Ceiliúrtar sa taispeántas sealadach nua, Mary Anne Fanning: I gCuimhne ar ár Mná Cabhracha Pobail, a osclaíonn in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe i bPáirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, an méid a chuir mná cabhracha pobail le cúram máithreachais in Éirinn go luath san 20ú haois, rud nár tugadh mórán aitheantais dó roimhe seo.
Tionscadal de chuid Líonra Cartlainne Pobail na hÉireann (iCAN) atá sa taispeántas seo. Bunaíodh iCAN in 2009 mar thionscnamh de chuid an Ard-Mhúsaem, agus cuirtear ar fáil é i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Oidhreachta agus Oifigigh Oidhreachta Áitiúla rannpháirteacha.
Tacaíonn sé le grúpaí deonacha chun stair agus oidhreacht a bpobail a bhailiú, a thaifeadadh agus a chomhroinnt ar líne. Is ócáid thábhachtach do iCan agus don Ard-Mhúsaem an taispeántas Mary Ann Fanning: I gCuimhne ar Ár Mná Cabhracha Pobail de bhrí gurb í seo an chéad uair do thionscadal iCAN a bheith lárnach i dtaispeántas ag an Ard-Mhúsaem.
Is é saol Mary Anne Fanning, a d’oibrigh mar Bhean Chabhrach agus Altra Ceantair i gCo. Chiarraí agus ansin i mBaile Gháire, Co. Bhaile Átha Cliath, le linn saol oibre 48 bliain, croílár an taispeántais. Insítear, leis, scéalta mhná cabhracha agus altraí ó Cho. an Chláir, Co. Chorcaí, Co. na Gaillimhe, Co. Mhaigh Eo, Co. Thiobraid Árann & Co. Chill Mhantáin, bunaithe ar thaighde a rinne 22 grúpa i Líonra Cartlainne Pobail na hÉireann (iCAN).
Cuireadh tús le rialú an chnáimhseachais in Éirinn i 1918, roimh bhunú an Stáit agus tá sé ar siúl i gcónaí. D’athraigh cúrsaí breithe go mór le linn an ama seo. Ag an mbaile a saolaíodh formhór na leanaí ag tús an 20ú haois, ba é 30% an líon sin sna 1950í, 3% sna 1970í, agus 0.3% sna 1990í. Tháinig méadú le déanaí ar líon na mban a dhéanann breith sa bhaile a phleanáil, agus tá an t-éileamh i bhfad níos mó ná mar is féidir leis na seirbhísí príobháideacha agus poiblí faoi stiúir cnáimhseoirí a chomhlíonadh.
Tá roinnt nithe sa taispeántas a bhain le Mary Anne Fanning, lena n-áirítear a mála cnáimhseachais leathair 124 bliain d’aois, a úsáideadh chun cúnamh leighis a thabhairt don cheannasaí sinsearach Thomas Ashe, agus d’Óglaigh eile le linn Éirí Amach 1916.
Bhí aithne ag muintir na háite ar Mary Anne agus chuirtí fáílte roimpi i gcónaí, agus í ag taisteal ar a rothar, i ngach cineál aimsire, an mála cnáimhseachais i gciseán a rothair. D’fhéadfadh sí a bheith imithe óna teaghlach féin ar feadh laethanta agus oícheanta as a chéile. Bhí súil chun tosaigh aici i gcónaí, is cosúíl, agus bean neamhspleách a bhí inti ar go leor bealaí. Cheannaigh sí gluaisteán Model Ford T níos faide amach ina saol chun cabhrú léi ina cuid oibre.
Bhí meas chomh mór sin ag daoine ar a cuid oibre gur pléadh ceist a ceada peitril sa Dáil le linn an Dara Cogadh Domhanda agus fuarthas freagra ón Aire Soláthairtí, Seán Lemass. Tá doiciméid den chomhrá seo le feiceáil sa taispeántas.
Feictear ann, leis, cuid dá hionstraimí leighis, a teastais chnáimhseachais, a biúró scríbhneoireachta, agus gúna baiste ó 1902 atá fós in úsáid ag an teaghlach.
I bhfíseán, cloisfear cuimhní cinn a garpháistí agus feicfear gearrthóg scannáin de Mary Anne, chomh maith le péintéireacht ola a rinne a hiníon garpháiste, agus filíocht ina cuimhne. Léiríonn taifeadtaí fuaime an saol a bhí ag bean chabhrach tuaithe, an cnáimhseachas nua-aimseartha, agus nósanna breithe, le léargais ó Kathleen Ward, ball 93 bliain d'aois de phobal an Lucht Siúil.
Beidh deis ag cuairteoirí éisteacht le taifeadtaí fuaime, scéalta a léamh ar scáileáin tadhaill, agus machnamh pearsanta ó mhná cabhracha agus a dteaghlaigh. Tugtar cuireadh don phobal a gcuimhní féin a chur in iúl trí Leabhar Cuimhní na mBan Cabhrach, a spreagann machnamh ón bpobal ar ról an chnáimhseachais i bpobail na hÉireann.
Is iad an coimeádaí pobail Emma Laffey, Grúpa Oidhreachta na Sceachánach & a Cheantair, Contae na Gaillimhe, le tacaíocht ó chomhchoimeádaithe an Dr Éimear O’Connor, Stiúrthóir Bailiúcháin & Rochtana, Ard-Mhúsaem na hÉireann, agus Lorna Elms, Oifigeach Forbartha iCAN Development a rinne an taighde agus an coimeád ar an taispeántas. Bhí Deirdre Naughton, Stiúrthóir an Chnáimhseachais ag Ospidéal Portiuncula a labhair mar aoi-chainteoir ag seoladh an taispeántais inniu.
Ba í Emma Laffey, cúntóir cúram sláinte sa roinn máithreachais ag Ospidéal Portiuncula, Co. na Gaillimhe, agus máthair seisear, a thug faoin taighde ar stair na mban cabhrach agus í ag déanamh taighde ar stair a teaghlaigh féin. Nuair a fuair Emma amach gur cailleadh a sin-seanmháthair le “tnáitheadh máthar”, thosaigh sí ag fiosrú an róil mhóir a bhí ag mná cabhracha pobail in Éirinn go luath san 20ú haois. D’fhoilsigh sí leabhar, An Bhean Ghlúine, leabhar a bhfuil duais buaite aige, inar cíoradh an saol a bhí ag na “mná glúine” nó “mná áisiúla” seo. An Chomhairle Oidhreachta a mhaoinigh an leabhar seo agus ba é an inspioráid don taispeántas sealadach nua seo in Ard-Mhúsaem na hÉireann i gCo. Mhaigh Eo.
Dúirt Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann, Lynn Scarff; “Is ómós é an taispeántas seo d’obair iontach na mban cabhrach pobail, ar chabhraigh a ndúthracht agus a gcúram le saol líon mór teaghlach ar fud na hÉireann a mhúnlú. Is ócáid é an taispeántas seo le hómós a thabhairt d’oidhreacht na mban cabhrach, ach déanaimid ceiliúradh freisin ar dhúthracht na n-oibrithe deonacha agus na ngrúpaí oidhreachta atá ag caomhnú agus ag comhroinnt na scéalta suntasacha seo i gcartlanna digiteacha. Is meabhrúchán cumhachtach é ar a luachmhaire atá stair an phobail chun tuiscint a fháil ar ár stair i bpáirt mar phobal.”
Dúirt an Coimeádaí Pobail, Emma Laffey, leis; “Trí mo chuid oibre mar chúntóir cúram sláinte, chuir mé suim riamh san am inar saolaíodh gach leanbh sa bhaile. Bhí go leor contúirtí ann don mháthair agus don leanbh araon an uair sin. Bhí sé an-suimiúil dom tuiscint a fháil ar na mná a threoraigh máithreacha tríd an ócáid sin, go háirithe nuair a fuair mé amach go bhfuair mo shin-seanmháthair féin bás de “tnáitheadh máthar”. Fuair na mná seo an ceann is fearr ar an oiread sin bacainní chun oideachas a fháil agus oibriú dóibh féin. Crainn taca ina pobal féin ab ea iad, agus tá lúcháir orm go bhfuil an t-aitheantas atá tuillte acu á thabhairt dóibh.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta, Virginia Teehan: “B’ábhar mórtais don Chomhairle Oidhreachta leabhar Emma Laffey, An Bhean Ghlúine, údar spreagtha an taispeántais seo, a mhaoiniú. Meabhraíonn leabhar Laffey agus an taispeántas seo dúinn an tábhacht a bhaineann le mná cabhrach áitiúla ó thaobh cúram pobail atá íogair ó thaobh an chultúir de a sholáthar, díriú ar dhúshláin ar leith ar nós iargúltacht, rochtain theoranta ar áiseanna leighis, agus an gá atá le cúram pearsantaithe. Agus aitheantas á thabhairt do na banlaochra seo, moltar iad as a bheith féinleorga agus eolas traidisiúnta faoi chúram sláinte laistigh den cheantair a chaomhnú. Táimid ag tacú go leanúnach le iCAN chun guth a thabhairt do phobail áitiúla agus is údar aoibhnis dom é a fheiceáil ag dul ó neart go neart agus ag leathnú ar fud na tíre.”
Dúirt Oifigeach Forbartha iCAN, Lorna Elms; “Tugann iCAN oiliúint d’oibrithe deonacha chun cartlanna digiteacha a chur i dtoll a chéile dá bpobail. Tá an obair a dhéanann na hoibrithe deonacha seo thar a bheith luachmhar: caomhnaíonn siad an stair agus an oidhreacht áitiúil ionas go gcothaítear ceangal idir glúine agus mórtas áite i measc an phobail ar fad. Ar bhealach, is léiriú é an taispeántas eo ar an méid is féidir le pobail a dhéánamh nuair a thugtar an chumhacht dóibh a stair féin a dhoiciméadú. Tá lúcháir orm stádas taispeántais san Ard-Mhúsaem a bheith bronnta ar chuid den eolas sin.”
Dúirt Pacelli Linscheid, gariníon le Mary Anne Fanning; “Táim thar a bheith bródúil as an meas atá á léiriú ag Ard-Mhúsaem na hÉireann ar oidhreacht mo sheanmháthar, ar an tslí seo. Is údar spreagtha do ghlúine i ndiaidh a chéile dár dteaghlach an obair mhór a rinne sí ina pobal féin chun cabhrú le teaghlaigh nuair ba mhó a bhí gá acu léi.”
Beidh clár poiblí ag gabháil leis an taispeántas. I measc na mbuaicphointí tá caint ar mhná cabhracha pobail le Emma Laffey (19 Deireadh Fómhair), caint le Lisa McGeeney ar ghairmiúlacht an altranais agus an chnáimhseachais in Aontais Dhlí na mBocht idir 1882 agus 1922 (17 Samhain), taispeántas lása ó Thionscadal Lása Áth Cinn (6 Nollaig), agus ceardlann chun gligíní linbh a dhéanamh (7 Feabhra). I measc na n-imeachtaí eile tá cainteanna ar ghairmiúlacht altranais, traidisiúin chnáimhseachais, agus ceardlann ghinealais cnáimhseachais.
Beidh an taispeántas sealadach seo, Mary Anne Fanning: I gcuimhne ar ár Mná Cabhracha Pobail ar siúl ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe i Maigh Eo go dtí Márta 2025. Saorchead isteach!
Ends//
To view high-res images of some objects featured in the exhibition click here
Photography to be issued by Brian Farrell, brianfarrellphotographer@gmail.com, 087 982 8412
NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ:
Teagmhálaithe Meán: Q4 Caidreamh Poiblí
Sinéad McGovern sinead@q4pr.ie 087 6411725
Sabrina D’Angelo sabrina@q4pr.ie 086 0323397
Mar gheall ar Ard-Mhúsaem na hÉireann
Is é Ard-Mhúsaem na hÉireann príomhinstitiúid chultúrtha na tíre agus is ann a gheofar na bailiúcháin is fearr d’oidhreacht, cultúr agus stair na hÉireann. Saorchead isteach!
Ceithre láthair atá ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, mar aon le Taisce Bailiúchán:
-
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht (Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath)
-
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath)
-
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath)
-
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
-
Ionad Acmhainne na mBailiúchán (Sord) (Níl sé ar oscailt don phobal)
Suíomh gréasáin: www.museum.ie
Facebook: https://www.facebook.com/NationalMuseumofIreland
Twitter: https://twitter.com/NMIreland
Instagram: @nationalmuseumofireland
Maidir le Líon Cartlainne an Phobail Ghaelaigh – iCAN www.ouririshheritage.org
Is éard is Cartlanna Pobail ann ná bailiúcháin a léiríonn stair, féiniúlacht, taithí nó suim atá i bpáirt ag daoine. Is pobal a chruthaíonn iad agus is leis an bpobal iad. Is é príomhaidhm iCAN grúpaí deonacha a spreagadh agus a thacú chun stair agus oidhreacht a bpobail a bhailiú, a dhigitiú agus a roinnt ar líne.
Ó 2009 i leith, thacaigh iCAN le cruthú 36 chartlann dhigiteach ar líne sa Chlár, i gCorcaigh, i nGaillimh, i Maigh Eo agus Cill Mhantáin, agus tá trí cinn eile á bhforbairt faoi láthair.
Tá os cionn 230 oibrí deonach ag bainistiú agus ag tacú leis na cartlanna pobail atá ann cheana féin.
Le chéile, tá uaillmhianta acu chun tacú le forbairt ar a laghad 80 cartlann dhigiteach ar fud na hÉireann faoi 2028.
Tugadh 5.3 cuairt ó 230 tír, nó 16,400 cathair, ar fud an domhain, ar líonra iCAN uair – tá iniúchadh déanta ar níos mó ná 7.5 leathanach d’ábhar oidhreachta na hÉireann.
Tugtar cuireadh don phobal cuairt a thabhairt ar na cartlanna digiteacha i Líonra Cartlainne Pobail na hÉireann (iCAN), ábhar a chur leo agus obair dheonach a dhéanamh dóibh, más féidir. Tá liosta iomlán na gcartlann ar fáil ag www.ouririshheritage.org