Scipeáil chuig ábhar

17 Deireadh Fómhair 2024 Giotár cáiliúil Rory Gallagher le bheith mar chuid den bhailiúchán ag Ard-Mhúsaem na hÉireann

An Fender Stratocaster 1961 de chuid Rory Gallagher ag leagan ar Aimplitheoir Vox

Is féidir le hArd-Mhúsaem na hÉireann a dhearbhú gur cheannaigh Live Nation Gaiety Ltd an Fender Stratocaster 1961 de chuid Rory Gallagher d’fhonn é a dheonú d’Ard-Mhúsaem na hÉireann faoi Alt 1003 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.
 
Is ionann Alt 1003 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, agus faoiseamh cánach atá ar fáil i dtaca le míreanna tábhachtacha oidhreachta náisiúnta a dheonú do bhailiúchán náisiúnta na hÉireann.
In éineacht leis an Roinn Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tá an tArd-Mhúsaem i mbun próiseas chun an giotár cáiliúil a fháil le tamall anuas. D’éirigh le hArd-Mhúsaem na hÉireann freisin ‘giotár cúltaca’ Rory, Stratocaster 1958, a fháil.


Mar a labhair Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann Lynn Scarff’

“Tá ríméad an tsaoil orainn go bhfuil giotár Rory le bheith sa bhailiúchán náisiúnta. Tá sé ar dhuine de na ceoltóirí is cáiliúla de chuid na hÉireann, agus tá clú agus cáil ar chumas an ghiotáir a bhí ann, agus déantar an bua sin a cheiliúradh ar fud an domhain. Ómós cuí atá ann go mbeidh na giotáir seo mar chuid de bhailiúchán náisiúnta na hÉireann, lena gcur i dtaisce agus lena gcosaint do na glúnta amach anseo agus chun go mbeidh muintir na hÉireann agus daoine a thugann cuairt ar Éirinn in ann meas a léiriú orthu agus sult a bhaint astu.”
“Táimid buíoch de Live Nation Gaiety Ltd agus den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, a chuir ar chumas an Ard-Mhúsaeim é an Fender Stratocaster 1961 agus an Stratocaster 1958 a fháil."


Is faoiseamh cánach tábhachtach é Alt 1003 a thacaíonn le tabhartais dhaonchairdiúla leis an Músaem agus le hinstitiúidí cultúrtha náisiúnta eile”, a dúirt sí.
Tá sé beartaithe go mbeidh giotár Rory ar taispeáint mar chuid den taispeántas Éire ag Athrú, buantaispeántas nua i nDún Uí Choileáin an bhliain seo chugainn., chomh maith lena bheith ar taispeáint i gCorcaigh. 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions