Scipeáil chuig ábhar

4ú Iúil 2022: Eamon de Valera 1919 Gunnán A Bronnadh le Deireanas ar Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla & Stair

Dé Luain 4ú Iúil 2022

Inniu chomóir Ard-Mhúsaem na hÉireann bronntanas tábhachtach de ghunnán ó Éamon Ó Cuív d’Ard-Mhúsaem na hÉireann. Fuair Eamon de Valera an gunnán i Nua-Eabhrac, 1919 agus chuir sé i dtaisce le duine muinteartha leis i Rochester, Nua- Eabhrac.

De réir stair bhéil an teaghlaigh, tugadh an gunnán mar bhronntanas d’Eamon de Valera, ar mhaithe leis féin a chosaint is dócha nuair a tháinig sé go Nua-Eabhrac i Meitheamh 1919 chun Poblacht na hÉireann a chur chun cinn ina ról mar Uachtarán Dháil Éireann, nuair a chaith sé 18 mí (Meitheamh 1919 go Nollaig 1920) i SAM ag bailiú airgid agus ag lorg tacaíocht pholaitiúil don Phoblacht Éireannach nua.

Is dócha gur duine de na hÉireannaigh a bhí ann cheana, leithéidí Liam Mellows nó Harry Boland, nó ball de na grúpaí Gael-Mheiriceánacha ar nós Chlann na Gael – Joseph McGarrity a thug an gunnán do de Valera.  Níor dhuine é de Valera a d’iompródh arm cosanta pearsanta, agus thug sé é dá chol ceathrar Mary Connolly nuair a chuaigh sé ar cuairt chuig gaolta leis i Rochester, Nua-Eabhrac, ar cheann de chuairteanna éagsúla a thug sé orthu fad a bhí sé i Meiriceá. Ag an am sin bhí a mháthair (Catherine de Valera, Wheelwright) agus a deirfiúr agus a teaghlach ina gcónaí i Rochester. Thug sise an gunna dá gharmhac Allen Johnson. 

In 2019 tugadh cuireadh d’Éamon Ó Cuív agus dá bhean Áine chuig paráid Lá Fhéile Pádraig áit a raibh Éamon ina Ard-Mharascal ar son an cheangail a bhí ag Éamon de Valera le Rochester le linn a fheachtais i SAM i 1919.  Ag cruinniú clainne bhronn Allen Johnson an gunnán ar Éamon Ó Cuív, agus bheartaigh sé ansin é a bhronnadh ar an Ard-Mhúsaem. 

Dúirt Éamon Ó Cuív; “Ba mhór an t-iontas agus an pléisiúr an cuimhneachán speisialta seo de chuairt stairiúil Éamon de Valera céad bliain roimhe sin a bhronnadh orainn agus an nasc stairiúil idir Rochester Nua-Eabhrac agus streachailt na hÉireann ar son an neamhspleáchais a athchothú. Beidh mé i gcónaí faoi chomaoin mhór ag Allen as an bhflaithiúlacht a léirigh sé agus an bronntanas seo á thabhairt dom féin agus do mo bhean Áine.”

Bronnadh an gunnán inniu ar Lynn Scarff, Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann, a thug faoi deara go raibh sé d’onóir ag Ard-Mhúsaem na hÉireann an bronntanas tábhachtach seo a fháil, a chuirfidh go mór leis an mBailiúchán Náisiúnta agus a choinneofar go slán sábháilte do na glúnta atá le teacht ag Ard-Mhúsaem na hÉireann.  
Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla & Stair 
Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7

ENDS



Oifig Preas agus Faisnéise
Maureen Gaule – Bainisteoir Margaíochta - Roinn Margaíochta - Ard-Mhúsaem na hÉireann
mgaule@museum.ie  087 9031690


 
Íomhánna ar fáil ó Paul Sherwood Ríomhphost - paul@sherwood.ie
paul@sherwood.ie  087 2309096

MAR GHEALL AR ARD-MHÚSAEM NA hÉIREANN
Ceithre láthair atá ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, mar aon le Taisce Bailiúchán: 
Ard-Mhúsaem na hÉireann– Seandálaíocht (Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2)
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2) Dúnta faoi láthair, de bharr oibreacha leanúnacha
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7)
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe (Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo)
Ionad Acmhainne na mBailiúchán (Sord) (Dúnta don phobal)
 
Tá saorchead isteach in Ard-Mhúsaem na hÉireann agus ar a thaispeántais.  
Féach www.museum.ie 

Uaireanta Oscailte an Mhúsaeim;
Dé Máirt – Dé Sathairn 10.00am – 5.00pm
Dé Domhnaigh agus Dé Luain 1.00pm – 5.00pm

Oscailt Dhéanach an tSamhraidh Déardaoin go dtí 8pm 
Ard-Mhúsaem na hÉireann– Seandálaíocht (Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2)
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7)

Oscail www.museum.ie chun sonraí d’imeachtaí/de ghníomhaíochtaí leanúnacha a fháil.
Facebook:  https://www.facebook.com/NationalMuseumofIreland
Twitter: https://twitter.com/NMIreland
Instagram: @nationalmuseumofireland

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions