Mhúsaeim i nDeich mBliana na gCuimhneachán scrúdú a dhéanamh ar théamaí agus ar eilimintí tábhachtacha de na cuimhneacháin cothrom céad bliain trí mheán na ndéantán agus na hoidhreachta ábhartha inár mbailiúchán. Trí na míreanna seo a chur ar taispeáint, tá i gceist againn spás a chur ar fáil inar féidir lenár gcuairteoirí machnamh a dhéanamh ar an stair agus bheith páirteach i gcomhrá mar gheall uirthi, a chuirfidh lena dtuiscint ar an tréimhse sin.”

 

Dúirt Lynn Scarff, Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann:

“Tréimhse achrannach i stair na tíre seo atá faoi chaibidil sa taispeántas seo, tréimhse a bhfuilimid ag fáil amach fúithi i gcónaí, agus ag iarraidh teacht chun réitigh léi. Táimid thar a bheith buíoch de na daoine a thug an comhad faisnéise IRA agus an ghruaig bhearrtha a fuarthas i seilbh Michael Barry ar iasacht don Ard-Mhúsaem.”

 

Dúirt Brenda Malone, Coimeádaí Chogaí na hÉireann 1919 – 1923:

“Gné ar leith den taispeántas athshamhlaithe de Chogaí na hÉireann is ea an fócas ar scéalta pearsanta na ngnáthdhaoine a bhí bainteach leis na gníomhartha uafásacha agus na tragóidí a tharla ar an dá thaobh. Agus muid á chur i dtoll a chéile, bhí an deis againn é a leathnú amach agus scéalta nár chualathas mórán roimhe seo, amhail scéal na mban a bhí páirteach sa chomhlint, a chur san áireamh ann.”

 

Ends//

Nóta d’Eagarthóirí

Fuair an taispeántas Saighdiúirí agus Taoisigh ardmholadh ón bpobal agus ó earnáil na músaem, nuair a osclaíodh é in 2006. Thug os cionn 2 mhilliún duine cuairt air ó shin, agus bhuaigh sé Duais na Comhairle Oidhreachta agus Chomhairle Músaem Thuaisceart Éireann don Taispeántas is Fearr 2009/2010.  Is é an taispeántas aonair is mó a cruthaíodh in Éirinn riamh é; tá breis is míle déantán ar taispeáint ann agus á léirmhíniú in ocht ngailearaí a chlúdaíonn 1700 méadar cearnach i mbloc suanleasa an tseandúin agus i bhfoirgneamh nua dhá urlár ar thús cadhnaíochta – an tUrtheach Míleata. Scrúdaítear sa taispeántas scéalta faoi thionchar an chogaidh agus na coimhlinte ar shaol mhuintir na hÉireann, idir fhir is mhná, ar fud an domhain, daoine a bhí ar fianas agus sibhialtaigh araon, faoi thrí théama ghinearálta – An tSaighdiúireacht sa Bhaile, An tSaighdiúireacht Thar Lear agus an tSaighdiúireacht sa 20ú agus sa 21ú hAois. Tá Cogaí na hÉireann bunaithe ar an téama deiridh sin (Gailearaí 6) agus is ann a scrúdaítear gnéithe míleata agus gnéithe den choimhlint le linn Chogadh na Saoirse agus an Chogaidh Chathartha, 1919-1923.

 

Beidh glao grianghraif ar siúl i nDún Uí Choileáin ar a 3 tráthnóna chun oscailt thaispeántas athchóirithe Chogaí na hÉireannn 1919-1923 a chomóradh, agus osclófar an taispeántas go hoifigiúíl ar a 6 tráthnóna. Tá cuirí faighte ag na meáin chuig an dá ócáid. Iarrtar ort an cuireadh seo a fhreagairt. Seol freagraí chuig:

Teagmhálaithe Meán Q4 Caidreamh Poiblí Sinéad McGovern 087 6411725 sinead@q4pr.ie  / Deirdre Geraghty 086 6031969 danielle@q4pr.ie

Grianghrafadóireacht: Cuirfidh Julien Behal Photography  087 -9782542 grianghraif ar fáil inniu

Mar gheall ar Ard-Mhúsaem na hÉireann:

Ceithre láthair atá ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, mar aon le Taisce Bailiúchán: 

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht (Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
  • Ionad Acmhainne na mBailiúchán (Sord) (Níl sé ar oscailt don phobal)

 Tá saorchead isteach in Ard-Mhúsaem na hÉireann Tá siopa agus caifé sa mhúsaem.

Uaireanta oscailte:

Dé Máirt – Dé Sathairn 10.00 am – 5.00 pm

Dé Domhnaigh agus Dé Luain 1.00 pm - 5.00 pm

 Oscail www.museum.ie/en/homepage.aspx  chun sonraí imeachtaí /gníomhaíochtaí a fháil.

 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions