Scipeáil chuig ábhar

21 Aibreán 2021: Taispeántas nua ar líne nochtar físeán uathúil faoin tslí le curach a thógáil mar aon le hábhar cartlainne

Michael Conneely, West Village, Inis Oírr, making a currach for the NMI in 1968

Is é an curach, lena dhearadh bunúsach de fhráma adhmaid agus craiceann uiscedhíonach, an ceann is fearr aithne ar bháid uile na hÉireann.

Faoi lár an fhichiú haois is beag ceann de na báid seo, a bhíodh coitianta tráth, a d’fheictí ar chósta na hÉireann agus ba lú fós líon na dtógálaithe curach a bhí fágtha leis an eolas a thabhairt anuas ó ghlúin go glúin. I 1968, d’aithin Ard-Mhúsaem na hÉireann go raibh an curach i mbaol agus mar gheall ar ról an Mhúsaeim i gcaomhnú rudaí oidhreachta chun leasa an phobail, chuir sé tús leis an bpróiseas chun curach a choimisiúnú don bhailiúchán náisiúnta.

Nuair a d’iarr an Dr AT Lucas, Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann ag an am, ar an mbéaloideasóir cáiliúil Ciarán Bairéad, mhol seisean Michael Conneely don obair. Ba shiúinéir agus feirmeoir é Michael a d’fhoghlaim an cheird óna athair féin, a bhí féinmhúinte den chuid is mó. Mar Mikey ab fhearr aithne ar Michael Conneely ina cheantar féin, ach tugadh Mac Johnny Tom Andie (mac Johnny Tom Andie), Mikey an tsiúinéara  (Mikey de chuid an tsiúinéara, mar siúinéir ab ea a athair) agus shíníodh sé a ainm Michael Conneely (John). Rinne sé curacha do dhaoine ar an dá Oileán Árann eile agus ar an mórthír agus bhí sé iontach cumasach ag a cheird.
Is taifead suntasach iomlán é ar scil thraidisiúnta déanta na gcurach an curach triúr fear críochnaithe atá19 troigh go leith, agus a chrann agus a sheol, os cionn dhá chéad grianghraf agus píosaí físeáin a thaispeánann an tógáil, mar aon le sonraí a logáladh isteach i nótaí agus i gcomhfhreagras an Ard-Mhúsaeim.

Tá an scannán uathúil, a leanann Michael Conneely go cúramach trí gach céim den phróiseas tógála, ar fáil anois le féachaint airt ar láithreán gréasáin an Ard-Mhúsaeim na hÉireann den chéad uair i dtaispeántas ar líne darb ainm Making a currach Michael Conneely.

Naoi gcuid atá san fhíseán ar www.museum.ie, ina dtugtar cuntas ar conas a d’ullmhaigh agus a d’ardaigh Conneely an 29 easna dharacha a thrasnaíonn faoi na suíocháin agus an 20 lata a chuirtear isteach ar an leithead le tairní, mar aon leis an gcraiceann canbháis a thomhas agus a fheistiú, sular cuireadh cumhdach tarra air lasmuigh agus laistigh chun go mbeadh sé díonach ar uisce. In ainneoin nach mbíodh ‘seol’ ag muintir na n-oileán ag an am, d’fheistigh sé crann agus seol ar iarratas ón Músaem, seol a rinneadh as ceaileacó, cineál cadáis neamhthuartha is éadroime ná canbhás.

Dúirt Lynn Scarff, Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann:

Rud is coitianta inniu, is é stair an lae amárach é agus cuid thábhachtach de shainchúram Ard-Mhúsaem na hÉireann is ea é ról gníomhach agus leanúnach a ghlacadh lena chinntiú go gcaomhnófar ár dtraidisiúin agus ár gcultúr do na glúine atá le teacht. Is sampla breá de seo an cháipéisíocht mhionsonraithe a rinneadh ar phróiseas cruthaitheach Michael Conneely i 1968, agus tá ár mbailiúchán náisiúnta níos saibhre inniu mar thoradh ar a thallann, agus ar fhadbhreathnaitheacht mo réamhtheachtaithe sa Mhúsaem a rinne an próiseas a ghabháil lena chaomhnú.

Dúirt Noel Campbell, coimeádaí ag Ard-Mhúsaem na hÉireannSaol na Tuaithe, Páirc Thurlaigh:
 

Tógálaí curach den scoth ab ea Mikey Conneely a fuair orduithe chun a churacha iontaofa a dhéanamh ó na hOileáin Árann agus ó na pobail ar chósta na Gaillimhe agus an Chláir. Tá an t-ádh linn go bhfaca an Dr Lucas, an coimeádaí John O’Sullivan agus an grianghrafadóir Brendan Doyle an tábhacht a bhain le duine de mháistrí tógála curach chósta an iarthair a thaifeadadh. Tá taighde á dhéanamh faoi láthair ar thaifeadtaí Mikey Conneely agus ábhar eile a bhaineann le báid ó Chartlann an Ard-Mhúsaeim mar chuid de ghailearaí nua atá beartaithe do Pháirc Thurlaigh ina ndíreofar ar bháid thraidisiúnta chósta an iarthair. Chuir Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe tús le clár nua d’obair allamuigh agus for-rochtana feadh ár gcósta Atlantach chun tuilleadh doiciméadaithe a dhéanamh ar bháid agus ar theicnící tógála traidisiúnta. Cuirfidh na torthaí lenár gCartlann agus cuirfidh siad go mór lenár gcuid oibre agus  ár dtaispeántaí amach anseo.”

In Making a Currach – Michael Conneely, tugann Máire Conneely, iníon Michael chun cuimhne na sceitimíní a bhí orthu ar fad an tseachtain ar thug lucht antArd-Mhúsaeim cuairt ar a mbaile ar Inis Oírr:

Is ar an ngaineamh taobh amuigh den teach a bhí an curach dá déanamh, mar sin bhí muide mar ghasúir in ann súil a choinnéail ar an obair ar fad. Bhí iontas orainn go raibh an méid sin spéise acu san obair agus iad ag scríobh síos chuile fhocal a dúirt m'athair. Dar ndóigh, bhí pictiúirí dhá dtógáil den obair ar fad. Bhí sé ina obair ag mo mháthair ag cur an ruaig orainn, ag fógairt orainn gan a bheith faoina gcosa!"


Tá níos mó ná 37,000 réad i mbailiúchán Saol na nDaoine d’Ard-Mhúsaem na hÉireann. Tá níos mó ná tríocha bád traidisiúnta Éireannacha sa bhailiúchán, agus is curacha iad 19 acu. Tá currach Michael Conneely ar taispeáint go buan in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh.”
Is féidir Making a Currach – Michael Conneely, a fheiceáil ar láithreán gréasáin Ard-Mhúsaem na hÉireann anseo
 
Ends//
 

Mar gheall ar Ard-Mhúsaem na hÉireann

Is é Ard-Mhúsaem na hÉireann príomhinstitiúid chultúrtha na tíre agus is ann a gheofar na bailiúcháin is fearr d’oidhreacht, cultúr agus stair na hÉireann. Saorchead isteach!
Ceithre láthair atá ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, mar aon le Taisce Bailiúchán: 

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht (Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath)

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath)

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath)

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.

  • Ionad Acmhainne na mBailiúchán (Sord) (Níl sé ar oscailt don phobal)

 
Tá na músaeim ar fad dúnta don phobal faoi Shrianta Leibhéal -19 ach is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar na hardáin seo a leanas:

Suíomh gréasáinwww.museum.ie
Facebook:  https://www.facebook.com/NationalMuseumofIreland
Twitterhttps://twitter.com/NMIreland
Instagram:  @nationalmuseumofireland


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions