Scipeáil chuig ábhar

11 Samhain 2022: Mionsamhail i Lego© de Ghleann Dá Loch sa Mheánaois ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht

Tá áthas ar Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht (AMÉ) deireadh seachtaine imeachtaí a óstáil a bheidh dírithe ar mhionsamhail LEGO de Ghleann Dá Loch a thaispeáint. 44,388 mbríc atá sa tsamhail, agus léiríonn sé an chuma a bhí ar láthair na mainistreach, b’fhéidir, sna meánaoiseanna. Beidh an balla LEGO is faide a rinneadh riamh, a rinne muintir Co. Chill Mhantáin, le feiceáil sa taispeántas, leis.


Is í an t-ealaíontóir bríce Jessica Farrell a thóg an mhionsamhail bunaithe ar an méid atá faighte amach ag seandálaithe faoin ngleann. I measc na rudaí atá sa mhacasamhail tá imeachtaí ón saol laethúil is dócha a bhí ag manaigh agus oilithrigh. Feicfear ann, leis, mionsamhlacha de chuid de na déantáin atá ar taispeáint i dtaispeántas Ghleann Dá Loch an Mhúsaeim. An samhradh seo, thug baill den phobal cuairt ar an mionsamhail i leabharlanna áitiúla ar fud Chontae Chill Mhantáin, agus ghlac siad páirt i gceardlanna LEGO. Faoi threoir Jessica Farrell, rinne siad míreanna de bhalla cloiche traidisiúnta i LEGO agus chruthaigh siad an balla is faide déanta as LEGO in Éirinn, breis agus dhá mhéadar déag ar fad. Beidh an tsamhail LEGO agus an balla araon ar taispeáint an deireadh seachtaine seo chugainn ag AMÉ-Seandálaíocht.

Dúirt Jessica Farrell, 'Beidh imeachtaí an deireadh seachtaine seo mar bhuaic ar thionscadal atá á fhorbairt le fada an lá, agus ar ghlac líon mór daoine páirteach go fonnmhar ann.  Tá an-áthas orm go mbeidh sé le feiceáil ag an oiread sin daoine óga, go háirithe anseo ag an músaem, áit ar féidir an tsamhail a fheiceáil taobh le déantáin ón bhfíorshaol agus ábhar léirmhínithe.’


Tá an mhionsamhail agus an balla sa mhúsaem le seachtainí beaga anuas agus d’fhreastail daoine atá i Soláthar Díreach ag Baile Seiscinn ar ghníomhaíochtaí sa mhúsaem, chun codanna breise den bhalla a dhéánamh, agus foghlaim, ag an am céanna, faoi na rudaí atá sa mhúsaem.

Dúirt Emer ó Ionad Bhaile Seiscinn ‘Bhí sé iontach leanaí agus daoine fásta a fheiceáil chomh gafa sin le scéal Ghleann Dá Loch. Bhí siad gafa go hiomlán sna ceardlanna Lego leis an ealaíontóir Jessica Farrell agus bhí deis acu scileanna fadhbréitigh a úsáid chomh maith le bheith cruthaitheach, a bhuíochas do gach duine a bhí páirteach.'  


Tionscnamh de chuid Fhóram Oidhreachta Ghleann Dá Loch a bhí sa mhacasamhail LEGO, agus is baill iad freisin de iCAN, líonra oidhreachta Ard-Mhúsaem na hÉireann. An Chomhairle Oidhreachta a mhaoinigh é, le tacaíocht ó Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Chill Mhantáin. Theastaigh uathu go léireodh an mhionsamhail an méid is féidir leis an tseandálaíocht a insint dúinn faoin saol laethúil agus faoi shéadchomharthaí i nGleann Dá Loch, agus thug seandálaí UCD an Dr Graeme Warren comhairle ar shonraí an ábhair. Mhínigh Fóram Oidhreachta Ghleann Dá Loch,

"Táimid thar a bheith sásta leis an obair iontach atá déanta ag Jessica leis an mionsamhail Lego Ghleann Dá Loch – a bhainfidh an tsúil as  daoine, i ndáiríre, agus a chuirfidh daoine i dteagmháil le hoidhreacht Ghleann Dá Loch ar bhealach iomlán difriúil.”

Thar dheireadh seachtaine Dé Sathairn 12 agus Dé Domhnaigh 13 Samhain, beidh na daoine a thugann cuairt ar an músaem in ann an mhionsamhail agus an balla a fheiceáil agus chomh maith leis sin, píosaí mósáic a rinneadh le linn ceardlanna sa leabharlann agus sa mhúsaem. Is féidir le daoine dul i ngleic le macasamhla de rudaí a bhaineann le seandálaíocht an ghleanna agus a gcuid scileanna breathnadóireachta a thástáil ag rianú saol laethúil mhuintir an ghleanna an uair sin. Tá bileog de ghníomhaíochtaí ann chun triail a bhaint as dath a chur ar líníochtaí de rudaí ón tréimhse sin, agus is féidir féachaint ar fhíseáin faoi sheandálaíocht na láithreach.

Dúirt Lynn Scarff, Ard-Mhúsaem na hÉireann: Bhí áthas orainn oibriú le Fóram Oidhreachta Ghleann Dá Loch chun an mionsamhail seo agus gníomhaíochtaí gaolmhara a chur os comhair an phobail. Is bealach taitneamhach é le foghlaim faoi na meánaoiseanna fadó agus an tuairim a fháil den chineál saol laethúil a bhí acu siúd a mhair sa ghleann seo i gContae Chill Mhantáin breis is míle bliain ó shin. Ós rud é gur oscail Ard-Mhúsaem taispeántas in 2020 a thaispeánann na déantáin ó Ghleann Dá Loch, is fiú féachaint ar na nithe sa taispeántas sin atá sa mhionsamhail, leithéidí bróig a d’fhéadfadh a bheith fágtha ina diaidh ag oilithreach mná.


Ceisteanna agus Freagraí
•             Cé a rinne an mhionsamhail Lego?           An t-ealaíontóir bríce, Jessica Farrell
•             Cé mhéad bríce Lego atá ann?                   44,388                                              
•             Cén fáth a ndearnadh é?                             Choimisiúnaigh Fóram Oidhreachta Ghleann Dá                                                                      é chun daoine a spreagadh agus a chur ar an eolas
                                                                                       faoi oidhreacht seandálaíochta Ghleann Dá Loch.
 
• Cé a rinne an balla Lego?                                        196 duine a bhfuil cónaí orthu i gCill Mhantáin a rinne an balla i sraith ceardlann i leabharlanna poiblí Chill Mhantáin i gcaitheamh samhradh 2022.
• Cá fhad atá sé?                                                          Tá sé dhá mhéadar déag ar fad
 

  •  Cad eile atá le feiceáil atá déanta as Lego?       Le linn sraith ceardlann phraiticiúil i gContae Chill

Mhantáin, ghlac 196 rannpháirtí de gach aois
inspioráid ón bplé ar an ealaín Cheilteach agus chruthaigh siad a bpatrúin féin i bhfoirm mósáicí beaga LEGO®.
 
• Cad atá le déanamh agus le feiceáil?                   Féachaint ar mhionsamhail LEGO de Ghleann Dá Loch, balla cloiche traidisiúnta LEGO, mósáicí LEGO, labhairt leis an bhfoireann faoi mhionasamhla de dhéantáin ón tréimhse sin, féachaint ar thaispeántas AMÉ Ghleann Dá Loch, líníochtaí de scrínte meánaoiseacha a dhathú agus, más duine beag thú, is féidir rud éigin a dhéanamh as Duplo.
                                            
• Conas is féidir le daoine an mhionsamhail
a fheiceáil agus páirt a ghlacadh san ócáid?          Ní gá áit a chur in áirithe. Is féidir bualadh isteach  chuig Ard-Mhúsaem na hÉireann - Seandálaíocht, ar Shráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2.


ENDS
 
 
 
Press and Information Office
Brian Houlihan – Marketing executive - Marketing Department - National Museum of Ireland
bhoulihan@museum.ie  087 411 0798
 
 
 
ABOUT THE NATIONAL MUSUM OF IRELAND:
The National Museum of Ireland has 4 public sites, and a Collections Repository:
National Museum of Ireland – Archaeology (Kildare Street, Dublin 2)
National Museum of Ireland – Natural History (Merrion Street,  Dublin 2) 
National Museum of Ireland – Decorative Arts & History (Collins Barracks, Dublin 7)
National Museum of Ireland – Country Life (Turlough Park, Castlebar, Co. Mayo)
Collections Resource Centre (Swords) (Not open to the public)
 
 Admission to the National Museum of Ireland and its Exhibitions is Free. 
See www.museum.ie
 
Museum Opening Hours;
Tuesday – Saturday 10.00am – 5.00pm
Sunday and Monday 1.00pm – 5.00pm
 
Visit www.museum.ie for details of ongoing events/activities.
Facebook:  https://www.facebook.com/NationalMuseumofIreland
Twitter: https://twitter.com/NMIreland
Instagram: @nationalmuseumofireland
 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions