Mar gheall ar shrianta COVID-19 Leibhéal 5, agus de réir Chreat Náisiúnta an Rialtais um Maireachtáil le COVID-19, dúnfar Ard-Mhúsaem na hÉireann do chuairteoirí ó 12.30 pm Oíche Nollag (24 Nollaig) nó go bhfógrófar a mhalairt.
Is iad na ceithre láithreán i dtrácht:
-
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7
-
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo
-
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath
-
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra, Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath
Le linn an ama seo, tugaimid cuireadh duit bheith linn ar líne trínár réimse acmhainní, gníomhaíochtaí, turas, dánlann agus taispeántas.
-
Brabhsáil rogha de hamharcóirí gailearaí 3T agus turais fhíorúla
-
Faigh gníomhaíochtaí chun taitneamh a bhaint astu in éineacht leis an Músaem sa Bhaile
-
Tabhair an Músaem chuig do sheomra ranga lenár n-imeachtaí agus acmhainní nua do scoileanna
-
Fan ceangailte! Lean muid ar Facebook, Twitter agus Instagram
-
Liostáil lenár gcainéal Youtube chun nuashonruithe a fháil nuair a dhéantar turais nua agus cainteanna a fhoilsiú nó a shruthú
-
Faigh amach conas is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hArd-Mhúsaem na hÉireann le linn an dúnta Leibhéal 5 seo
-
Liostáil lenár nuachtlitir chun nuashonruithe agus nuacht faoin Músaem a fháil díreach chuig do bhosca isteach
Seiceáil ar ár suíomh Gréasáin agus ar na meáin shóisialta go rialta le haghaidh tuilleadh nuashonruithe do chuairteoirí de réir mar a bhíonn siad ar fáil.
Táimid ag tnúth le fáilte a chur romhat ar ais chuig ár Músaeim a luaithe is féidir.