Tá réimse d'earraí againn a thugann léárgas ar na bailiúcháin uathúla atá lonnaithe in Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla & Stair.
Sna siopaí seo tá réimse an-spreagúil d'fhéiríní, bréagáin do leanaí agus leabhair a bhaineann le stair mhíleata na hÉireann, faisean agus dearadh.
Foilseacháin an Mhúsaeim
Tá foilseacháin ar fáil faoi na taispeántais bhuana agus shealadacha araon, lena n-áirítear: Soldiers & Chiefs, Albert Bender - A Dubliner's Collection of Asian Art and Irish High Crosses.
Fiafraigh faoi chatalóga do thaispeántais san am atá thart amhail:
- Rock Chic
- Stail Mhara
Tá leabhair againn freisin faoi stair Dhún Uí Choileáin.
Sainleabhair
Ag díriú ar dhearadh, ailtireacht, fhaisean, stair, ábhar spéise ginearálta na hÉireann, agus réimse leathan leabhar do leanaí.
Bréagáin Thraidisiúnta do Leanaí:
Caisil, yóyónna, míreanna mearaí, puipéid agus mionsamhlacha de charranna agus eitleáins.
Scaifeanna agus Fallaingeacha
Oiriúintí olla lámhdhéanta Éireannacha i mórán stíleanna agus dathanna éagsúla.
T-léinte
Ag gabháil lenár dtaispeántas Saighdiúirí & Taoisigh.
Earraí Gloine
Píosaí Jerpoint coimisiúnaithe ónár mbailiúcháin.
Mionsamhlacha
Réimse eisiach de shaighdiúirí mionsamhlacha ó reisimintí na hÉireann san am atá thart, deartha go speisialta do shiopa an Mhúsaeim.
Páipéarachas
Cártaí beannachta, boscaí scríbhneoireachta, pinn agus pinn luaidhe.