***Tá 16 léiriú thraidisiúnta agus nua-aimseartha de shaghas ar leith de chathaoireacha Éireannacha faoi chaibidil in Ár gCathaoir Ghaelach – Athchuairt ar an Traidisiún***
Le scaoileadh láithreach: An 7 Deireadh Fómhair 2021: Déanfaidh taispeántas nua ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Páirc an Turlaigh, Caisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo, grúpa cathaoireacha Éireannacha, a bhailigh an Músaem ar feadh beagnach céad bliain, a chur ar taispeáint lena chéile den chéad uair.
Déantar machnamh in Ár gCathaoir Ghaelach – Athchuairt ar an Traidisiún ar shuíomh chathaoir ‘Thuama’ nó ‘Shligigh’ i scéal dearaidh na hÉireann le himeacht na mblianta. Seoladh an taispeántas inniu agus beidh bailiúchán iomlán AMÉ ar taispeáint ina bhfuil 16 de na cathaoireacha trí chos seo.
Bhí an-tóir riamh anall ar chathaoir Thuama nó Shligigh a spreag idir dhéantóirí agus dearthóirí ar feadh blianta fada. Is iad na gnéithe is suntasaí den chathaoir a thugtar faoi deara láithreach ná an suíochán triantánach agus an cúl cúng atá air. Síneann cos amháin in aon phíosa cuartha adhmaid le cúl na cathaoireach a chruthú. Déantar na cathaoireacha de dhair nó d’fhuinseog, de ghnáth, agus bíonn tacaí uillinne ar chuid díobh.
Ba in Dublin Penny Journal na bliana 1832 a bhí an chéad chuntas ar an gcathaoir a bhfuiltear eolach air, inar dúradh gur ‘cathaoir ársa dharach’ é a rinneadh i nDroim Chliabh, Contae Shligigh. Bhí cuntas ar an gcathaoir sa bhliain 1841 freisin i gContae na Gaillimhe in Hall’s Ireland. Choimisiúnaigh an scríbhneoir Éireannach W.B. Yeats siúinéir áitiúil chun roinnt de na cathaoireacha seo a dhéanamh don athchóiriú a bhí á dhéanamh aige ar a thúrtheach, Túr Bhaile Uí Laoigh, Contae na Gaillimhe.
Fiosróidh Ár gCathaoir Ghaelach – Athchuairt ar an Traidisiún freisin conas a tugadh traidisiún déanaimh cathaoireacha trí chos aníos ó ghlúin go glúin i measc ceardaithe. Choimisiúnaigh AMÉ an ceardaí ó Ghaillimh, Tom Dowd, chun ceann de na cathaoireacha a dhéanamh i 1996, agus beidh sé ar taispeáint sa taispeántas. Rinne Tom na cathaoireacha seo ar feadh go leor blianta agus bhí baint lárnach acu leis an rath a bhí ar Corrib Crafts, gnólacht troscáin lámhdhéanta a bhunaigh Al O’Dea i dTuaim go luath sna 1960idí. Bhunaigh Tom a ghnólacht, Dowd Furniture, i gCill Chonla, Contae na Gaillimhe sna 1980idí agus lean sé leis an gcathaoir a dhéanamh go dtí go ndeachaigh sé ar scor in 2010. I dturas an ama, ar an láthair ina mbíodh Corrib Crafts Al O’Dea suite tráth, rinne an leathchúpla dearthár, Gabriel agus John Blake, a bhí ina bprintísigh le Tom Dowd, gnólacht Corrib Crafts a athbheochan, agus tá an traidisiún déanaimh cathaoireacha seo á choimeád beo acu go fóill.
Beidh roinnt léirithe nua-aimseartha de chathaoir Thuama/Shligigh ar taispeáint freisin, anuas ar thionscadal ealaíne poiblí ó bhaile Thuama. Áirítear leis seo léarscáil intaglio den bhaile, grianghrafadóireacht agus cathaoireacha beaga Thuama, a rinne na healaíontóirí David Lilburn agus Jan Frohburg.
Tá ‘Cathaoir Cheatharlach’, a dhear agus a chruthaigh bean dúchais Cheatharlach, Sasha Sykes in 2005, ar taispeáint freisin. Fuair Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla agus Stair é in 2005 agus is gnách go mbíonn sé ar taispeáint ag Dún Uí Choileáin i mBaile Átha Cliath. Tá léirithe den chathaoir a dhear agus a rinne mic léinn an Lárionaid Sármhaitheasa i nDearadh Troscáin agus Teicneolaíochta ag GMIT Leitir Fraic ar taispeáint chomh maith.
Dúirt Lynn Scarff, Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann: “Ábhar spreagtha atá sa Chathaoir Éireannach do dhearthóirí agus déantóirí ar feadh na mblianta fada agus, mar gheall go bhfuil athbheochan á tabhairt faoi deara i gceardaíocht agus dearadh Éireannach le blianta beaga anuas, machnamh tráthúil atá sa taispeántas seo ar lámhcheardaíocht inbhuanaithe an ama atá imithe thart agus an ama atá amach romhainn. Ní raibh an oiread céanna de na cathaoireacha seo ar taispeáint le chéile riamh roimhe seo, agus spreagaimid cuairteoirí an taispeántas a fheiceáil agus taitneamh a bhaint as ceardaíocht na gcathaoireacha níos sine agus as an léirmhíniú iontach nua-aimseartha a bhronn déantóirí ar an dearadh clasaiceach seo le blianta beaga anuas.”
Dúirt Rosa Meehan, Coimeádaí Ár gCathaoir Ghaelach – Athchuairt ar an Traidisiún: “Tá súil agam go spreagfaidh an taispeántas seo comhráite faoi dhearadh troscáin agus faoi scileanna traidisiúnta Éireannacha. Léiríonn an taispeántas seo nach gcuimsítear i mbailiúcháin Mhúsaeim ach rudaí ón aimsir atá imithe tharainn, ach go spreagann siad dearthóirí agus déantóirí. Tá an bailiúchán seo cathaoireacha mar chuid dár dtraidisiún beo. Is féidir leo cuimhní a ionchollú agus tá siad mar chuid dár n-aitheantas.”
Dúirt Tom Dowd, ceardaí agus déantóir ‘cathaoir Thuama’: “Is neamhghnách don chathaoir i lár an taispeántais seo - tá trí chos agus cúlphíosa amháin air - ach tá sé thar a bheith simplí, mar sin féin. Ach ba dheacair agus ba chasta an próiseas é cathaoir Thuama a dhéanamh ar bhealach a léiríonn go bhfuil sé an-simplí - bhí an oiread sin cúraim agus airde le tabhairt ar na sonraí. Tá traidisiún an-sean á chaomhnú inniu againn agus is álainn an chathaoir a fheiceáil in go leor áiteanna – idir oifig agus séipéal. Tá sé thar a bheith deas nuair a thagaim ar chathaoir arb eol dom go ndearna mé é. Is iontach go bhfuil an taispeántas seo ar siúl agus go ndírítear ar an gcathaoir seo, a bhfuil cuid de stair an réigiúin agus de throscán agus de dhearadh na hÉireann déanta de.
Dúirt Paul Leamy, Ceann an Lárionaid Sármhaitheasa i nDearadh Troscáin agus Teicneolaíochta ag GMIT Leitir Fraic: “Bhí gliondar croí orainn oibriú le hArd-Mhúsaem na hÉireann ar an tionscadal spreagúil seo. Cuireadh an dúshlán roimh ár mic léinn freagairt do threoir spreagthach dhearaidh. Léirmhínithe éachtacha comhaimseartha iad dearaí deiridh na gcathaoireacha de chathaoireacha bunúla Thuama/Shligigh, ach léiríonn siad meas, mar sin féin, ar mháistrí an ama a chuaigh thart.”
Tá Ár gCathaoir Ghaelach – Athchuairt ar an Traidisiún ar oscailt anois ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Páirc an Turlaigh, Caisleán an Bharraigh - tá cead isteach saor in aisce.
Críoch //
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
Teagmhálaithe a dhéanann na meáin - Q4 Public Relations:
· Jack O’Donnell jackodonnell@q4pr.ie 087 6607593
· Sabrina D’Angelo sabrina@q4pr.ie 086 0323397
Eolas faoi Ard-Mhúsaem na hÉireann
Is é Ard-Mhúsaem na hÉireann príomhfhoras cultúrtha an náisiúin agus is ann atá na bailiúcháin is mó d’oidhreacht, de chultúr agus de stair na hÉireann. Tá cead isteach saor in aisce.
Tá 4 shuíomh agus Taisclann Bhailiúchán ag Ard-Mhúsaem na hÉireann:
- Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht (Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath)
- Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath)
- Ard-Mhúsaem na hÉireann – Na hEalaíona Maisiúla agus Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath)
- Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe (Páirc an Turlaigh, Caisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo)
- An tIonad Acmhainní Bailiúchán (Sord) (Níl seo ar oscailt don phobal)
Láithreán gréasáin: www.museum.ie
Facebook: https://www.facebook.com/NationalMuseumofIreland
Twitter: https://twitter.com/NMIreland
Instagram: @nationalmuseumofireland
EOLAS FAOI NA DÉANTÓIRÍ
Tom Dowd, Dowd Furniture agus John agus Gabriel Blake, Corrib Crafts
Thosaigh Corrib Crafts i dTuaim, Contae na Gaillimhe leis an gcathaoir trí chos a dhéanamh sna 1960idí. Bhunaigh Al O’Dea (1912-2000) an chuideachta. Ba shiúinéir Tom Dowd agus is cuimhin leis gur úsáideadh seanchathaoir mar theimpléad, nó mar dhearadh, do chathaoir trí chos Corrib Crafts.
Bhunaigh Tom Dowd a ghnólacht féin rathúil sna 1980idí, Dowd Furniture, ag Cill Chonla, Contae na Gaillimhe. Lean sé le cathaoireacha trí chos a dhéanamh go dtí go ndeachaigh sé ar scor in 2010. Choimisiúnaigh AMÉ é cathaoir a dhéanamh i 1996 agus beidh sé ar taispeáint sa taispeántas.
Bhunaigh an leathchúpla dearthár, John agus Gabriel Blake, cuideachta nua ar láthair bhunúil Corrib Crafts le Al O’Dea, i dTeach Scoile an Mheal, Tuaim. Ba phrintísigh iad tráth le Tom Dowd agus lean siad leis an saghas seo cathaoireach a dhéanamh, anuas ar throscán eile saincheaptha. Fuair Rannán Shaol Tuaithe na hÉireann ceann de chathaoireacha dheartháireacha de Bláca i mbliana agus is féidir é a fheiceáil freisin in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe.
Tionscadal Ealaíne Poiblí
Tá ceangal stairiúil idir an chathaoir trí chos agus Tuaim i gContae na Gaillimhe. Cuireann tionscadal ealaíne poiblí leis an gceangal láidir seo. Chonacthas do na healaíontóirí David Lilburn agus Jan Frohburg go bhféadfadh an chathaoir suaitheantas inaitheanta a sholáthar don bhaile. Le cabhair ón Ard-Mhúsaem, rinne siad taighde ar bhunús na cathaoireach, a toisí beachta agus an bealach a dhéantar é. In 2016, chuir na healaíontóirí 12 dhealbh in airde ar fud Thuama, agus tá roinnt díobh suite go hard ar leaca nó ar leaca fuinneoige. Is féidir roinnt díobh a fheiceáil suite go dlúth i gcúinní nó ar phiaraí in abhainn na hAiní. Meallann dealbha beaga cathaoireach aird ar áiteanna a dtugtar neamhaird orthu murach sin. Tugadh ‘cathaoireacha Thuama’ orthu. Teilgeadh i miotal iad agus rinneadh iad a phéinteáil le dath dearg agus bunaíodh na dealbha seo ar an gcathaoir ársa Éireannach.
Sasha Sykes
Chruthaigh an t-ealaíontóir agus an dearthóir Sasha Skyes cathaoir a bhí spreagtha ag cathaoir Shligigh in 2005, agus ainmníodh é in ómós do Cheatharlach, an áit arb as di. Déantar ‘Cathaoir Cheatharlach’ d’ábhair éagsúla agus trí phróiseas éagsúil, is é sin, leathán, aicrileach, roisín teilgthe agus caonaigh. Tá caonaigh, léicean, féir agus cipíní a bhailigh an t-ealaíontóir leabaithe i gcúl na cathaoireach ar a bhfuil cuar beag. Bíonn an chathaoir ar taispeáint de ghnáth in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Na hEalaíona Maisiúla agus Stair ag Dún Uí Choileáin.
Mic Léinn GMIT i Leitir Fraic
Chruthaigh mic léinn an dara bliain ag GMIT Leitir Fraic - an Lárionad Náisiúnta Sármhaitheasa i nDearadh Troscáin agus Teicneolaíocht, píosaí mar fhreagairt don Chathaoir Éireannach, agus beidh roinnt díobh ar taispeáint freisin mar chuid den Taispeántas.